Ag triall ar scoil Merriman, strainséirí ag caint liom, an saol ina cheart arís…

Cé a casadh orm ach…is deas scéalta nach raibh aon tsúil leo a chloisteáil arís

Ag triall ar scoil Merriman, strainséirí ag caint liom, an saol ina cheart arís…

Bhraith mé go raibh ré na paindéime thart go hiomlán nuair a thosaigh mé ag castáil le daoine gan choinne arís agus ag cloisteáil scéalta nach raibh aon tsúil agam leo.

Bhí tráth ann agus chastaí strainséirí orm ar an Dart a d’insíodh scéal a mbeatha dom, nó thosaíodh bean éigin i siopa cniotála ag caint liom, nó bheadh teacht le chéile ann ina mbeadh caint agus scéalaíocht ina ndlúthchuid de. Ach tháinig deireadh tobann leis sin.

Mheas mé go raibh daoine an-chúramach faoin gcuartaíocht agus faoin teagmháil phearsanta go dtí le fíorghairid. Bhí mé ag déanamh amach go mb’fhéidir nach gcloisfinn aon fhaoistin phearsanta arís go brách – agus go mbeadh orm gort nua a threabhadh ar son mo chuid léitheoirí dílse.

Ach gan choinne, bhí taoille tuile ann Déardaoin seo caite. Agus go tráthúil, is ag réiteach le dhul chuig Scoil Gheimhridh Merriman a bhí mé an lá céanna. Go tráthúil a deirim, toisc go mbeadh an taoille agus saol na mara faoi chaibidil againn le linn na deireadh seachtaine.

Agus peataireacht á déanamh orm i ngnó beag áitiúil, bhí mé ríshásta go raibh deireadh ar fad le mascanna agus leis na ballaí beaga plaisteacha idir na custaiméirí. Is ar éigean a bhí mé in ann coinneáil suas leis na comhráite suimiúla a bhí ar siúl thart orm.

Sa scáthán a chonaic mé an chéad duine a raibh aithne agam uirthi – ach cinnte, bhí trí bliana ann ó leagamar súil ar a chéile. Bhí sí ag síneadh ‘tip’ ag an gcailín le mo thaobh nuair a chonaic sí mé. ‘Sílim go bhfuilimid beirt ag triall ar an áit chéanna an deireadh seachtaine seo,’ ar sise, le teann áthais. ‘Merriman?’

Bhí cinnte. Thosaigh na freastalaithe thart orainn ag déanamh iarracht pé Gaeilge a bhí acu a labhairt. ‘Tá an-mheas againne ar an mbean sin,’ a dúirt siad ar fad nuair a d’imigh sí.

Tháinig an bhean aníos ón deasc fáilte chomh fada linn.

‘D’oibrigh m’athair agus fear céile na mná sin le chéile uair amháin,’ a dúirt sí. Bhí mé cinnte go raibh dul amú uirthi – nach eachtrannach nó duine le hainm eachtrannach a bhí inti féin? Cén chaoi a bhféadfadh duine muinteartha léi a bheith sáite i saol na hollscolaíochta Gaeilge?

‘Ar chuala tú trácht ariamh ar Heinrich Wagner?’ a d’fhiafraigh sí. Bhain sí an anáil díom. Seo bean a raibh mé tar éis labhairt léi go minic thar na mblianta agus ní raibh a fhios agam gurb í an t-aon iníon agus an t-aon pháiste a bhí ag an scoláire mór Gaeilge as an Eilvéis, an fear a d’fhoilsigh an Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects idir 1958 agus 1969.

Rinne mé grinnstaidéar, mar is dual dom, ar Wikipedia agus mé sa mbaile agus thug mé faoi deara go raibh an-slacht ar an gcur síos ar Heinrich Wagner ann. Agus tuige nach mbeadh agus é scríofa ag Séamus Mac Mathúna, scoláire mór Gaeilge é féin? Agus bhí ainm mo chailín luaite ansin ina lár.

Agus ansin go tobann, ó chultúr amháin go dtí cultúr eile ar fad…

Tháinig deireadh lena gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a labhairt sa ‘salon’ agus chuala mé siosarnach ag dul timpeall faoi ‘athair’ dhuine éicint. Shíl mé gur ag caint faoi athair dhuine de na páistí beaga a bhí siad.

