Ag dul i ngleic le roic le táirge ‘míorúilteach’ nua – bakuchiol

Ní le mianta an duine cuma níos óige a bheith ar a chraiceann i gcónaí amháin a bhaineann fiúntas an ábhair nua seo mar is cúnamh an-mhór é freisin do dhaoine a bhfuil aicne ar a gcraiceann, a deir ár gcomhfhreagraí

Ag dul i ngleic le roic le táirge ‘míorúilteach’ nua – bakuchiol

Níor chuala mé aon trácht ar an bhfocal ‘bakuchiol’ go dtí le fíorghairid ach tá tuairim agam go mbeidh muid ar fad ag cloisteáil cuid mhaith faoi sna blianta seo romhainn.

Is cosúil gur ábhar míorúilteach é a thagann ó phlanda ar a dtugtar babchi a fhásann san India.

 Roinnt bheag blianta ó shin, tháinig taighdeoirí eolaíochta ar fhianaise go raibh tionchar an-mhór ar fad ag an ábhar bakuchiol ar chraiceann an duine agus go raibh sé in ann laghdú suntasach a chur ar roic agus ar fhadhbanna eile craicinn.

 Tá toradh an taighde ar fad a rinneadh ó shin ag teacht chun foirfeachta anois agus bakuchiol curtha ar an margadh don phobal.

 Is cosúil go bhfuil stangadh bainte as lucht cúram cnis ag an ábhar nua seo agus iad den bharúil go bhfuil sé níos fearr agus níos feiliúnaí ná retinol, an príomhábhar a bhíodh ar fáil go dtí seo le cuma óigeanta a choinneáil ar an gcraiceann agus le dul i ngleic le roic.

 An fhadhb is mó a bhíonn leis an retinol ná go mbíonn sé fíorchrua ar an gcraiceann féin agus go bhfuil teorainn an-docht leis an méid is féidir a úsáid mar go bhfágann sé dath dearg ar an gcraiceann agus go mbíonn cuid de ag imeacht ina screamhóga fad is a bhíonn sé ag déanamh maitheas i gcás na roc.

 Is cosúil go gcruthaíonn an taighde ar fad nach bhfuil an fho-iarmhairt nó an tionchar sin ar chor ar bith ag bakuchiol.

Dúirt saineolaí deirmeolaíochta amháin, an Dr. Joshua Zeichner, in agallamh le gairid gurbh é an bakuchiol “an t-aon úsc luibheolaíocht go dtí seo a raibh torthaí le feiceáil air a bhí chomh maith le torthaí retinol agus a cruthaíodh go cliniciúil – spreag sé táirgeadh collaigine, neartaigh sé an craiceann agus laghdaigh sé na roic agus na línte ar an gcraiceann gan cur as don chraiceann féin”.

Chruthaigh taighde eolaíochta a foilsíodh san iris International Journal of Cosmetic Science go raibh laghdú mór ar roic tar éis bakuchiol a úsáid ar feadh 12 seachtain agus léiríodh é sin le pictiúir a tógadh roimh agus i ndiaidh a úsáide.

Ach ní bhaineann fiúntas an ábhair nua seo le tionscal na háilleachta amháin ná le mianta an duine cuma níos óige a bheith ar a gcraiceann i gcónaí.

Is féidir le bakuchiol a bheith ina chúnamh an-mhór ar fad do dhaoine a bhfuil aicne ar a gcraiceann, gríos a ghoilleann go mór ar sciar suntasach den phobal, go speisialta ar dhéagóirí.

Sa tír seo, is ar shuíomhanna gréasáin is mó atá fáil ar ábhar cúram cnis ina bhfuil bakuchiol. Is féidir, mar shampla, Glow Cycle Retin-ALT Power Serum nó Goodnight Glow Retin-ALT Sleeping Crème atá déanta as bakuchiol a cheannach ó shuíomh Ole Henricksen. Ach chomh maith leis sin tá roinnt theoranta táirgí le fáil sna siopaí freisin, ina measc Miracle Facial Oil ó Omorovicza atá ar fáil i Space NK i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste.

Tá na táirgí nua seo costasach go maith ag an tráth seo (suas le €50) ach tá dóchas láidir ann go n-ísleofar na praghsanna sin go mór sna blianta amach romhainn agus go mbeidh bakuchiol ar fáil go coitianta sna siopaí sin ar fad ina bhfuil retinol ar fáil anois.

Fág freagra ar 'Ag dul i ngleic le roic le táirge ‘míorúilteach’ nua – bakuchiol'

  • teaimiteaim

    Daoine atá ag dul in aois agus a mbíonn roic nó méirscrí ag déanamh scime dóibh ba cheart dóibh éirí as meangadh gáire d’aon sórt a dhéanamh. Nó éirí as a bheith ag gáire scun scan. Seachain daoine atá áthastúil éadromchroích agus ócáidí croíléise nó is neach roicneach méirscreach…dubhach?… a bheidh ionat?