Gan ach beagán le cois deich lá fágtha agam ar mo chuairt ar an Úcráin bhí sé in am Lviv a fhágáil ar feadh roinnt laethanta agus cuairt a thabhairt ar chathair Dnipro atá níos faide soir. Turas 14 uair an chloig thar oíche ar thraein. Bhí atmaisféar mothálach le brath ar an ardán. Saighdiúirí tromchroíocha ag fágáil slán lena dteaghlaigh. Meabhrú, má theastaigh sé, go bhfuil cogadh ar siúl.
Bhí sé doiligh titim i mo chodladh. Smaointe agus ceisteanna ag rith trí mo cheann. Tá Dnipro i bhfad níos gaire don líne thosaigh. Bíonn sé faoi ionsaí níos minice ná mar a bhíonn Lviv. Ach bhí sé mar sprioc agam ó thús dul agus an abhainn mhór mhaorga sin a fheiceáil. Chuir gluaiseacht agus rithim na traenach chun codlata mé faoi dheireadh.
Dhúisigh mé ar maidin agus gan fágtha den aistear ach thart fá cheithre uair an chloig Bhí an traein ag rith trí mhachairí móra gráin a bhí ag síneadh go himeall na spéire. Gan amhras sin ceann de na cúiseanna ar thosaigh Putin an cogadh seo. Ní hé seo an chéad uair go raibh an Rúis ag iarraidh smacht a bheith acu ar an acmhainn luachmhar seo atá san Úcráin.
Sna 1930idí nuair a chuir Stalin comhiomlánú éigeantach talún i bhfeidhm, thóg an rialtas Sóivéadach an talamh uilig ó na feirmeoirí agus bhunaigh sé feirmeacha móra faoi smacht an stáit. Idir chuótaí neamhréalaíocha, phionóis agus iarrachtaí stop a chur le haon ghluaiseachtaí náisiúnacha is ar éigean a fágadh grán ar bith sa tír. I dtréimhse bliana, sea, bliain amháin, bhásaigh idir 3.9-7 milliún duine le hocras. Tugtar an Голодомор (Holodomor – bás ón ocras) ar an slad seo a rinne Stalin.
Fuair mé tacsaí ón вокзал (vokzal – stáisiún traenach) go dtí an t-óstán. Bhí mo rang Úcráinise agam le Marta. Ag glacadh leis go mbeidh leictreachas againn beirt agus an t-idirlíon ag obair mar is ceart beidh siad uilig ar líne an tseachtain seo.
Tar éis an ranga, shiúil mé ón óstán le hamharc a fháil ar abhainn an Dnipro den chéad uair sula rachainn chuig Halla Cheolfhoireann Dnipro chun freastal ar cheolchoirm a chuir mé in áirithe agus mé ar an traein.
Tharla sé go raibh ceolchoirm ar siúl, dar teideal Співає Україна (Spivaye Ukrayina – An Úcráin ag Canadh), le grúpa ban, Etnika, a bhí ag seinm an бандура (bandura), uirlis thraidisiúnta, mar thionlacan leis na hamhráin ó réigiúin éagsúla na hÚcráine a cheol siad. Idir an ceol binn agus na radharcanna áille ealaíonta físe a bhí sa chúlra tugadh mé ar thuras draíochta ceoil timpeall na tíre. Ba phribhléid a bhí ann a bheith i láthair.
An oíche sin, fuair mé téacs ó mo chara Andriy ag fiafraí an raibh mé ábalta iarann sádrála a úsáid. Tá sé le mé a thabhairt go dtí baile beag taobh amuigh de Lviv ar an Domhnach seo chugainn le bualadh leis an ngrúpa deonach déanta drón. Ach anois is léir go bhfuil sé ar intinn aige go gcuirfeadh mise ceann acu le chéile. Beidh orm mo scileanna sádrála a chleachtadh.
