Tá Baz Ashmawy ag dul ó philéar go posta in RTÉ le blianta agus iad ag iarraidh an t-ardán is oiriúnaí dó a aimsiú. Láithreoir geanúil, báúil, greannmhar é a bhfuil lé aige leis an saothar éadrom. B’eo chugainn an tseachtain seo é leis an dara séasúr de Best Place to Be (RTÉ1, Dé Máirt).
Coincheap an tsaothair seo ná go n-ardódh Baz a sheolta le tabhairt faoi thíortha i gcéin mar a bhfuil Éireannaigh tar éis dul ar eisimirce chucu. I rith an tséasúir seo tá sé le cuairt a thabhairt ar an gCipir, an Fhrainc, an Phortaingéil agus an Eilvéis. An tseachtain seo, áfach, thug sé a aghaidh ar an mBruiséil mar a mbuail sé le daoine atá buailte fúthu ansin. Insíodh dúinn go bhfuil tuairim is 10,000 Éireannach sa Bheilg, a bhformhór sa bpríomhchathair.
Ar shlí sí an Bhruiséil príomhchathair an Aontais Eorpaigh, rud a fhágann go bhfuil meascán mearaí de theangacha, ciníocha agus cultúr ann. Bhí an t-ilteangachas agus an ilchultúrthacht seo mar théama láidir sa gclár. Tóg an chéad aoi mar shampla, Ann Marie Delahunty atá ag obair mar mhaisitheoir intí le blianta. Tá sí pósta le Pléimeannach agus tá Béarla is Ollainnis acu ag baile lena gclann iníon. Dhein Baz gáire nuair a chuala sé na cailíní ag labhairt as Béarla mar gur tuin na hÉireann a bhí ar a gcuid cainte. An t-údar leis sin ná Éireannaigh ar fad a bhíonn ag labhairt Béarla leo.
Leath a chuid súl tuilleadh le hiontas nuair a bhuail sé le Caitríona Keevans agus Seán Ó Buachalla; iad ag iarraidh a bpáistí a thógaint go trítheangach le Gaeilge san áireamh. Tá Seán agus cara leo, Aisling ó Thír Eoghain, ag obair mar aistritheoirí leis an Aontas. Déantar paiste beag cainte faoin aistriúchán agus stádas na Gaeilge ach bogtar ar aghaidh. É soiléir gur seo an chéad uair gur chuala an láithreoir aon ní faoi seo. Mheabhraigh meon ilteangach réchúiseach na cathrach sin dom nach bhfuil ár meon féin thar mholadh beirte.
Lena cheart a thabhairt do Baz is é atá deas aíonna a chur ar a gcompord agus caint a mhealladh astu. Tá sé réchúiseach agus cuileachtúil gan a bheith roghoilliúnach fé chúrsaí. Téama a tháinig chun cinn go láidir ná praghas na tithíochta agus an chíosa anseo in Éirinn; daoine óga ag fáil postanna breátha agus lóistín réasúnta; rud a thugann deis dóibh cúpla pingin a choigilt.
Shleamnaigh an leathuair an chloig ar aghaidh go taitneamhach. Nuair a chuaigh Baz go príomhchathair an Aontais Eorpaigh ní raibh aon choinne aige go mbeadh sé ag canadh ‘Beidh Aonach Amárach’ le leanaí óga. Sin cathair ilteangach agat, sin áit gur bhreá leat a bheith.
Fág freagra ar 'Cuairt thaitneamhach ag Baz ar an mBruiséil agus ar Ghaeilgeoirí na Beilge'