Níor cheart go mairfeadh díomá Adeleke ach meandar
Nuair a thrasnaigh Rhasidat Adeleke an líne sa Róimh aréir, ba léir go raibh díomá uirthi nach raibh ach bonn airgid buaite aici sa chomórtas 400m.
Bhí beagáinín díomá ar go leor againn sa mbaile freisin agus muid ar fad ag súil le héacht eile agus bonn óir eile ón ngaiscíoch mná as Tamhlacht ach, cé nach raibh an dath a bhí uainn ar an mbonn, chonaic muid an t-éacht cinnte agus tuigfidh Adeleke é sin freisin, mura bhfuil sé tuigthe cheana féin aici.
Ba é an bonn a bhuaigh sí aréir an chéad bhonn sinsir aonair a bhuaigh Adeleke d’Éirinn agus díreach an 20ú ceann riamh atá buaite ag an tír seo tar éis beagnach 100 bliain de na craobhacha.
Bheadh an 49.07 soicind a thóg sé ar Adeleke an 400m a rith sách maith chun bonn airgid a bhuachan ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo agus bonn óir a bhuachan ag chuile Chluichí Oilimpeacha eile idir 2000 agus 2016.
Nuair a bhíonn lúthchleasaí ag ceann de na mórchomórtais ar nós na Craobhacha Eorpacha, an sprioc a bhíonn acu ná rith níos tapúla ná mar a rith siad riamh roimhe sin agus b’in go díreach a rinne Adeleke. Sháraigh sí an churiarracht náisiúnta a bhain Adeleke féin amach bliain ó shin agus rith sí níos tapúla ná mar a rith sí riamh ina saol roimhe seo.
Ní féidir mórán níos mó a dhéanamh. Ba í Natalia Kaczmarek na Polainne a thug an bonn óir léi i 48.98 soicind agus taispeántas den scoth tugtha aicise freisin. Tá i bhfad níos mó taithí ag an bPolannach, a bhuaigh bonn airgid sa rás 400m i dTóiceo, ná mar atá ag Adeleke, áfach. Nuair a bhí sí 21 bliain d’aois, comhaois leis an Éireannach anois, 52.34 soicind an t-am ba sciobtha a bhí ag Kaczmarek, breis is trí soicind níos moille ná Adeleke.
B’fhiú a chur san áireamh freisin gurb iad na craobhacha seo na chéad chinn ag Adeleke i mbliana agus gur admhaigh sí féin nár mhaolaigh sí a cuid traenála do na Craobhacha Eorpacha agus go raibh an iarracht a thug sí leis an bhfoireann mheasctha sealaíochta m, a bhuaigh an bonn óir Dé hAoine, tar éis cuid mhaith a bhaint aisti.
Idir bhonn airgid an Luain, bonn óir na hAoine agus b’fhéidir bonn eile leis an bhfoireann sealaíochta ban 4x400m, tá Adeleke tar éis seachtain dhochreidte a chur isteach sa Róimh agus neart foghlamtha aici agus í ag díriú isteach ar Pháras níos déanaí sa samhradh.
Mageean ag cuimhneamh ar an gclogad agus an camán sa Róimh
Agus 120 méadar idir í agus an líne chríche sa Stadio Olimpico sa Róimh, bhí Ciara Mageean i mbaol cailliúint amach ar bhonn sa rás 1,500m ag na Craobhacha Eorpacha. Bhí an bhean ó Phort an Pheire i gcontae an Dúin, a bhuaigh boinn airgid agus cré-umha in 2022 agus 2016, sáinnithe idir triúr, Georgia Bell agus Jemma Reekie na Breataine agus Agathe Guillemot na Fraince.
Agus í ag déanamh ar an líne, áfach, chonaic Mageean bearna bheag agus bhris sí tríthi. Bhí an chuma uirthi ar feadh soicind go raibh sí chun gualainn a thabhairt don bheirt Bhriotanach ach d’éalaigh sí tharstu gan teagmháil a dhéanamh leo agus d’fhág ina diaidh an chuid eile agus bhí an bonn óir buaite ag Mageean go caithréimeach.
Agus í ag labhairt le RTÉ díreach i ndiaidh na rása, dúirt Mageean go raibh baint mhór ag an gcúlra atá aici sa chamógaíocht leis an mbua agus í tar éis gearradh tríd mar a dhéanfadh sí ar pháirc na himeartha sa bhaile.
“Nuair a bhí mé do mo shainniú, cheap mé go raibh na cosa fós agam ach gan aon áit le dul agam ach níor fhás misex aníos ag imirt camógaíochta le ligean do dhuine mé a sháinniú,” a dúirt Mageean.
Ní hí Mageean an chéad duine ón tír seo a dúirt go raibh baint ag an taithí a bhí acu sna cluichí Gaelacha leis an dul chun cinn a rinne siad i spórt eile.
Tá dúil mhór ag captaen sacair na hÉireann, Séamus Coleman, sa pheil Ghaelach agus is minic ráite aige go raibh sé deacair aige an cinneadh a dhéanamh í a chaitheamh san aer chun díriú ar an sacar. Dúirt Coleman, a d’imir faoi aois do Dhún na nGall agus lena chumann dúchais sna Cealla Beaga, gur chabhraigh an taithí a bhí aige leis an bpeil Ghaelach leis is é ag tosú amach le Everton i bPríomhroinn Shasana.
“Troid atá inti, níl sí ródháiríre, ach bíonn tú thar a bheith díograiseach agus sílim gur thug mé é sin liom anseo,” a dúirt an Conallach leis an Guardian in 2011.
