AGALLAMH: ‘Tá bláthú éigin tarlaithe i dtaobh amhránaithe sean-nóis Chonamara’

Tá ceiliúradh ar siúl in Ionad Léann na hÉireann in Ollscoil na Gaillimhe ar a bhfuil bainte amach aige ó cuireadh ar bun é sa bhliain 2000. Labhair Louis de Paor, Ollamh le Léann na hÉireann san ionad le Tuairisc

AGALLAMH: ‘Tá bláthú éigin tarlaithe i dtaobh amhránaithe sean-nóis Chonamara’

Beidh Oíche Shean-nóis á léiriú in Amharclann Mick Lally an tseachtain seo mar chuid den gceiliúradh atá ar siúl ag Ionad Léann na hÉireann in Ollscoil na Gaillimhe ar a bhfuil bainte amach aige ó cuireadh ar bun é sa bhliain 2000.

Labhair Louis de Paor, Ollamh le Léann na hÉireann san ionad le Tuairisc faoi scéim na n-ealaíontóirí cónaitheacha agus iad ag ceiliúradh breis agus fiche bliain ar an bhfód.

Tá dhá chloch mhíle mhóra á gceiliúradh ag Ionad Léann na hÉireann in Ollscoil na Gaillimhe agus iad ag druidim le cúig bliana fichead ó bunaíodh an t-ionad, agus breis agus fiche bliain caite acu ag obair lámh ar lámh le hEalaín na Gaeltachta chun scéim chónaitheach na n-ealaíontóirí sean-nóis a chur i bhfeidhm.

“Cuireadh ar bun é sa mbliain 2002 agus ba í Bríd Ní Mhaoilchiaráin an chéad duine a ceapadh. Tá muid ana-mhórálach as gur ceapadh í anseo cúpla seachtain sarar bhuaigh sí Corn Uí Riada den gcéad uair riamh. Is léir uaidh sin, is dócha, go raibh an uair sin agus go bhfuil fós fios a ngnó i gcónaí ag na daoine a chuireann comhairle orainn maidir leis na hamhránaithe, na rinceoirí agus na scéalaithe atá le ceapadh againn sa ról.”

Scéim chónaitheach í atá bunaithe ar an múnla a bhíonn i gceist le scríbhneoirí cónaitheacha sna hollscoileanna agus é d’aidhm aici spás a thabhairt don scríbhneoir chun díriú ar an obair.

“Ar shlí is gradam, nó duais, nó aitheantas is ea é agus bheifeá ag súil go leanfadh an scríbhneoir i mbun pinn agus nach gcuirfí isteach an méid sin air. Bhí Mike McCormack, mar shampla ina scríbhneoir cónaitheach anseo sa Ghaillimh thart faoin am go rabhamar ag cuimhneamh ar an scéim sean-nóis a chur i bhfeidhm, agus Pádraig Ó Cíobháin ina theannta. Deir Mike McCormack i gcónaí gur as an tréimhse sin a tháinig Solar Bones, an t-úrscéal is cáiliúla dá chuid.”

Ceann d’aidhmeanna na scéime a bhunaigh de Paor agus a chomhghleacaithe san ollscoil in éineacht le hEalaín na Gaeltachta ná an t-aitheantas céanna a thabhairt do dhaoine a bhí ag plé leis na healaíona dúchais agus na healaíona Gaeltachta.

“Shamhlaíomar leis sin go bhfágfaí iad oiread agus ab fhéidir ag plé leis an ngairm ealaíne s’acu féin. Bhí muid ag iarraidh go mbeadh tréimhse forbartha i gceist agus nach mbeimis ag cur an iomarca brú orthu. Shocraíomar, mar sin féin, go mbeadh sé go deas dá mbeidís sásta sraith ceardlann a chur ar bun agus is dóigh liom gurb é sin atá i gceist ó shin i leith, go mbeadh deich gcinn de cheardlanna le cur ar fáil ag an amhránaí, an scéalaí nó an rinceoir a bheadh ina n-ealaíontóir cónaitheach linn.”

Seacht nduine dhéag a chaith tréimhse chónaitheach san ionad ó cuireadh tús leis an scéim breis agus fiche bliain ó shin. Amhránaithe ar an sean-nós a bhí páirteach ag an tús agus rinceoirí ach rinneadh leathnú ar an scéim roinnt blianta ó shin chun go mbeadh scéalaithe traidisiúnta in ann a bheith páirteach ann freisin.

“Is í an aidhm atá againn ar deireadh ná go mbeadh buanú ar an dtraidisiún dúchais Gaeltachta i gceist anseo agus ní fhéadfaimis é a dhéanamh gan Ealaín na Gaeltachta a bheith ag obair i bpáirt linn. Bhí muid i measc na bpáirtnéirí ba thúisce a bhí acusan leis is táimid thar a bheith buíoch díobh as an tacaíocht atá tugtha acu dúinn i gcaitheamh na mblianta,” a deir de Paor.

Dar leis, tá eolas ag pobal níos leithne ar ealaín na hamhránaíochta ar an sean-nós anois ná mar a bhí fiche bliain ó shin.

