Ar choláiste samhraidh a bhíos nuair a phógas cailín den chéad uair. Is ann a chas mé ceol ar stáitse go poiblí den chéad uair, leis.
Is ann freisin a thuigeas den chéad uair gur teanga bheo phobail í an Ghaeilge agus, dá laghad mo thuiscint ar chúrsaí féiniúlachta ag an am, braithim gur ann a fuaireas mo ‘chló ceart’, má tá a leithéid de rud agus ‘cló ceart’ le fáil ag duine.
Mar sin féin, chuaigh an chéad cúpla lá dian orm. Cuireadh riail na Gaeilge i bhfeidhm go docht daingean san áit a raibh mise, agus ní gan dua a tháinig mé isteach ar chaint an chinnire a bhí ag tabhairt aire dúinn. Tuin na Mumhan a bhí ag formhór na múinteoirí scoile agam.
Pé scéal é, bhí scata againn istigh inár seomra codlata maidin agus mise ag cíoradh mo chuid gruaige (níl a oiread sin gruaige agam anois is gur fiú í a chíoradh; pionós as peaca na péacógachta, ní foláir).
Rug duine de na buachaillí greim ar an scuab agam agus dhiúltaigh í a thabhairt ar ais dom. Sa ghráscar lámh dúinn, d’éirigh leis an scuab a chaitheamh le duine de na buachaillí eile. Seo leis na buachaillí ag déanamh ciorcail timpeall orm agus ag caitheamh na scuaibe chun a chéile is ag déanamh spóirt díom.
“Ah give us me bleedin’ brush!” arsa mise le teann frustrachais ar ala na huaire.
“A Chaoimhín, gabh i leith uait”. An cinnire a bhí ann. “Tá brón orm ach caithfidh mé d’ainm a thabhairt don Phríomhoide. Seans go gcuirfear abhaile thú – tá brón orm.”
Seo liom ag achainí air gan m’ainm a thabhairt don Phríomhoide. Bhí frustrachas orm agus dúirt mé mo chuid “ar an spota” gan cuimhneamh.
Dála mar a dhéanann réiteoirí Chumann Lúthchleas Gael na linne seo, chuir sé m’ainm isteach i leabhar dubh seachas mé a thuairisciú don ‘saoiste’.
“Déanfaidh mé eisceacht an t-am seo ach ná cloisim ag labhairt Béarla arís thú; má chloisim, cuirfear abhaile thú.”
“Ceart go leor, a Trevor – agus go raibh míle míle maith agat”, arsa mise.
Fear uasail ba ea Trevor.
Ba í bagairt an bhus abhaile an rud ab fhearr a tharla dom sa choláiste úd. Siolla Béarla níor labhair mé ina dhiaidh sin. Go deimhin, dúirt an leaid a bhí in aon seomra liom gur chuala sé mé ag labhairt Gaeilge liom féin ceann de na hoícheanta agus mé i mo chodladh. An-chomhartha é sin.
Ar dhul abhaile dom ar an traein faoi dheireadh na dtrí seachtaine, tharla go rabhas i mo shuí os comhair mná agus cás mo ghiotáir ina sheasamh ar an gcathaoir in aice liom.
Stop an traein de phreib agus shleamhnaigh an cás anuas ar ordóg na coise ag an mbean bhocht. “Ó tá brón orm!” arsa mise gan cuimhneamh.
Ba throm an cás agus bhí náire cheart orm. Mhéadaigh ar mo náire tar éis cúpla soicind nuair a thuigeas go raibh mo chuid ráite agam i nGaeilge.
Tháinig meangadh gáire cineálta, tuisceanach ar an mbean chugam, áfach, rud a chuir ar mo shuaimhneas arís mé.
Más fíor don méid atá nochta i dtuarascáil taighde Choláiste na hOllscoile Má Nuad ar na Coláistí samhraidh, tá formhór na ndaoine a ceistíodh den tuairim gur chóir ‘Riail na Gaeilge’ a chur i bhfeidhm i ngach coláiste samhraidh. Mar a deir cuid de lucht na nGaelscoileanna anois, ‘bhí sé nuacht domsa’ gur baineadh an riail in aon chor.
Dóibh siúd a dteastaíonn sainmhíniú uathu ar an riail seo, dála an scéil, is mar seo a rinneadh cur síos uirthi i gcoláiste amháin:
‘Scoláire ar bith a labhróidh abairt iomlán i dteanga ar bith seachas an Ghaeilge le linn cúrsa nó imeacht ar bith eile de chuid an choláiste, sáraíonn sé/sí Riail na Gaeilge. Breathnaítear air seo mar cheann de liosta tromchúiseanna faoina gcuirtear scoláirí abhaile ón gcúrsa.’