‘An bhfuil a fhios agat go bhfuil an t-athair ag glacadh páirt in Dancing with the Stars?’ a fiafraíodh díom. B’éigean dom a admháil nach mbreathnaím ar an tsraith teilifíse áirithe sin. Ní fhéadfaidís a chreidiúint go raibh mé chomh haineolach sin ar an imeacht mór cultúrtha seo.

Murar leor de pheaca é sin, bhí an ‘t-athair’ mícheart i m’intinn agam. Míníodh dom go foighdeach gurbh é Shane Byrne, an t-imreoir rugbaí (agus damhsóir) a bhí faoi thrácht acu agus nach raibh a iníon tar éis mo chuid gruaige a ní? Ní mhaithfear dom go ceann i bhfad é.

Ach bhí bean an tséidtriomaithe ag caint liom. Lig sí osna. Bhí dhá lá breithe ag teacht aníos – a ceann féin agus ceann eile sa gclann.

‘Chuir mo dheirfiúr fógra ar Facebook an lá cheana ag fógairt go raibh lá breithe a mic ag teacht aníos,’ a dúirt sí liom. ‘Ach go dtí le gairid is iníon a bhí aici.’

Shíl an deirfiúr gurb é an bealach ab fhearr leis an scéala a chur amach ná fógra sna meáin shóisialta. Ach ní raibh aon choinne leis agus bhí go leor den chlann mall ag tuiscint an scéil. ‘Cé hé Seán?’ a d’fhiafraigh uncail amháin.

Ba léir go raibh sí féin ag glacadh leis an scéal ar bhealach tuisceanach. ‘Seo é an saol anois,’ a dúirt sí. Agus cinnte, bheadh sí ag dul chuig an gcóisir.

Bhuel, bhí mise fós ar mo bhealach chuig Scoil Merriman. Bhí leabhar nua Joseph O’Connor ceannaithe agam agus cuid de léite agam cheana féin. Ar an Dart thosaigh mé ag inseacht do mo chompánach taistil faoin méid a bhí léite agam sa leabhar faoi Delia Kiernan, bean chéile an Ambasadóra Tom Kiernan.

Cheap mé go raibh ábhar an-spéisiúil sa chuntas a thug sí féin sa leabhar ar a saol sa Róimh le linn an Dara Cogadh Domhanda agus an bhaint a bhí aici le scéal an Monsignor Hugh O’Flaherty.

Bhuail strainséir trasna an phasáiste bleid orm.

‘An bhfuil tú ag trácht ar Delia Murphy – Delia Kiernan?’ a d’fhiafraigh sé. ‘Tá, cinnte’ a dúirt mé féin. ‘An bhfuil leabhar nua Joseph O’Connor léite agat?’ arsa mise.

‘Níl a fhios agamsa tada faoi leabhar,’ a dúirt sé. ‘Ach bhíodh Delia Murphy, an t-amhránaí, ar cuairt ins an teach s’againne go minic sna caogaidí, nuair bhí mise i mo ghasúr.’

Bhí sí féin agus a fear céile an tAmbasadóir Tom Kiernan tagtha abhaile faoin am sin agus iad ina gcónaí i dteach in aice leo. Ba mhinic Delia istigh sa seomra suite agus í ag gabhail fhoinn – ba chuimhneach leis go háirithe ‘The Spinning Wheel’ agus ‘The Blackbird’ á gcasadh go binn, ceolmhar aici.

Bhíodh Delia Murphy, an t-amhránaí, ar an raidió go minic agus mise óg. Ní raibh a fhios ag daoine an t-am sin go raibh dlúthbhaint aici leis an Mons O’Flaherty agus é i mbun iarrachtaí le Giúdaigh agus saighdiúirí de chuid na gComhghuaillithe a smugláil amach as an Róimh agus an chathair ársa sin faoi smacht na Naitsithe.

Strainséirí ag caint liom ar an Dart! Bhí an saol ina cheart arís agus beidh mé ag biorú mo chluasa feasta.

Fág freagra ar 'Ag triall ar scoil Merriman, strainséirí ag caint liom, an saol ina cheart arís…'

  • Léitheoir Éigin

    An phaindéim thart agus an saol ina cheart aríst, an ea?

    Ó thús na bliana 2023, fuair breis is ceithre scór Éireannaigh bás de dheasca Chóivid (1). I dtíortha an AE go léir, fuair 1,001 duine bás de dheasca an ghalair chéanna an tseachtain seo caite (2).

