Is í an t-aisteoir Brídín Ní Mhaoldomhnaigh, as Gaeltacht Dhún na nGall, a bheidh sa phríomhról i Babaí Brain agus is í a scríobh an gearrscannán freisin.
Cuireadh deireadh le déanaí leis an bpríomhscannánú don ghearrscannán nua Gaeilge atá á dhéanamh faoi scéim nua de chuid TG4.
Bhí lucht déanta an scannáin ag obair i láithreacha éagsúla ar an Spidéal, i mBearna, agus i gcathair na Gaillimhe an tseachtain seo caite.
Scannán faoi bhean “atá ag iarraidh babaí a bheith aici agus atá sásta rud ar bith a dhéanamh leis an aisling sin a fhíorú” é Babaí Brain. Thosaigh Ní Mhaoldomhnaigh ag obair air in 2022.
“Bhí TG4 ag cuardach smaointe ó scríbhneoirí scripte, agus bhí cúpla smaoineamh eile agam ar dtús. Tháinig an smaoineamh eile seo chugam, sheol mé chuig Ciarán [léiritheoir] é agus chuir muid isteach ar ‘Céim Eile’.
“Phioc siad méid áirithe smaointe le forbairt agus ansin phioc siad cúpla togra le maoiniú léiriúcháin a fháil. Sílim gur thart faoi mhí na Nollag anuraidh a fuair muid amach go raibh an maoiniú sin faighte againn. Ní raibh muid ag dréim le mórán, ach bhí mé ag obair le heagarthóir a spreag go mór é, agus bhí a fhios againn go raibh scéal againn a gcuirfeadh daoine spéis ann,” a dúirt Ní Mhaoldomhnaigh le Tuairisc.
Dúirt sí gur ábhar atá idir chamáin sa scannán “a mbíonn cuid mhór ban ina dtríochaidí ag smaoineamh air”.
“’Ar chóir babaí a bheith acu?’ Tá brú ón tsochaí ann agus is cuma má tá tú singil nó mura bhfuil. B’fhéidir go bhfuil sé níos dúshlánaí má tá tú singil agus brú mar sin ort, ach bíonn brú ar mhná atá i gcaidreamh freisin. Sin iad na téamaí a phléitear sa scéal. Níl mé ag rá nach bhfuil an brú céanna ar na fir, ach is féidir leo leanacht ar aghaidh níos faide ná na mná.
“Mothaím óg go leor ag 32 ag smaoineamh ar na rudaí seo, ach má tá tú ag dul de réir an nádúir níl 32 chomh hóg sin. Tá mé féin agus mo chairde á phlé níos mó le bliain nó dhó anuas. Tá na ceisteanna ann faoi an bhfuil tú ábalta babaí a bheith agat, agus tá an scéal bunaithe thart ar na ceisteanna sin ar fad,” a dúirt sí.
Dúirt sí go raibh sí “iontach sásta” gur roghnaíodh Babaí Brain agus go raibh gach duine a bhí ag plé leis an togra ó shin “an-deas agus cabhrach”.
Is é an comhlacht léirithe Fíbín atá ag léiriú an ghearrscannáin. Is é Ciarán Charles Ó Conghaile atá ina léiritheoir agus is é Nikolaj Feifer, as an Danmhairg, atá ina stiúrthóir. Bhí Feifer ina stiúrthóir ar an tsraith Baby Fever a rinne Netflix in 2022.
“Níor shíl mé go dtiocfadh a dhath as nuair a sheol Fíbín é chuig Nikolaj, ach thaitin an smaoineamh leis agus bhí sé anseo le seachtain. Tá sé iontach agus tá taithí aige ag obair ar scéalta mar seo cheana féin.
“Níl Gaeilge aige, ach ní mhothaím nach bhfuil. Bhí sé ag rá go raibh sé buartha go mbeadh sé deacair a bheith ag stiúradh scannán a bhí i nGaeilge, ach níor chuir sé isteach air ar chor ar bith. Gaeilge a labhair an criú agus na haisteoirí den chuid is mó ar an seit agus bhí sé go breá,” a dúirt sí.
Ar na haisteoirí sin tá roinnt mhaith daoine ar oibrigh Brídín leo cheana féin mar aisteoir, cliar agus iarchliar an tsobalchláir Ros na Rún ina measc: Lochlainn Ó Meara, Seán Ó Baoill, Kate Finnegan, Caitríona Ní Dhomhaill, Ferdia Pléimeann, Síle Uí Chiaráin, Gráinne Bleasdale, agus Fionnuala Ní Fhlatharta.
Seo an chéad uair ag Brídín Ní Mhaoldomhnaigh a bheith ina scríbhneoir scripte ar scannán, cé go bhfuil taithí ar an gceird aici ó a bheith ag scríobh scripteanna do Ros na Rún.
“Thosaigh mé ag déanamh shadowing ar scríbhneoirí scripte i Ros na Rún, agus scríobh mé cúpla script mé féin don chlár ach tá sé cineál difriúil a bheith ag plé le clár rialta teilifíse a bhfuil scéalta leanúnacha ann agus aithne mhaith ag an lucht féachana ar na carachtair,” a dúirt sí.
Dúirt sí gur taithí iontach a bhí i scéim nua TG4, áfach, agus mhol go mór do dhaoine eile cur isteach ar rudaí mar é.
“Taithí ar dóigh a bhí ann, is deis iontach a bhí i gCéim Eile, agus má tá suim ag duine ar bith tabhairt faoi na rudaí sin cur isteach ar achan rud, fiú mura bhfuil muinín agat ag an am. Is fiú go mór cur isteach ar na deiseanna nuair a bhíonn siad ann, ní bheadh a fhios agat, ní raibh mé féin ag súil leis.”
“Is dóigh go bhfuil sé difriúil a bheith mar scríbhneoir ach chuidigh an taithí aisteoireachta liom agus mé ag scríobh. Bhí an scéal agam, bhí mé buartha faoin taobh teicniúil, agus bhí sé sin ann mar gheall ar an aisteoireacht – bhí an oiread léite agam i gcaitheamh na mblianta.”
Scéim é Céim Eile’ a sheol TG4 dhá bhliain ó shin chun atá “an chéad ghlúin eile de lucht déanta scannán a aimsiú, a fhorbairt, agus a chothú”.
“Tá lúcháir orainn go bhfuil an chéad léiriúchán ó Céim Eile ag teacht chun fíre le Babaí Brain,” a dúirt Máire Uí Choisdealbha, eagarthóir coimisiúnaithe TG4.
“Tá sé i gceist leis an tionscnamh seo deis a thabhairt do dhaoine cumasacha a bhfuil Gaeilge acu, bíodh siad nua sa tionscal nó ag teacht chun cinn sa tionscal, a gcuid scéalta a insint, agus ní fhéadfaimis a bheith níos bródúla as an bhfoireann a bhí páirteach ann.
“Is tús maith leath na hoibre ceart é don scéim go bhfuil meascán de scríbhneoireacht úr, criú léirithe a bhfuil an-taithí acu, agus stiúrthóir idirnáisiúnta ar nós Nikolaj Feifer páirteach ann.”
Fág freagra ar 'Aisteoir Gaeltachta ag súil lena céad gearrscannán, ‘Babaí Brain’'