Tacaímse go hiomlán leis an riail seo a chur i bhfeidhm sna Coláistí ar fad ach ní mór é sin a dhéanamh go ciallmhar, stuama; ní bheadh a fhios ag duine cén feabhas a thiocfadh ar mheon agus ar iarrachtaí scoláirí áirithe ach an tarna seans a thabhairt dóibh, ar nós mar a tugadh domsa.
Ní mór dúinn a bheith ionraic faoin gceist seo freisin agus a admháil gur gnáthchuid de Ghaeilge na Gaeltachta an códmheascadh sa lá inniu i measc go leor daoine fásta, taitníodh sé linn nó ná taitníodh, agus is í an fhírinne ghlan go gcaithfeadh cainteoirí dúchais féin a bheith aireach ar a gcuid caintesean agus coinneáil go hiomlán lena dteanga dhúchais os comhair Gaeilgeoirí. Ní beag an dúshlán an méid sin ach is fiú féachaint lena dhéanamh mar sin féin.
D’oibrigh mé faoi stiúir ardchinnire a dhiúltaíodh Gaeilge a labhairt liom féin agus leis na cinnirí eile (i gcoláiste eile ar fad cúpla bliain ina dhiaidh sin). Ní nach ionadh, nuair a casadh Béarlóireacht le cuid de na scoláirí, dúirt siad ‘ach tá na cinnirí ag labhairt Béarla’, rud eile a luadh i dtuarscáil Choláiste na hOllscoile Má Nuad do COGG.
Cuirtear Riail na Gaeilge i bhfeidhm, mar sin, ach déantar iarracht í a chur i bhfeidhm ar bhealach stuama, ciallmhar – dúshlán níos mó fós, agus ní mhaím ar an dream a fhéachfaidh ina diaidh.
Philip
‘Dá labhródh bean leat íseal, nach n-ísleofá do ghuth?
Dá mbeadh an bhean réasúnta, nach réasúnófaí thú?”
An bhfuil sé le tuiscint as seo, dá labhródh bean Ghaeltachta i mBéarla leat, go mbeadh sé de mhímhúineadh ort í a fhreagairt i nGaeilge? Tuigim fosta ón riail go mbeinn ar an bhus abhaile as labhairt le cuairteoir i bhFraincis, mar a rinne mé ag coláiste samhraidh amháin. Buíochas le Dia ní raibh riail na Gaeilge i bhfeidhm sna coláistí a d’fhreastail mé. Nuair a bhagair na húdárais mé a chur abhaile (4 shamhradh as 5), gnáthchoireanna an déagóra a bhí i gceist – ólachán, dul amach na bhfuinneog san oíche – agus bhíodh iontas orainn cloisteáil fá na coláistí eile sin ina raibh cosc ar dhá dhamhsa a bheith agat leis an chailín chéanna!
[An Aoine atá ann, agus níl mé go hiomlán i ndáiríre.]
Bríd
Aontaím leat gur cheart seans a thabhairt don té a bhfuil dea-rún aige nó aici i leith tréaniarracht a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt. Murach an seans sin a tugadh duitse, b’fhéidir nach mbeadh Tuairisc ar an bhfód inniu, agus ba mhór an trua é sin.
Cillian
Tagaim leis an tuairim go mba cheart an tarna seans a thabhairt. Tagaim leis an tuairim go mba cheart aitheantas a thabhairt do dhaoine ag déanamh iarrachta. Ó mo thaithí féin, áfach, feicim nach seoltar abhaile daoine a bhíonn ag spalpadh Béarlan ó thús deireadh na gcúrsaí. Bíonn na húdaráis ró-bhuartha mar gheall ar chúrsaí airgid. Loitear caighdeán foghlama na gcúrsaí dá bharr. Leanann an slua iadsan atá “ró-cool” chun Gaeilge a labhairt ina measc féin. Thacóinn leis an riail agus í curtha i bhfeidhm go tuisceanach is le machnamh ach curtha i bhfeidhm fós féin.
Léitheoir nach maith leis fílíocht leamh
Cuirimís muintir na Gaeltachta sic go Má Nuad leis an TEG a dhéanamh agus gan céad filleadh go mbeidh A1 acu.