Ag feadaíl sa dorchadas atá aon duine a cheapann nach mbeidh tionchar ó thuaidh ag an reifreann

Bhí ollbhua lucht na haisghairme ar an Ochtú Leasú ar an mBunreacht sa Phoblacht chomh mór agus chomh cuimsitheach sin nach féidir neamhshuim a dhéanamh de ó thuaidh

Ag feadaíl sa dorchadas atá aon duine a cheapann nach mbeidh tionchar ó thuaidh ag an reifreann

Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Cén tionchar a bheidh ag toradh an reifrinn faoin nginmhilleadh ar Thuaisceart Éireann? Dar le feachtasóirí agus roinnt polaiteoirí go bhfuil sé doshéanta anois go gcaithfidh an Tuaisceart na diansrianta ar fhoirceannadh toirchis a scaoileadh.

Ach cá ndéanfar é? In Westminster go luath? Nó in Stormont lá éigin?

Bhí ollbhua lucht na haisghairme ar an Ochtú Leasú ar an mBunreacht sa Phoblacht chomh mór agus chomh cuimsitheach sin nach féidir neamhshuim a dhéanamh de ó thuaidh. Táthar ag cur suntais sa scéal sa Bhreatain freisin, go háirithe ó tá i bhfad níos mó suime á cur ansin i  bhfeisirí Parlaiminte an DUP ó chuaigh an páirtí sin chun leapan leis na Caomhaigh.

Baineadh siar as go leor den aicme pholaitiúil thall anuraidh nuair a thosaigh siad ag scrúdú leagan amach an DUP den chéad uair. Ní raibh a fhios go dtí sin gur úsáid an DUP veto i Stormont chun vóta i bhfabhar an phósta chomhghnéis a chealú agus go raibh an t-eiteachas tugtha acu d’aon leasú ar an toirmeasc ar ghinmhilleadh. Ní raibh a fhios ag a lán nach bhfuil Acht ginmhillte na Breataine 1967 i réim sa chuid seo den Ríocht Aontaithe. ’Sé Acht na gCionta in Aghaidh an Duine 1861 an dlí a rialaíonn ginmhilleadh abhus. Ceadaítear é sa chás go mbeadh beatha na máthar i mbaol nó go ndéanfaí dochar buan dá sláinte. Níl sé ceadaithe i gcás féatais nach mbeadh inmharthana ná de bharr éignithe nó ciorrú coil.

Fearacht go leor de na polaiteoirí ó dheas nach raibh i dtiúin leis an bpobal tá seans maith go bhfuil scata de pholaiteoirí Thuaisceart Éireann dall ar thaithí saoil na ndaoine abhus. Tá malairt tuairimí ag polaiteoirí i ngach páirtí. Beidh comhdháil speisialta ag Sinn Féin faoin ábhar i mBéal Feirste an mhí seo chugainn, mar shampla. Thug SDLP saoirse coinsiasa d’ionadaithe faoin gceist seo le déanaí, ach tá siad ag rá gur páirtí ar son na beatha iad. Tá saoirse coinsiasa ag lucht Alliance agus an UUP chomh maith. Diúltaíonn an DUP as éadan don ghinmhilleadh.

Nuair a fógraíodh toradh an reifrinn ó dheas, dúirt ceannaire an DUP, Arlene Foster nach mbeadh tionchar dá laghad aige ar an dlí abhus. Ag feadaíl sa dorchadas a bhí sí. Ar ndóigh ní athraíonn imeachtaí i stát eile an dlí ach níl aon dul as ach go n-athraíonn siad comhthéacs.

Díol suntais ab ea é gur dhúirt sciar mór de na vótóirí ó dheas nár athraigh siad a n-intinn le cúig bliana anuas. B’in aimsir an reifrinn dheiridh, tar éis bhás tragóideach Savita Halappanavar. Chomh maith leis an scéal sin a bhí i mbéal an phobail i gcónaí, ba léir go raibh éifeacht ar an toradh ag scéalta pearsanta a roinneadh le gaolta nó le cairde. Bhí na mílte scéal i gceist.

Is amhlaidh atá anseo. Imíonn 800 thar farraige as Tuaisceart Éireann gach bliain chun ginmhilleadh a fháil, ar iliomad cúiseanna. Cause célèbre ab ea cás Sara Ewart a d’inis faoin gcruatan a bhí i ndán di nuair a b’éigean di a dhul go Sasana toisc nach raibh a féatas inmharthana. Rialaigh cúirt gur sáraíodh a cearta daonna – táthar ag fanacht le rialú na Cúirte Uachtaraí ar achomharc. Tá a fhios freisin go dtógann daoine drugaí ginmhillteacha – go deimhin cúisíodh bean amháin as piollaí a thógáil.

D’fháiltigh Sara Ewart roimh thoradh an reifrinn ó dheas ag rá go mbeadh sé níos furasta ag mná an Tuaiscirt a dhul thar teorann, ach bhí sí meáite de gurbh fhearr go mór seirbhísí a bheith ar fáil ag baile. Mhaígh sí go raibh dualgas ar Rialtas na Breataine gníomhú cheal Stormont. Deir Amnesty i dTuaisceart Éireann an rud céanna agus tá siad ag bailiú ainmneacha d’achainí atá le déanamh ar an Státrúnaí Karen Bradley. I bpobalbhreith bliain go leith ó shin bhí 56% i bhfabhar Acht na Breataine 1967 a chur i bhfeidhm abhus agus 18% i bhfabhar an ghinmhillte faoi choinníollacha níos teoranta; móramh mór é sin.

Tá drogall ar Theresa May a ladar a chur sa scéal agus lucht a hoifige ag rá gur ábhar díláraithe é. Gan dabht ní theastaíonn uaithi achrann a chothú leis an DUP, ach ta brú i Westminster. Tá mná i measc na dTóraithe den bharúil go gcaithfidh Westminster beart a dhéanamh. Ghéill Theresa May anuraidh do bhrú ón Lucht Oibre – le tacaíocht ó roinnt Tóraithe- chun maoiniú a cheadú le haghaidh ginmhilleadh ar an NHS do mhná as an Tuaisceart. Chuir an DUP suas leis.

An leanfar an sampla sin arís? Drochsheans go dtarraingeodh an DUP olltoghchán dá bharr. Deir Mary Lou McDonald agus Michelle O’Neill gur dlí Éireannach atá uathu (ó Stormont) ach cheapfá go gcuirfeadh siad suas le cinneadh ó Westminster. Tá caint ansin ar fhoráil a cheadódh ginmhilleadh abhus a chur leis an mBille faoi Fhoréigean Teaghlaigh atá faoi chaibidil faoi láthair. Tá airí, iar-airí agus go leor sa bhfreasúra in Westminster ina fhabhar sin. Ghlacfaí leis gan dua, beag beann ar an DUP, dá mbeadh saorvóta ag feisirí.

Fág freagra ar 'Ag feadaíl sa dorchadas atá aon duine a cheapann nach mbeidh tionchar ó thuaidh ag an reifreann'