Bhí achrann teanga ag preasócáid sa Chatalóin inné faoin ionsaí sceimhlitheoireachta in Barcelona ag an deireadh seachtaine. Bhí an tAire Dlí agus Cirt, an tAire Gnóthaí Baile, agus ceannaire Mossos d’Esquadra, seirbhís phóilíneachta na Catalóine, ag labhairt ag an ócáid.
Ba é údar an achrainn ná gur labhair an triúr fear Catalóinis ag an phreasócáid. Tugadh na ráitis uilig i dteanga na háite. Nuair a bhí na ráitis déanta ag na hairí agus ag ceannaire na bpóilíní, ba í an chéad cheist a tháinig ón slua iriseoirí a bhí i láthair ná ceist faoin teanga a labhraíodh.
Mhaígh an t-iriseoir a rinne an gearán gur teanga oifigiúil de chuid na tíre í an Spáinnis. D’fhág duine de na hiriseoirí a bhí i láthair nuair a freagraíodh an maíomh sin le ráiteas gurbh í an Chatalóinis a bheadh mar theanga oifigiúil i ndiaidh reifeann na saoirse i mí Dheireadh Fómhair.
Mheabhraigh an tAire Gnóthaí Baile, Joaguim Forn, gur teanga oifigiúil de chuid na Catalóine í an Chatalóinis agus gurb é an nós imeachta atá i bhfeidhm ag preasócáidí na tíre le fada, go labhrófaí i gCatalóinis ar dtús agus ansin i Spáinnis. I Spáinnis a freagraíodh aon cheist a chuir iriseoirí i Spáinnis.
Tuairiscítear gur chuir na gearáin isteach ar roinnt iriseoirí Catalónacha a bhí i láthair toisc go raibh preasócáid eile ann a reáchtáladh i Spáinnis d’iriseoirí eachtrannacha.
Cháin ardstiúrthóir cumarsáide Rialtas na Catalóine lucht na ngearán agus dheimhnigh ar Twitter gurb é polasaí an stáit preasócáidí dátheangacha a reáchtáil le blianta fada anuas.
Tá moladh mór faighte ag ceannaire na bpóilíní Josep Lluís Trapero ar na meáin shóisialta freisin ón gcaoi ar dhéileáil sé le gearáin na n-iriseoirí Spáinnise.
Mánus
Is íontach go bhfuil scéal ag Tuairisc faoi mhionteanga ar Mhór Roinn na hEorpa faoi dheireadh. Tá go leor le foghlaim againne Gaeil faoi mhionteangacha ar an leithinis Ibéireach. Taispeánann an scéal seo comh lag fós is atá an “teanga oifigiúil Eorpach” seo againne. Teanga nach bhfuil cead mionteanga a ghlaoch uirthi ná a chlárú mar mhionteanga in ainneoin go bhfuil sí ar an liosta “Definitely Endangered” ag UNESCO.
Con
Ce a sheasodh an fod mar sin ar son ar dteanga dhuchais anseo in Eirinn?