Ábhar sóláis an Pro 12 do Chúige Uladh agus Cúige Laighean ach i Luimneach a bheidh an tsárchoimhlint…

Tá ‘Derby’ Éireannach á imirt ar Pháirce Thuamhan idir Mumha agus Connachta an Satharn seo a bheidh lán de theannas

Jamie Heaslip 17/1/2015

Seans go mbeidh foireann bhainistíochta Chúigí Uladh agus Laighean sásta go mbeidh an Pro 12 ar ais arís an deireadh seachtaine seo. Sórt ábhar sóláis dóibh é dáiríre tar éis chluichí Chorn na gCuradh i gcoinne Saracens agus Bath, fios maith a bheith acu go bhfuil géarghá le hathrú iomlán cur chuige agus meon aigne más leo aon dul chun cinn a dhéanamh sa gcomórtas sinsearach. Tá coicís acu le rudaí a chur ina gceart roimh imirt i gcoinne Toulouse i gcás Chúige Uladh agus Toulon i gcás Chúige Laighean.

Níl mé cinnte go mbeidh na bainisteoirí Kiss agus Cullen chomh sásta sin gur i gcoinne a chéile atá siad an Aoine seo i mBabhta 8 den Pro 12. Tá fhios acu gur tuilleadh cinntí a bheas i ndán don té a chaillfidh an cluiche seo. Seans dá bhrí sin go mbeidh Leo Cullen sásta gur aige atá an buntáiste a bheith ag imirt sa mbaile.

Fós féin, beidh lucht leannta na Laigheanach ag coinneáil súil ghéar ar dhearcadh agus ar chur chuige Chullen agus a fhoireann. Bhí cúpla cinneadh mór le déanamh ag Cullen roimh an gcluiche seo. Ní raibh duine amháin féin den cheithre fhrapa idirnáisiúnta a d’imir do Chúige Laighean i gcoinne Bath an Satharn seo caite baol ar a bheith gar don chaighdeán bunúsach atá riachtanach le n-imirt ag an leibhéal seo.

Mar bharr ar an mí-ádh, léirigh go leor imreoirí idirnáisiúnta eile, Sexton agus Heaslip in measc, easpa suime agus sprid. Má tharlaíonn sin arís, seans go mbeidh rás Chúige Laighean agus ceann Chullen féin rite! Tá an t-ádh ar Chullen go bhfuil painéal mór imreoirí le neart taithí agus cumais ar fáil dó mar rogha, ach an mbeidh sé de mhisneach aige iad a úsáid nó an mbeidh sé sásta cloí leis an seanphatrún, ag úsáid Mick Ross agus a chairde mar a rinne sé i gcoinne Bath?

Níl an rogha leathan céanna ag Les Kiss Chúige Uladh. Bhí a chéad rogha i measc na n-imeoirí ar an bpáirc nuair a ghéill siad ceithre úd i gcoinne Saracens. Is dóigh nach bhfuil de rogha ag Kiss ach iad a chur chun páirce arís san RDS don chluiche seo.

Tá ‘Derby’ Éireannach eile á imirt ar Pháirce Thuamhan idir Mumha agus Connachta an Satharn seo. Seans nach bhfuil an brú céanna ar bhainisteoirí na bhfoirne seo. Tá Pat Lam agus Cúige Chonnacht ar bharr táblaí an Pro 12 agus Grúpa 1 de Chorn an Dúshláin faoi láthair. Tá na Muimhnigh sa dara háit sa bPro 12 agus sa dara háit freisin i nGrúpa 4 de Chorn na gCuradh.

Ar bhealach, cuirfidh sé seo le teannas an chluiche seo, sa mbreis ar an ngnáthchoimhlint a bhíonn idir na foirne seo i gcónaí. Mar sin féin, seans gur ag na Muimhnigh atá aon bhuntáiste atá ar fáil, mar go bhfuil siad sa mbaile, ach sin roimh thús an chluiche! Bheadh dul amú ar aon duine nach dtabharfadh aird ar churiarracht Chonnacht agus iad faoi stiúir Lam. Níor chaill siad ach cluiche amháin as naoi gcinn agus tá patrún agus sprid iontach cothaithe ag an gcúige ó tháinig sé go Gaillimh.

Tá drogall ormsa breith a thabhairt maidir le toradh an chluiche seo seachas a bheith cinnte go mbeidh sárchoimhlint ann.   

Fág freagra ar 'Ábhar sóláis an Pro 12 do Chúige Uladh agus Cúige Laighean ach i Luimneach a bheidh an tsárchoimhlint…'