Ailbhe Ó Monacháin ceaptha ina thuairisceoir san iarthuaisceart ag Nuacht RTÉ/TG4

Beidh fear Ghaoth Dobhair ag filleadh ar an bhfód dúchais dá phost nua leis an eagraíocht náisiúnta nuachta

Ailbhe Ó Monacháin, Nuacht RTÉ/TG4. Pictiúr: TG4
Ailbhe Ó Monacháin, Nuacht RTÉ/TG4. Pictiúr: TG4

Is é Ailbhe Ó Monacháin a bheidh ina thuairisceoir san iarthuaisceart ag Nuacht RTÉ/TG4.

Bhí Ó Monacháin ar dhuine de na chéad láithreoirí ar TnaG nuair a tosaíodh an stáisiún sa bhliain 1996 agus thosaigh sé ag obair le Nuacht RTÉ/TG4 sa bhliain 1998.

Líonfaidh sé an folús a d’fhág Áine Ní Bhreisleáin nuair a d’fhág sí Nuacht RTÉ/TG4 le dul ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta níos túisce i mbliana.

Lonnaithe in oifig RTÉ RnaG sna Doirí Beaga i nGaeltacht Thír Chonaill a bheidh Ó Monacháin agus é ag tuairisciú ar scéalta ar fud an iarthuaiscirt.

Tá obair iriseoireachta, láithreoireachta agus eagarthóireachta déanta ag Ó Monacháin ó thosaigh sé ag obair leis an Nuacht 17 bliain ó shin. Anuas ar an obair sin, bhí lámh aige i gcláracha faisnéise ar TG4 agus ba é a d’aistrigh an tsraith ‘Séideán Staire’ ar TG4 agus a thug glór do scéalaí na sraithe.

Tógadh Ó Monacháin i nGaoth Dobhair agus tá céim sna Nua-Theangacha aige ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Fág freagra ar 'Ailbhe Ó Monacháin ceaptha ina thuairisceoir san iarthuaisceart ag Nuacht RTÉ/TG4'