Aighneas idir Comhairleoirí faoi ‘yuppies with hard hats’ agus cosáin ghlasa Chonamara

Baineadh siar as feidhmeannaigh agus as Comhairleoirí nuair a léigh Cathaoirleach Chomhairle Bhardasach Chonamara litir ón Aire Iompair agus Turasóireachta, Shane Ross, faoi fhorbairt an chosáin ghlais as Baile Átha Cliath go Gaillimh

Aighneas idir Comhairleoirí faoi ‘yuppies with hard hats’ agus cosáin ghlasa Chonamara

Shane Ross. Pictiúr: Sam Boal /RollingNews.ie

Sórt ‘daoine uaisle’ iad an dream a théann ag siúl agus ag rothaíocht ar na cosáin ghlasa, nó na ‘Greenways’.  Sin a a thug an Comhairleoir Séamus Breathnach as Uachtar Ard le tuiscint ag cruinniú de Chomhairle Bhardasach Chonamara ag an deireadh seachtaine.  Comhairleoirí Contae an cheantair taobh thiar den Choirib agus feidhmeannaigh as Comhairle Chontae na Gaillimhe a dhéanann freastal ar na cruinnithe seo.

“Yuppies with hard hats,” a deir an Breathnach agus é ag trácht ar lucht na gcosán glas agus, dar leis, nár cheart go mbeadh ar fheilméaraí Chonamara cur suas leo, mura bhfuil siad á n-iarraidh i ngar dóibh. 

Cosán Glas Chonamara a bhí faoi chaibidil ag an gcruinniú, é sin agus cosáin ghlasa eile atá le forbairt – más féidir é – amach as Gaillimh i dtreo Uachtar Ard.

Baineadh siar as feidhmeannaigh agus as Comhairleoirí nuair a léigh Cathaoirleach Chomhairle Bhardasach Chonamara, Noel Thomas, litir ón Aire Iompair agus Turasóireachta, Shane Ross.  Dúradh sa litir sin gur ar fhorbairt an chosáin ghlais as Baile Átha Cliath go Gaillimh atá an bhéim anois agus dúirt an tAire Ross freisin go mbeifí i mbun teagmhála leis an bpobal go gairid agus aighneachtaí á lorg faoi cheist na gcosán glas.  Mar thoradh ar an bpróiseas comhairliúcháin poiblí sin, réiteofaí Straitéis Náisiúnta le haghaidh forbairt na gcosán seo, a dúirt Ross.  Níl a fhios go barainneach cá bhfágann sé seo na pleananna a bhí ann do chosáin in iarthar na Gaillimhe. 

Cé go raibh dóchas ann riar blianta ó shin i gConamara go mbeadh forbairt mhór déanta ar an gcosán glas idir Uachtar Ard agus an Clochán faoin tráth seo is beag atá tarlaithe seachas ar ghiota de in aice an Chlocháin agus giota eile gar go maith do Bhaile na hInse.   Tá cead forbartha tugtha le haghaidh an chosáin sin le ceithre bliana ach tá a gcosa i dtaca ag roinnt feilméaraí agus úinéirí talún agus níl mórán dul chun cinn déanta.  Níl aon ghá d’fheilméaraí an cosán a ligean ar a gcuid talún murar mian leo é, fiú agus cead forbartha faighte.   Níl córas ceannach éigeantach i gceist agus ní fhaigheann feilméaraí íocaíocht as an talamh a chur ar fáil.

Ó shin i leith fógraíodh €2 mhilliún do chosán glas as cathair na Gaillimhe go Maigh Cuilinn agus as sin siar go hUachtar Ard.  Ach, tharraing an plean seo tuilleadh conspóide agus tá comharthaí crochta ag daoine in áiteacha sa taobh sin tíre ag tabhairt le fios go bhfuil coimhthíos acu leis an gcosán glas.

Níl aon mhilleán le cur ar na feilméaraí ach an oiread, a deir an Comhairleoir Seámus Breathnach.

Dúirt an Breathnach go raibh sé ag cruinniú faoin aighneas agus faoin ábhar in Uachtar Ard scaitheamh ó shin agus nach mó ná sásta a bhí sé le dearcadh cuid den lucht gnó.  “Bhí talamh faoi chuid den lucht gnó agus iad ag caint i bhfabhar an chosáin ghlais. Shilfeá go rabhadar ag déanamh neamhshuim do chearta na bhfeilméaraí,” arsa an Breathnach.   

Dúirt an Comhairleoir go mbeadh píosaí talún i bhfeilmeacha áirithe á ndeighilt óna chéile agus go raibh sé ina imní faoi dheontais agus faoi theacht isteach na bhfeilméaraí de bharr an chosáin ghlais. 

Níor mhór socrú ceart a dhéanamh le feilméaraí roimh ré, a deir an Comhairleoir Breathnach.  “Bhí an oiread fuadair faoin dream a bhí ag iarraidh na gcosán  glas seo i dtús aimsire agus go sílfeá gur cheart do chuile dhuine umhlú agus géilleadh dóibh,” a dúirt se

Ní maith a thaitin an sclamh a thug an Breathnach do lucht gnó leis an gComhairleoir Thomas Welby – as Uachtar Ard freisin – agus dúirt go mbeadh buachan ag chuile dhream ar chosán glas Chonamara agus ar chosáin ghlasa eile. 

“Is deacair liom a shamhlú go bhfuil mórán brabúis ag cuid acu ar chaoirigh, mar shampla. B’fhéidir gur mó buntáiste a bheadh as gníomhaíochtaí eile a thiocfadh ina dtreo de bharr na mílte a bheith ag siúl agus ag rothaíocht thrí Chonamara,” a dúirt Thomas Welby.

Luaigh an Comhairleoir Welby buntáistí a bhain le cosáin  ghlasa in iarthar Mhaigh Eo agus i bPort Láirge.  Dúirt sé go mbeadh sé féin ag eagrú cruinniú le dream as Port Láirge ar an 2 Bealtaine agus go mbeadh fáilte roimh Chomhairleoirí eile ann freisin.