Aistriúchán beo ceamara Google Translate ar fáil i nGaeilge

Ceadaíonn feidhm an aistriúcháin bheo cheamara ar aip Google Translate do dhuine comharthaí, biachláir nó téacs ar bith eile i dteanga iasachta a aistriú ach ceamara fóin a dhíriú orthu

Aistriúchán beo ceamara Google Translate ar fáil i nGaeilge

Beidh feidhm an aistriúcháin bheo cheamara ar aip Google Translate ar fáil i nGaeilge ón lá inniu ar aghaidh.

Tá an Ghaeilge ar cheann den 60 teanga a cuireadh leis an aistriúchán beo ceamara ar an aip, rud a fhágann go bhfuil an fheidhm sin ar fáil i gcás 89 teanga anois.
Le blianta beaga anuas cuireadh an fheidhm aistriúcháin bheo cheamara seo le haip Google Translate. Níl le déanamh ag duine anois ach an fón cliste a dhíriú ar chomharthaí, biachláir agus téacs ar bith eile i dteanga iasachta agus aistreoidh an fheidhm seo ar an aip iad.
Go dtí an lá inniu, 40 mórtheanga a d’aistríodh an córas sin go Béarla.
Tá gné eile curtha ag Google leis an bhfeidhm seo sa leagan is déanaí den aip – ‘uathaimsiú’ –inseoidh sé sin duit ar an bpointe cén teanga atá amach ar d’aghaidh mura n-aithníonn tú féin í.

Ar na teangacha eile a cuireadh leis an bhfeidhm aistriúcháin bheo inniu tá an Chatalóinis, an Iarúibis, an Íogbóis, an Mhaoiris, an Bhreatnais, an Araibis, an Téalainnis, an Vítneaimis agus Criól Fraincise Háití.

Tá ríomhaistriúchán néarach ina ghné bhunúsach den aistriúchán beo ceamara agus maíonn Google go gcuidíonn sin aistriúcháin níos cruinne agus níos nádúrtha a chur ar fáil agus go mbíonn idir 55% agus 85% níos lú earráidí i gceist i dteangacha áirithe.

‘Instant’ an phríomhghné nua ar an aip agus aistreoidh sí sin aon téacs iasachta ach an ceamara ar d’fhón a dhíriú air. Ligfidh ‘scan’ duit pictiúr a thógáil agus an téacs atá le haistriú a aibhsiú le do mhéar agus féadfaidh tú téacs atá ar phictiúir atá ar d’fhón cheana féin a aistriú ach ‘Import’ a úsáid.

Oibreoidh Google Translate i gcás cuid mhaith teangacha fiú mura mbíonn ceangal idirlín agat ach is cruinne a bheidh na haistriúcháin ach an ceangal idirlín a bheith agat.

Baineann conspóid áirithe leis an úsáid a bhaintear as Google Translate in Éirinn chun obair aistriúcháin oifigiúil a dhéanamh.

Tá sé ráite cheana ag an gCoimisinéir Teanga gur “masla don Ghaeilge agus do lucht a labhartha” an úsáid a bhaineann comhlachtaí poiblí as Google Translate. Chinn an Coimisinéir anuraidh go raibh sárú déanta ag Comhairle Contae Chorcaí ar a ndualgas reachtúil teanga nuair a bhain siad leas as Google Translate chun ábhar buan ar a suíomh gréasáin a aistriú go Gaeilge.

Mhaígh Comhairle Contae Chorcaí nach raibh an t-am ná na hacmhainní acu duine a fháil chun an t-ábhar a aistriú. D’aithin siad go bhféadfadh an t-aistriúcháin a bheith míchruinn ach cheap siad gur réiteach sásúil sealadach a bhí i nGoogle Translate.
Ghlac siad leis faoi dheireadh gur sárú ar an ngealltanas a tugadh ina scéim teanga a bhí sa chur chuige sin.

Fág freagra ar 'Aistriúchán beo ceamara Google Translate ar fáil i nGaeilge'