    Chun greim níos fearr a fháilt ar na figiúirí sin, d’fhéadfaí breathnú orthu mar seo: Is ionann líon na ndaoine a fuair bás de dheasca Chóivid in Éirinn ó thús na bliana agus líon ndaoine a theastódh chun bus de chuid Bhus Átha Cliath a líonadh – bheadh dhá bhus de chuid Bhus Éireann ag teastáil. Maidir le líon na ndaoine a fuair bás dá dheasca i dtíortha an AE an tseachtain seo caite, líonfaidís cúig eitleán de chuid Aer Lingus. Sea, cúig cinn d’eitleáin de mhairbh in aon tseachtain amháin.

    Tá na mílte duine in Éirinn, na milliúin duine ar fud an domhain, ag streachailt le Cóivid Fada – cuid acu le míonna anuas, cuid acu le blianta anuas – agus tá na figiúirí sin ag dul in airde an t-am ar fad toisc go mbíonn daoine ag tolgadh, agus ag atolgadh, na haicíde an t-am ar fad. Breoiteacht uafásach is ea an Cóivid Fada agus ní breoiteacht annamh is ea í in aon chor, faraor. Tuigimid é sin anois toisc go dtuigimid an galar i bhfad níos fearr le tamall anuas, ar an ndea-uair (3). Ar an ndrochuair, ní thuigimid conas Cóivid Fada a leigheas – go fóill.

    Ní hamháin go bhfuil tuiscint níos fearr againn ar Chóivid Fada ach tá tuiscint níos fearr againn ar an víreas SARS-COV-2 é féin. Tá neart taighde déanta anois a léiríonn – .i. a dheimhníonn – a chontúirtí is atá an víreas áirithe seo, a thromchúisí is atá an dochar a dhéanann sé don gcóras imdhíonachta (4), don gcóras cardashoithíoch (5) agus don inchinn (6).

    Anuas ar na rudaí sin go léir, tá deacracht eile againn – deacracht nach é an víreas ach sinn féin is cúis léi: Tá an chuid is mó de mhuintir na tíre, agus de thíorta an Iarthair i gcoitinne, éirithe as masc a chaitheamh, cé nach bhféadtar na mascanna a shárú mar chosaint ar an víreas. Ní hamháin go gcosnaíonn na mascanna daoine ar an víreas, ach léiriú is ea iad ar an meas atá againn ar dhaoine atá leochaileach. B’fhéidir nach dtaitníonn an masc leat – b’fhéidir go gcuireann sé isteach ar do chuid cúléisteachta, abair -, ach nach mbeifeá sásta cur suas leis an míchompord a bhaineann leis chun daoine leochaileacha a chosaint – daoine leochaileacha go mbeadh orthu úsáid a bhaint as an gcóras iompair poiblí, cur i gcás, nó a gcuid siopadóireachta a dhéanamh san ollmhargadh áitiúil? Rud nach dtuigeann mórán daoine, leis, ná nach leor a rá gur féidir leis na daoine leochaileacha a masc féin a chaitheamh. Chun go mbeadh mascanna éifeachtach, caithfidh móramh na ndaoine ceann a chaitheamh. Dá mhó líon na ndaoine a chaitheann masc is amhlaidh is sábhálta sinn go léir. Tá an-alt ag George Monbiot fé cheist na mascanna agus ceist caighdeán an aeir (7).

    Níl ann ach cuid dá bhfuil ar eolas againn anois i dtaobh an víris chorónaigh agus an dochair a dhéanann sé.

    Más féidir le duine breathnú ar na fíricí seo thuas agus bheith ag maíomh go bhfuil an phaindéim thart agus an saol ina cheart aríst is dócha go bhfuil rud éigin mícheart san inchinn aige… Cá bhfios ach SARS-COV-2 is cúis leis?

    NÓTAÍ:
    1. https://covid19ireland-geohive.hub.arcgis.com/pages/detailed-profile-of-cases

    2. https://www.ecdc.europa.eu/en/covid-19/country-overviews

    3. https://www.nature.com/articles/s41579-022-00846-2

    4. https://www.nature.com/articles/s41590-021-01113-x ; https://www.rte.ie/brainstorm/2022/0926/1325480-covid-immune-system-infectious-diseases-colds-flu/

    5. https://www.nature.com/articles/d41586-022-00403-0

    6. https://www.health.harvard.edu/blog/the-hidden-long-term-cognitive-effects-of-covid-2020100821133

    7. https://www.theguardian.com/commentisfree/2023/jan/26/covid-roulette-clean-air-ventilation-long-covid