An lá dár gcionn chuaigh mé i dtacsaí go dtí siopa earraí leictreonacha, ón Правий берег (Pravyy bereh – Bruach deis) atá ar an taobh thiar den abhainn, go dtí an Лівий берег (Livyy bereh – Bruach clé) ar an taobh thoir. Cheannaigh mé gach a mbeadh ag teastáil fa choinne sádrála.
Chinn mé an bhreis is sé chiliméadar ar ais go dtí an óstán ar an taobh thiar a shiúl. Bheadh deis cheart agam seasamh ar an droichead os cionn na habhann seo, abhainn atá 2,200 ciliméadar ar fad. Go stairiúil, bhí sí ina bealach trádála ríthábhachtach agus murach an cogadh seo bheadh go fóill.
Tá sí riachtanach don talmhaíocht agus earnálacha fuinnimh na hÚcráine. Roimh an gcogadh bhí sé stáisiún hidrileictreacha uirthi. Ó shin tá ionsaithe rialta déanta orthu go léir. Scriosadh damba agus stáisiún hidrileictreach Kakhovkai mí an Mheithimh 2023. Creideann saineolaithe go ndearna na Rúisigh é seo d’aon gnó le cur isteach ar fhrithionsaí fhórsaí na hÚcráine.
Ar an droichead, chuaigh na céadta carranna, busanna, agus leoraithe tharam. Stop mé roinnt uaireanta le hamharc thart.
Is cathair mhór thionsclaíoch í Dnipro ina bhfuil daonra de thart fá 937,000. Tá an taobh thiar níos nua-aimseartha agus is ann atá na hÚdaráis, na hollscoileanna, na comhlachtaí teicneolaíochta faisnéise agus na hionaid mhóra siopadóireachta, lonnaithe. Tá monarcha, mar aon leis na seanbhlocanna árasán ó ré na Sóivéide, suite ar an taobh thoir.
Agus mé ag breathnú soir agus siar uaim, ní raibh mé ábalta gan smaointiú ar caidé atá i ndán do phobal na cathrach agus na tíre seo? Caithfidh an Eoraip agus tíortha ‘an iarthair’ níos mó a dhéanamh le cuidiú, a dúirt mé liom féin.
Bhí obair ullmhúcháin chun an chathair a chosaint le feiceáil in áiteacha. Cosaintí frith-thancanna réidh le bóithre a bhlocáil chomh maith le dúnáin choincréite do shaighdiúirí socraithe in áiteacha straitéiseacha. Tá súil agam go mbeidh an lámh in uachtar ag an Úcráin gan mhoill agus go mbeidh an pobal ábalta tabhairt faoi shaol s’acu a atógáil.
D’fhill mé ar Lviv i ndiaidh cúpla lá eile a chaitheamh i Dnipro agus ar an Domhnach chuaigh mé le bualadh le hoibrithe deonacha Andriy, dream ar a dtugann siad an ’Dragon Lab’.
Seo an grúpa chuig a seolann mé síntiúis le cuidiú leo páirteanna a cheannach le dróin a thógáil don arm. Mhínigh Andriy dom go bhfuil na dróin ríthábhachtach. “Tá ganntanas armlóin ar an arm agus is bealach praiticiúil atá in obair ár ngrúpa le tacú leis na hiarrachtaí an namhaid a dhíbirt,” a dúirt sé. “Is dróin ‘Kamikaze’ is mó a tháirgeann muid. Sin na cinn is mó éileamh.”
Is í Maria, cailín trí bliana déag d’aois, a bhí mar mhúinteoir agam agus threoraigh sí mé sa dóigh leis na páirteanna uilig don drón a chur le chéile. Fráma, mótar, aeróg, ceamara, seachadóir físe, rialaitheoir eitilte, srl.
