Ag dul i ngleic le ‘Chicken Skin’

Táirgí á moladh le smacht a fháil ar chraiceann garbh, míchothrom cé nach féidir fáil réidh leis ar fad

Ag dul i ngleic le ‘Chicken Skin’

Keratosis pilaris (KP) a thugtar go hoifigiúil air ach is fearr a aithníonn muid é mar ‘chicken skin’ – na cnapáin nó na meallta a fhágann craiceann garbh, rocach ar dhuine, ar mhná go háirithe, ar uachtair na ngéag/lámh, ar leasracha, ceathrúna nó mása. 

Níl aon dochar ann agus níl aon leigheas air ach is féidir é a smachtú agus a laghdú.

Baineann KP go bunúsach leis na póireanna sa chraiceann. Is tríd na póireanna a scaoiltear amach cealla de chuid an chraicinn atá marbh ach má tá an bealach éalaithe sin blocáilte is goiríní beaga nó cnapáin a thagann chun cinn. A luaithe agus a thosaíonn siad, is deacair iad a stopadh.

Is iondúil go mbíonn dath dearg nó donn ar na paistí de mheallta beaga seo ach ní bhíonn tochas ná míchompord ar bith i gceist leo. Níl siad tógálach ach a luaithe agus a fhaigheann duine an cineál seo míchothroime ar a gcraiceann tá sé beagnach dodhéanta fáil réidh ar fad leis.

Céard is féidir a dhéanamh, mar sin, leis an ‘gcraiceann sicín’ seo a smachtú nó a laghdú?

Scamhadh rialta a dhéanamh ar an gcraiceann an cleas is fearr ach níl mé ag moladh scamhadh a bhíonn dian nó crua. Ina áit sin mholfainn aigéad éadrom a úsáid mar scamhóir. Is iad na cinn is fearr ná aigéid ghliocólacha, lachtacha nó shalaicileacha.

Tá táirgí áirithe forbartha ina mbíonn na haigéid sin le déileáil go speisialta le KP.

Go deimhin, tá branda iomlán dar teideal Ameliorate ar an margadh chun dul i ngleic leis. Is féidir na táirgí sin, ina measc ceann ar a dtugtar ‘Skin Smoothing Body Polish’ (£17.50) a cheannach tríd an suíomh gréasáin Cult Beauty. Ba í Annette Luck a bhunaigh Ameliorate mar go raibh KP an-dona uirthi féin.

Cuireann tú an ‘Skin Smoothing Body Polish’ ort féin cúig nóiméad roimh chith a thógáil. Ina áit sin, is féidir leat an táirge ar a dtugtar ‘Transforming Body Lotion’ (£14.50) ón gcomhlacht céanna a úsáid nuair atá an chith tógtha agat. Maothóir an-mhaith atá ann a laghdaíonn an KP go suntasach.

Maíonn Ameliorate gur dhúirt 90% dá gcustaiméirí go raibh a gcraiceann níos míne agus an ‘craiceann sicín’ laghdaithe tar éis dóibh na táirgí a úsáid go rialta ar feadh míosa. 

Is cinnte gur próiseas leanúnach é seo. Níor cheart do dhuine ar bith a cheapadh go bhfuil aon rud míorúilteach ag baint leis na táirgí seo agus go n-imeoidh an KP ar fad tar éis iad a úsáid aon uair amháin – níl an saol chomh simplí sin, faraor.

Tá bealach eile ann freisin atá níos saoire le dul i ngleic leis an bhfadhb chraicinn seo agus is táirge Éireannach atá i gceist. ‘Wonder Pads’ a thugtar ar phillíní ina bhfuil aigéad salaicileach atá curtha ar an margadh ag Waxperts ar €9.99.

I salóin áilleachta a dhíoltar an táirge sin agus tá liosta iomlán de na salóin ar fud na tíre ina bhfuil sé le ceannach ar an suíomh gréasáin ag Waxperts. Tá siad ar fáil, mar shampla, i Hidden Beauty (085-8007215), atá lonnaithe i mBearna gar d’oifigí Tuairisc.ie, áit a bhfaighidh duine comhairle mhaith ó Bernie Nevin maidir le húsáid na dtáirgí sin agus iliomad táirgí eile. Is deacair an cúnamh a bhíonn le fáil ó dhaoine gairmiúla a bhfuil eolas ar leith acu ar an ábhar seo a shárú.

Fág freagra ar 'Ag dul i ngleic le ‘Chicken Skin’'