Beagán le cois dhá scór bliain ó shin i mí an Mheithimh 1985 tháinig cuid de thíortha an Aontais Eorpaigh le chéile i mbaile beag i Lucsamburg in iarracht a chinntiú go gcuirfí deireadh le pointí seiceála ar a dteorainneacha inmheánacha féin. Ó rinne an Fhrainc, an Ghearmáin, an Bheilg, an Ísiltír agus Lucsamburg an comhaontú i Schengen tá deacrachtaí, moilleadóireacht agus díospóireachtaí, chomh maith le himeachtaí na cruinne ag cothú fadhbanna do chur i bhfeidhm i gceart saoirse taistil na hEorpa. Ní léir anois dá réir go mbeidh ar chumas an Aontais go ceann tamaill na deacrachtaí a bhaineann le cur i bhfeidhm saoirse gluaiseachta daoine sna baillstáit.
Is beag a thuig na ballstáit a shínigh Comhaontú Schengen chomh deacair agus a bheadh sé an méad a d’fhógair siad mar cheannlíne an lá úd a chur i bhfeidhm – ní bheidh aon teorainn feasta ó Brest go Cóbanhávan ná ó München go Liospóin – a dúradh ach tá muid fós mar Aontas ag streachailt leis an bhfíorscéal a bhaineann le saorchead gluaiseachta a thabhairt do na céadta milliún duine agus na teifigh agus iarrthóirí tearmainn a dhéanann iarracht an tsaoirse chéanna a aimsiú dóibh féin.
Bhí an próiseas a bhain le cur i bhfeidhm Schengen thar a bheith casta, chaithfí bunachar sonraí a chur le chéile a léireodh líon na ndaoine a bhí ag taisteal trasna na dteorainneacha agus na cúiseanna a bhí acu leis. Nuair a ritheadh Conradh Amsterdam i 1999 cuireadh le cumhachtaí an Aontais i réimsí a bhain le cearta tearmainn agus comhoibriú faoi chearta an duine, an chéad uair go raibh cumhachtaí dá leithéid láraithe sa Bhruiséil ach fágadh faoi na ballstáit féin iarratais tearmainn a mheas faoi choinníollacha Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath.
Sa bhliain 2000 tháinig an Ghréig isteach i limistéir Schengen agus tháinig an Danmhairg, an Iorua, an Fhionlainn agus an tSualainn isteach in 2001. In 2007-2008 ghlac an tSlóivéin, an Ungáir, an Pholainnn, Poblacht na Seice, an Eastóin, An Laitvia agus an Liotuáin ballraíocht. Ní raibh Éire ina ball den limistéar riamh mar gheall ar an gcomhaontú taistil leis an mBreatain a dhiúltaigh ballraíocht a ghlacadh agus atá imithe anois ar aon nós!
Le teacht an earraigh Arabaigh in 2010 is ea a thosaigh na deacrachtaí móra sa limistéar, agus a fhágann inniu go bhfuil sé fíordheacair é a chur i bhfeidhm mar a samhlaíodh mar chuid den aisling Eorpach. Thosaigh tíortha ag cur pointí seiceála inmheánacha i bhfeidhm arís mar thoradh ar an slua teifeach a bhí ag teacht ina dtreo. Chuir an phaindéim tuilleadh srianta ar thaisteal inmheánach in iarracht scaipeadh an ghalair a choinneáil faoi smacht. Tugadh isteach rialachán nua anuraidh a cheadaíonn bacanna sealadacha teorann i dtíortha an Aontais má cheadaíonn Comhairle na hEorpa agus an Coimisiún iad. Tá bac trí mhí curtha ag rialtas na Gréige an samhradh seo le himircigh agus teifigh atá ag teacht isteach chun na tíre a chosc. Tháinig an Rómáin isteach i Schengen i mbliana tar éis trí bliana déag ag fanacht. Tá doicheall ar thíortha an iomarca daoine a ligeann isteach ina dtíortha mar gheall ar an mbrú atá orthu ó pháirtithe ar an eite dheis atá glan in aghaidh na himirce, an tearmainn agus na dteifeach.
Fágann sin ceann de bhunsaoirsí an Aontais – saorghluaiseacht daoine – faoi ionsaí agus de bharr na dúshláin eile atá le sárú i gcúrsaí eacnamaíochta, níl mórán tráchta uirthi. Tuilleadh ábhar machnaimh agus plé do cheannairí nuair a bheidh uachtaránacht an Aontais i seilbh na hÉireann sa dara leath den bhliain seo chugainn.
Graham Moran
An ceart ar fad ag údar an ailt seo. B’fhéidir nach féidir leis an aisling seo a fheidhmiú san fhíorshaol, faraor.
B’aisling bhreá í mar sin féin.