Nuair a bhí an obair sin críochnaithe rinne deartháir óg Maria (11 bliain d’aois) an obair ríomhaireachta is gá a dhéanamh ar an drón. “Tá dea-thoil ag na páistí,” arsa Andriy. “Déanann muid iarracht iad a thógáil le grá a bheith acu don Úcráin, cuidiú le daoine eile, cuidiú leis an arm. Is iadsan todhchaí na tíre, todhchaí na hÚcráine. Tá muid ag iarraidh go bhfásfaidh siad agus mbeidh rath orthu.
“Tá a fhios againn an sórt comharsan atá againn agus fiú i ndiaidh dúinn an bua a fháil sa chogadh seo tá a fhios againn go mbeidh baol mór ann go mbeidh orainn troid arís eile. Tá muid ag iarraidh go mbeidh siad [na páistí] réidh más gá dóibh troid agus iad féin agus a dtír a chosaint.”
Achan mhí éiríonn leis an ‘Dragon lab’ idir 35-40 drón a sheoladh go dtí an t-arm. Déantar diantástáil ar achan cheann roimh ré lena chinntiú go bhfuil siad ceart ó thaobh eitilte, iompar meáchain, nasc físe srl. “Dar ndóigh ba bhreá linn a bheith ábalta níos mó ná sin a chur ar fáil mar tá siad riachtanach.” a dúirt Andriy.
“Tá sé tábhachtach dúinne, don Úcráin, go bhfuil tacaíocht ag teacht chugainn ó gach cearn den domhan. Is cuma más airgead, armlón nó tacaíocht de chineál eile atá ann tugann sé uilig spreagadh agus muinín dúinn.”
Is féidir liom a rá gur múinteoir iontach maith í Maria. Ní raibh deacracht leis an drón. D’eitil sé gan stró. Déanfaidh Andriy tástálacha eile air sa tseachtain amach romhainn agus ní fada nó go mbeidh sé ar an mbealach go dtí an líne thosaigh sa chogadh in oirthear na tíre.
Is cinnte gur spreagadh iad na hÚcránaigh dom.
Tá siad bródúil. Bródúil as a dtír, a dteanga, a gcultúr agus a bhféiniúlacht. In ainneoin na srianta atá orthu tá siad ag seasamh an fhóid, ag cosaint, ag troid lena saoirse a bhaint amach. Tá siad cliste, cruthaitheach agus iontach inniúil agus seasann sé sin dóibh.
Ar an drochuair tá deireadh tagtha le mo chuairt ar an tír álainn seo. Tá mé chomh buíoch as an fháilte a cuireadh romham. Chas mé le daoine suimiúla agus chuir mé aithne ar go leor daoine maithe. Tá sé doiligh slán a fhágáil le cairde agus le pobal nuair atá a fhios agat go bhfuil siad i gcruachás.
Mar a dúirt Andriy liom arís nuair a bhuail muid le chéile le greim a ithe, cuireann siad fáilte roimh achan sórt tacaíochta, bíodh sé beag nó mór. Leanfaidh mé féin orm ag tacú leis an ngrúpa seo a gcuid drón a thógáil. Dá mhéid an tacaíocht a fhaigheann grúpaí mar iad is ea is luaithe a bheidh na Rúisigh curtha abhaile agus beidh muid uilig níos fearr as dá bharr.
Слава Україні – Glóir don Úcráin.
Máire
Is trua faoin naimhdeas atá ag dream beag ach glórach i saol na Gaeilge do na hÚcráinigh. An chuid is mo den dream seo níl aon aithne acu ar an fíor-Úcráin nó ar fíor-Úcráinigh agus níl aon spéis acu aithne a chur orthu. B’fhearr leo a bheith ag lorg ábhar ar an idirlíon a dheireann leo an rud ar mian leo a chreidiúnt ar aon nós.
Carraig
‘Bródúil as a dteanga, a gcultúr, a bhféinúlacht.’
B’fhéidir go mbeadh Maria, 13 bliana d’aois (arbh í do mhúinteoir í) sásta teacht anall anseo agus ranganna a spreagfadh na nithe sin ionainne, a mhúineadh? Is géar a theastódh a leithéid.