Tá Kevin Moran, Rob Kearney, Shane Long, Tomás O’Leary, Niall Quinn agus Denis Irwin agus go leor, leor eile ina measc siúd a bhfuil gaiscí déanta acu sa sacar agus sa rugbaí agus a dúirt gur chabhair an taithí a bhí acu sna cluichí Gaelacha ina rogha spóirt agus is féidir Mageean a chur leis an liosta sin anois.
Áth Cliath slogtha ag díograis na gCat
Is rímhinic ráite é faoi Chill Chainnigh ach ba iad na bunscileanna agus díograis na n-imreoirí a d’fhág go raibh na Cait buacach arís i gCraobh Laighean agus stánáil tugtha acu d’Áth Cliath ag an deireadh seachtaine.
Thug cúl Eoin Cody, gan ach cúpla nóiméad imeartha, an-spreagadh d’fhoireann Derek Lyng agus bhí Cill Chainnigh imithe leo as radharc théis 15 nó 20 nóiméad. Bhí Áth Cliath uafásach sa chluiche ach tá moladh mór tuillte ag Cill Chainnigh as an gcaoi a ndearna siad scrios ar fhir na príomhchathrach.
Léirigh cúpla scór an difríocht idir na foirne i bPáirc an Chrócaigh oíche Dé Sathairn. Agus naoi nóiméad caite, bhí Conor Burke Átha Cliath ag teacht amach ón gcosaint agus seilbh aige ar an sliotar. D’fhéach sé ar dheis agus ansin ar chlé agus é ag iarraidh pas a thabhairt uaidh ach bhí sé ró-réchúiseach agus deis tugtha aige do John Donnelly teacht isteach agus blocáil a dhéanamh air. Phioc Adrian Mullen suas an sliotar agus chuir sé thar an trasnán é chun sé phointe a chur idir na foirne.
Ba é Mullen a fuair an pointe deireanach den chéad leath, an séú scór aige ó shé cinn d’iarrachtaí, ach arís dian-obair ó dhuine eile d’imreoirí Chill Chainnigh a chruthaigh an deis agus blocáil déanta ag David Blanchfield ar Danny Sutcliffe.
D’aimsigh Cill Chainnigh 1-12 ó na haistrithe seilbhe sin sa chéad leath amháin, rud a léirigh díograis na gCat ach laige Átha Cliath chomh maith. Chaill Áth Cliath seilbh ar an liathróid 43 uair ar fad sa chluiche ceannais, méid ollmhór, agus bhí siad iontach míchruinn agus iad ag tabhairt faoi scóranna freisin, gan ach 1-18 scóráilte acu ó 40 iarracht.
Ní raibh aon duine róthógtha le taispeántais Chill Chainnigh i mbliana roimh oíche Dé Sathairn ach, mar aon le Luimneach, tá neart taithí acu barr a maitheasa a léiriú ag an am ceart. Tá cluichí níos crua ná mar a bhí acu in aghaidh Átha Cliath le teacht ach léirigh Cill Chainnigh arís dúinn nár chóir iad a mheas faoina luach.
Ruathar Reidy agus bunchloch chreidimh Luimnigh
Agus daoine ag iarraidh ciall a bhaint as gaiscí shárfhoireann Luimnigh, an t-aon fhoireann a bhfuil sé chraobh na Mumhan as a chéile buaite acu, tagraítear do mhistéirí agus iontais éagsúla. Luaitear seisiúin dhiamhaire traenála Paul Kinnerk, saibhreas JP McManus, na fathaigh agus sárimreoirí atá ar fud na páirce acu agus an 500 duine atá ar an bhfoireann atá acu sa chúlra.
Ach b’fhéidir go bhfuil míniú níos leimhe ar mháistreacht na foirne atá sa tóir ar an gcúigiú craobh na hÉireann as a chéile, éacht a d’fhágfadh nach mbeadh aon argóint ann ach gurb iad an fhoireann iománaíochta is fearr riamh.
Míniú é atá ar fáil i bpaiste imeartha sa 47ú nóiméad in aghaidh chontae an Chláir i gcluiche ceannais na Mumhan. Cúpla nóiméad i ndiaidh do Ghearóid Hegarty cúl Luimnigh a scóráil, fuair contae an Chláir seilbh an tsliotair i ndiaidh scrimisce fada os comhair a gcúil féin. Imirt lán díocais a bhí ann ón gClár a sheol ar an bhfrithionsaí iad. Fuair David Fitzgerald seilbh na liathróide agus thug sé ruathar suas lár an ghoirt i dtreo chúl Luimnigh.
Ach má dhein d’imigh Reidy leis de ruathar ina dhiaidh agus d’éirigh le fear Luimnigh breith air, dul thairis, seilbh an tsliotair a bhaint de agus poc saor amach a bhuachan do Luimneach.
Bhí na gártha molta a thug lucht leanúna Luimnigh chomh hard sin go mba dhóigh leat go raibh cúl faighte ag Reidy. Lean an babhta canta is faide agus is glóraí ar son Luimnigh a chualathas ó na seastáin le linn an chluiche.
Tuigeann lucht leanta an chontae fírinne fhainic John Kiely gurb é an baol is mó dá fhoireann aon lá a théann siad chun páirce ná nach n-oibreoidís chomh crua leis an bhfreasúra. Bíodh is go bhfuil an fhoireann agus an lucht bainistíochta is fearr sa tír acu, is í an bhunchloch chreidimh sin acu is mó is cúis le gach ceann de na ceithre chluiche ceannais atá imeartha acu a bheith buaite acu agus iad a bheith i ngiorracht dhá bhua don chúigiú craobh as a chéile.
JP
Sea go deimhin ach thug Corcaigh a dtriopall in airde!