Achainí déanta ar léitheoirí na Gaeilge éirí as Audible

Tá súil ag lucht an tSiopa Leabhar go gcláróidh léitheoirí na Gaeilge le seirbhís nua go bhfaigheann siopaí leabhar airgead uaithi

Achainí déanta ar léitheoirí na Gaeilge éirí as Audible

Tá achainí déanta ag lucht bainistíochta an tSiopa Leabhar i mBaile Átha Cliath ar a gcuid custaiméirí éirí as an tseirbhís closleabhar Audible a úsáid agus clárú le Libro.fm – ardán closleabhar eile a “roinneann brabach ó dhíolachán closleabhar le do rogha siopa leabhar”.

Tá súil ag lucht an tSiopa Leabhar go gcláróidh léitheoirí na Gaeilge leis an tseirbhís agus go roghnóidh siad ‘An Siopa Leabhar’ mar an siopa a gheobhaidh an t-airgead ó na closleabhair a cheannaíonn siad.

“Ar ndóigh tá ganntanas closleabhar Gaeilge ann ach is féidir tacú linn má úsáideann tú [Libro.fm] le ceann de na teangacha eile. Tá cúpla seinnliosta curtha le chéile againn, ceann dírithe ar chuid de chlasaicí Bhéarla na hÉireann agus ceann beag dírithe ar ábhar éisteachta d’fhoghlaimeoirí Gaeilge,” a dúradh i ráiteas a chuir lucht an tsiopa amach.

Tá os cionn leathmhilliún leabhar, in 102 teanga, ar fáil ar Libro.fm faoi láthair – méadú mór ar an 40,000 a bhí ar fáil deich mbliana ó shin. Tá an t-ardán ag obair le hos cionn 3,00 siopa leabhar i 33 tír agus tá éisteoirí an ardáin lonnaithe in 212 tír.

Is leis an ollchomhlacht tráchtála Amazon an tseirbhís Audible – seirbhís a bhfuil na milliúin éisteoirí aige ar fud an domhain. Bunaíodh Libro.fm le dul i ngleic leis an ollsmacht atá ag Amazon ar mhargadh na leabhar – idir leabhair fhisiciúla agus closleabhair.

Is minic a bhíonn imní ar dhíoltóirí leabhar faoin sciar mór den mhargadh atá ag Amazon agus go leor daoine ag roghnú leabhair a léamh ar Kindle (ar le Amazon é), a ordú ón suíomh, nó a chloisteáil ar Audible. Tá lucht an tSiopa Leabhar ag súil go gcabhróidh an socrú nua seo le Libro.fm leis an ngnólacht agus iad ag iarraidh caitheamh is fáil a bheith acu.

Dá gcláródh duine le Libro.fm in áit Audible, ghabhfadh céatadán den airgead a chaitear ar chlosleabhair – bíodh siad i mBéarla, i nGaeilge nó sa tSváhaílis – i dtreo an tSiopa Leabhar.

Aistríodh an Siopa Leabhar óna bhunáit in Uimhir 6 Sráid Fhearchair go láthair shealadach nua in 66 Sráid Camden Íochtarach le déanaí le go mbeifí in ann athchóiriú a dhéanamh ar cheannáras Chonradh na Gaeilge. Tá spás teoranta ar fáil sa láthair nua ach tá an siopa ar líne chomh mór céanna is a bhí riamh.

Fág freagra ar 'Achainí déanta ar léitheoirí na Gaeilge éirí as Audible'

  • Aoife D

    Tá géarghá le breis closleabhar i nGaeilge 💯💯💯 dóibh siúd atá suim acu i gceol na teangan ach nach bhfuil ag iarraidh éisteacht le cúrsaí reatha, spórt, socraithe sochraide, fadhbanna séarachais srl 😛 Tobar a chothú in éineacht le sruth. Níl aon ghanntanas de chainteoirí maithe/dúchais ann le scéalta a aithris. “Easy win” mar a deirfeá 🤷🏼‍♀️ ?? Ach níl aon eolais agam ar na cineál cúrsaí seo seachas mo frustrachas féin! 😁

  • WTF

    Aoife D!
    Ní maith leat spórt, ní maith leat cúrsaí reatha, ní maith leat socraithe sochraide, ní maith leat fadhbanna séarachais..
    Ó …is deacair daoine áirithe a shásamh!🙃