Agus céard a rinne na hinimircigh dúinne?

Bhí mé ag smaoineamh le gairid ar an bhfaitíos agus an imní a bhíonn ar dhaoine roimh inimircigh

Agus céard a rinne na hinimircigh dúinne?

Ba as oileán Góá – amach ó chósta na hIndia, an freastalaí bricfeasta san óstán mór i Sráid an Phiarsaigh. Nuair a fuair sé amach go raibh mé ag glacadh páirt i rásanna báid dragain ar an Duga an lá céanna, chuir sé an-suim iontu.

Seo an ‘Regatta’ mór a bhíonn ar siúl againne chuile bhliain. Nuair a d’iarr mé an bille air tamaillín ina dhiaidh sin, chroith sé lámh liom. Bhí an bricfeasta in aisce, a dúirt sé, ‘Bíodh rás maith agaibh!’.

Tharla mórán mór an rud céanna an tseachtain roimhe sin. Bhí mé istigh sa chathair luath don bhus go Béal Feirste agus gan caifé ar bith ar oscailt. Chuaigh mé isteach i gceann de na hóstáin mhóra nua ar bhruach na Life agus gan mórán dóchais agam.

Ach arís, fuair mé caife in aisce ón bhfreastalaí – bean as oirthear na hEorpa déarfainn.

Bhí mé ag smaoineamh le gairid ar an bhfaitíos agus an imní a bhíonn ar dhaoine roimh inimircigh. Cheap mé go raibh an lá sin caite.

I dtús na 2000idí nuair a fuair mise post mar eagarthóir coimisiúnaithe in RTÉ, d’iarr mé go dtabharfaí cúram breise nua dom, freagracht as cláracha ‘ilchultúir’. Bhí tús curtha an uair sin le hinimirce leathan agus bhí scéalta le hinsint ag chuile dhuine.

An bheirt láithreoirí a bhí ar an gclár, bhíodar pósta le hÉireannaigh. Ní fhaca mise an lá ag teacht go mbeadh lánúin ‘ilchultúir’ ag caint ar an tír a fhágáil mar gheall ar an drochíde a fuaireadar ar na meáin shóisialta (de bharr páirt a ghlacadh i bhfógra de chuid Lidl).

Ar maidin, d’inis an t-iriseoir Máirtín Ó Catháin dúinn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh os cionn 2,000 duine ar an mórshiúil in Uachtar Ard inné, ag agóidíocht in aghaidh an ionaid do theifigh. Faitíos atá orthu, is cosúil.

Tá bailte i lár agus in iarthar na hÉireann atá bánaithe amach is amach. Níl ach gnó fánach anseo is ansiúd i gcuid díobh. Ar mo bhealach ar ais ó Chaisleán a’ Bharraigh inné, sheas mé in dhá bhaile ciúin i gcontae Ros Comáin, mo chontae dúchais féin.

Ní raibh duine ná deoraí ag corraí i mBéal Átha na gCarr. Torann toirní ag an trácht ag dul tríd, ach gan glór duine ar bith le cloisteáil.

Ansin, sheas mé i mBéal na mBuillí. Seo é an dara baile is leithne sráid in Éirinn.

Is dócha gur baile ‘pleanáilte’ de chuid an Tí Mhóir sa 18ú aois atá ann (Strokestown House).

Tá dalladh spáis sna taobhanna le haghaidh carráistí capall agus cairteacha asail.

D’fhéadfá margadh mór nó aonach a reáchtáil ann gan cur isteach ar thrácht an phríomhbhóthair.

Is truamhéalach an radharc anois é. Siopaí dúnta, tithe ar díol, an tsráid bánaithe.

Cúpla carr páirceáilte agus iad ar díol – daoine ag tapú an deis spás a ghlacadh ar an tsráid leathan.

Agus ag barr na sráide, aon fhear amháin i mbun gnó lena mhargadh féin amuigh faoin aer.

Bhí George ag díol dhá chiseán le bean as Baile Átha Cliath nuair a tháinig mé fhad leis. Chonaic sí roimhe sin é in áit éicint eile agus chinn sí stopadh i gcomhair ciseáin nuair a d’fheicfeadh sí arís é.

As an Pholainn do George ach tá sé ag cur faoi anois i mbaile beag tuaithe i gContae Ros Comáin. Tá a shuíomh ‘Facebook’ féin aige –Wild, White Bear & Co agus is féidir a chuid táirgí a fheiceáil ansin. Tá ciseáin aige (ar phraghas réasúnta) do gach ócáid. Bhí mo chomrádaí as Baile Átha Cliath chun pósae bláthanna a chur i gceann acu i gcomhair bronntanais.

Is léir go dtéann George thart ó bhaile go baile lena mhargadh ‘soghluaiste’ agus go roghnaíonn sé sráideanna go bhfuil neart scóipe iontu do thiománaithe chun tarraingt isteach. Sort ‘drive-in’ margadh é seo.

Is iomaí baile in iarthar na hÉireann agus i lár tíre go bhfuil an scóip sin iontu anois.

Ní shamhlaím go ndéanfadh mórán de mhuintir na hÉireann an obair sin níos mó. Nuair a dhéanaimidne ciseáin, is ar chaighdeán ard, ealaíonta a bhíonn siad agus praghas dá réir orthu.

Ach fós féin, cloisfidh tú go bhfuil faitíos ar dhaoine go ‘sciobfaidh’ na daoine seo ár gcuid jabanna féin. An bhfuil mórán daoine ag cuartú jab ag réiteach caife ag a cúig a’ chlog ar maidin, cosúil leis na Brasaíligh a bhí romham ag stáisiún Dart Dhún Laoghaire le gairid?

Bhí mé tar éis othar a fhágáil san ospidéal ansin. Na haltraí ar fad, beagnach, ba as tíortha i bhfad i gcéin iad. Ach duine amháin acu, cailín dubh le scaif Mhoslamach, bhí canúint Bhaile Átha Cliath aici. Ní mar a shíltear a bhítear. Gach seans gur teifigh a bhí ina muintir blianta ó shin agus gur rugadh an bhean seo i mBaile Átha Cliath.

Agus an gcreidfeá nach bhfuil Éireannaigh sásta jabanna gránna salacha a dhéanamh? An fear a casadh orm le gairid agus é ag fanacht go nglanfadh an custaiméir deireanach amach as an gcaife ar an gCarraig Dhubh, fear as an bPolainn, veain agus gnó aige a bhí cláraithe i dTuaisceart Éireann.

Ag fanacht go foighdeach orainne le go bhféadfadh sé tosú ag glanadh na saille amach as na píopaí.

Sin jab deas d’éinne a bhfuil fearg orthu faoi eachtrannaigh a bheith ag sciobadh jabanna uainne.

Fág freagra ar 'Agus céard a rinne na hinimircigh dúinne?'

  • Beartla

    An ceart ar fad agat faoi Roscomáin, tá eolas maith agam ar na dúshláin atá luaite anseo.