Cad as duit? An freagra ceart ná is as an bpláinéad céanna dúinn…

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo,  grianghraif spéisiúla agus leabhar gearrthóg neamhchoitianta

Cad as duit? An freagra ceart ná is as an bpláinéad céanna dúinn…

För 

Grianghraif le Agnieszka Sosnowska 

Foilsithe ag Trespasser, Austin, Texas, 2024 

88 lch 

Toisí: 11×13½”

 Más eachtrannach é nó í an tiománaí tacsaí, an dochtúir, nó an freastalaí bialainne, abair, atá ag freastal ort, an ndéarfá ‘Cad as duit?’ leis an duine sin? An freagra ceart ná is as an bpláinéad céanna dúinn araon. 

Ina dhiaidh sin is uile, bíonn cúlra spéisiúil ag daoine áirithe. Is Polannach í Agnieszka a bhog go Bostún. Níor bhraith sí ina Polannach ná ina Meiriceánach, áfach, ach braitheann sí sa bhaile anois in Oirthear na hÍoslainne. 

Leabhar Gearrthóg Brónach

I carry Her photo with Me 

le Lindokuhle Sobekwa 

MACK a d’fhoilsigh 

Luach: €40,00


 

Tháinig Lindokuhle Sobekwa ar phortráid teaghlaigh agus aghaidh a dheirféar Ziyanda gearrtha amach as. Bhí sí fiáin, rúnda, garbh, an cailín céanna. Chuaigh sí ag rith ina dhiaidh, lá, agus bhuail carr í. D’imigh sí ansin agus níor tháinig ar ais go ceann deich mbliana, agus í tinn. 

Ba ghrianghrafadóir é Lindokuhle faoin am sin. Tháinig solas álainn isteach tríd an bhfuinneog, lá, agus lonraigh ar a haghaidh. Theastaigh uaidh grianghraf a ghlacadh di ach chuir sí ina choinne. Cailleadh go gairid ina dhiaidh sin í. 

Leabhar gearrthóg, ar shlí, le nótaí lámhscríofa atá sa leabhar neamhchoitianta seo agus an Afraic Theas aimsir na cinedheighilte sa chúlra. 

 

Fág freagra ar 'Cad as duit? An freagra ceart ná is as an bpláinéad céanna dúinn…'