Aersheirbhís Árann slán go dtí an fómhar seo chugainn agus conradh nua bronnta ar Aer Arann

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne tráthnóna go raibh sé ‘an-sásta’  go raibh ‘cinnteacht ann’ i leith na seirbhíse aeir don tréimhse amach romhainn

Aersheirbhís Árann slán go dtí an fómhar seo chugainn agus conradh nua bronnta ar Aer Arann

Tá conradh sealadach bronnta ar Aer Arann chun seirbhís aeir a chur ar fáil d’oiléain Árann go dtí an 30 Meán Fómhair.

Bhí a raibh i ndán don tseirbhís idir dhá cheann na meá ó d’fhógair Aer Arann mí an Mheithimh go raibh fúthu éirí as ar an 6 Nollaig i bhfianaise easaontas le Roinn na Gaeltachta mar gheall ar théarmaí conartha.

Tháinig Roinn na Gaeltachta ar shocrú an mhí seo caite le Aer Arann maidir leis an tsáinn ina raibh an tseirbhís agus mar chuid den socrú sin fógraíodh go leanfadh an comhlacht sin lena sheirbhís aeir go dtí an lá inniu, an 20 Nollaig.

Mar chuid den socrú céanna aontaíodh go mbeadh Aerfort na Mine ar fáil don tseirbhís aeir go dtí Meán Fómhair 2021 agus go gcuirfí tús le próiseas idirbheartaíochta faoi phlean na Roinne Aerfort na Mine a cheannach ón Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, úinéir an aerfoirt agus Aer Arann.

Agus conradh sealadach bronnta ar Aer Arann, tá sé i gceist próiseas tairisceana eile á reáchtáil a bhliain seo chugainn do chonradh ceithre bliana.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne tráthnóna go raibh sé “an-sásta”  go raibh “cinnteacht ann” i leith na seirbhíse aeir don tréimhse amach romhainn. 

“Bhí plé leanúnach idir ionadaithe ó na hoileán agus oifigigh mo Roinne, agus ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leo as ucht a n-ionchur.  Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh chomh maith le Pádraig Ó Céidigh agus le foireann Aer Árann as a dtiomantas i  gcónaí don tseirbhís seo,” arsa an tAire Stáit Seán Kyne.

Fág freagra ar 'Aersheirbhís Árann slán go dtí an fómhar seo chugainn agus conradh nua bronnta ar Aer Arann'