“Ní hé nach raibh a fhios ag daoine a bhí ag plé leis an dtraidisiún ceoil, a bhí ag plé leis an nGaeltacht féin go raibh amhránaithe ar an sean-nós den chéad scoth i gConamara, agus ar ndóigh, níl aon athrú air sin ó shin i leith. Ach shamhlóinn go bhfuil bláthú éigin tar éis tarlúint maidir leis an eolas atá ag pobal níos leithne ar ealaín na hamhránaíochta ar an sean-nós ná mar a bhí nuair a thosaíomar air seo,” a deir sé.

Bíonn freastal mhaith ar na ceardlanna a thugann na healaíontóirí cónaitheacha san ionad gach bliain agus meascán maith daoine a mbíonn spéis acu iontu.

“Tá sé tugtha faoi ndeara againn le blianta gur mó tóir a bhíodh ar na ceardlanna san ollscoil ag mic léinn eachtrannacha, ag daoine gurb í an Fhraincis nó an Ghearmáinis an chéad teanga acu. Níor chuir sé aon stró orthu foghraíocht na Gaeilge a phiocadh suas an oiread agus a mba ghá chun amhrán a fhoghlaim.”

Daoine a bhfuil suim mhór acu sa nGaeilge nó a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu atá ag teacht go dtí na ceardlanna le blianta beaga anuas. Rud a fhágann gur trí Ghaeilge ar fad, nach mór, a bhíonn na ceardlanna á dteagasc ach gur trí Bhéarla a bhítí á dteagasc deich mbliana ó shin.

“Is mór an t-athrú é sin agus is dóigh gur comhartha é, leis, go bhfuil dul chun cinn éigin déanta ó thaobh na teanga féin. Tá daoine ón nGaeltacht ag teacht go dtí na ceardlanna nuair a chíonn siad cé hé nó cé hí an duine a bheidh rompu nuair a thagann siad isteach,” a deir de Paor.

Labhair de Paor freisin faoin obair atá déanta ag Ealaín na Gaeltachta ar bhonn níos leithne ná an scéim seo.

“Is dóigh liom go dtuigeann daoine go bhfuil éacht déanta ag Ealaín na Gaeltachta, ach tá níos mó ná sin i gceist. Tá struchtúr curtha acu faoi na healaíona i ngach aon Ghaeltacht in Éirinn agus tá siad tar éis deis a thabhairt d’ealaíontóirí aonair forbairt a dhéanamh ar a gcleachtas ealaíne féin. Agus tá siad tar éis deiseanna a thabhairt do phobal leathan freastail ar ócáidí agus ar imeachtaí i réimse i bhfad níos leithne den ealaín ná mar a shamhlaítear leis an nGaeltacht de ghnáth.

“Ní chreidim go mbeadh na healaíona fé bhláth sa Ghaeltacht mar atá faoi láthair murach iadsan agus na háisitheoirí ealaíne atá tar éis ana-chúnamh a thabhairt dúinn i gcaitheamh na mblianta.”

Cé go bhfuil go leor bainte amach ag scéim na n-ealaíontóirí cónaitheacha, deir de Paor go n-airíonn sé mífhoighne i gcónaí agus é ag iarraidh tuilleadh a dhéanamh.

“Rud é seo atá ana-ghar do mo chroí. Bíonn saghas frustráid orm i gcónaí nár éirigh liom níos mó a dhéanamh agus nuair a bhíonn tú ag obair in institiúid ana-mhór tarlaíonn rudaí i bhfad níos moille ná mar ba mhaith leat. Tá mé ag druidim le haois an phinsin mé féin agus tá mífhoighne éigin orm i gcónaí, níl mé aon phioc sásta,” a deir sé idir mhagadh is dáiríre.

Deir sé, áfach, go mbíonn deis ag duine atá ag obair in institiúid láidir rudaí a dhéanamh a bheadh deacair don duine a dhéanamh go neamhspleách gan tacaíocht na hinstitiúide. Ba luachmhar leis an deis a bhí aige istigh in Ionad Léann na hÉireann scéimeanna ar nós ceann na n-ealaíontóirí cónaitheacha a chur chun cinn agus breathnaíonn sé air mar phribhléid go raibh sé in ann a bheith ag obair le healaíontóirí den chéad scoth.

“Bhíos ag plé le John McGahern a bhí ina ollamh oinigh le léann na hÉireann, bhí Máire Mhac an tSaoi anseo agus b’iontach an rud é go bhféadfaí na healaíontóirí cónaitheacha sean-nóis a chur in aon roinn amháin leosan ó thaobh a gcumas ealaíne.

Is rud é sin a thuigfeadh Máire Mhac an tSaoi thar éinne eile agus an dúil mhillteach a bhí aici sin sa traidisiún. Thuigfeadh sí féin gur ealaíontóirí cumasacha is ea na daoine seo. Is má chabhraíomar in aon chor le go mbeadh níos mó iomrá orthu bheimis ana-shásta go raibh jab réasúnta maith déanta againn.”

Ticéid: €10 (Do Chlann Shíomóin)
Tuilleadh eolais: irishstudies@universityofgalway.ie

Fág freagra ar 'AGALLAMH: ‘Tá bláthú éigin tarlaithe i dtaobh amhránaithe sean-nóis Chonamara’'