Ábhairín róshollúnta a nochtann ‘Official Secrets’ a rúin

Ní raibh aon mhórlocht ag ár léirmheastóir ar Official Secrets ar an iomlán ach ní raibh sé ar cipíní nuair ba cheart dó a bheith

Ábhairín róshollúnta a nochtann ‘Official Secrets’ a rúin

Official Secrets
Stiúrthóir: Gavin Hood
Cliar: Keira Knightley, Matthew Goode, Ralph Fiennes, Matt Smith, Rhys Ifans

Tugtar faoi ábhar tromchúiseach an tsaothair seo go sollúnta agus le dea-rún. Déantar na heachtraí atá bunaithe ar scéal fíor a chur os ár gcomhair go tomhaiste, cáiréiseach. Ina dhiaidh sin féin, taibhsíodh dom go raibh lúb ar lár sa saothar. B’fhéidir gurb amhlaidh go bhfuil an cur chuige róthomhaiste, b’fhéidir nach ndéantar dóthain tochailte ar an uisce fé thalamh nó b’fhéidir gur frithbhuaic de shaghas í an chríoch.

In 2003 bhí Katharine Gun (Knightley) ag obair mar aistritheoir do sheirbhísí slándála na Ríochta Aontaithe. Taispeántar mír dúinn d’agallamh a rinne David Frost leis an bPríomh-Aire Tony Blair ina dtugtar le fios go bhfuil 73% de phobal na tíre i gcoinne cogaidh a meastar atá ar na bioráin san Iaráic.

Cuirtear abhaile orainn go bhfuil Katharine, in ainneoin, nó de bharr, a poist, ar dhuine acu sin.

Lá de na laethanta tagann ríomhphost ós na Meiriceánaigh ag lorg cabhrach le teacht ar eolas inchoiritheach faoi thoscairí áirithe chuig na Náisiúin Aontaithe le go bhféadfaidís dúmhál a dhéanamh orthu vóta a chaitheamh i bhfabhar an chogaidh.

Déanann an chamastaíl agus an chomhcheilg seo Katharine a chrá. Sa deireadh cinneann sí cóip den ríomhphost a thabhairt do chara léi atá gníomhach sa ghluaiseacht i gcoinne an chogaidh. I ndeireadh thiar thall éiríonn le Martin Bright (Smith), iriseoir leis an Observer, greim a fhail ar an gcáipéis.

 

Ní nach ionadh b’ábhar don leathanach tosaigh é. Bhí an súiche sa phota agus an brachán millte. 

Is sceithire anois í Katharine, dar leis an Rialtas agus cuirtear an dlí uirthi as an Acht um Rúin Oifigiúla a shárú. Cinnte, tá teannas agus drámatúlacht ag baint leis an sceitheadh féin agus leis an léiriú a dhéantar ar an tionchar atá aige seo ar Katharine is a páirtí.

Lena chois sin bhaineas súp as seiftiúlacht a lucht dlí agus as an gcur is cúiteamh a bhí i measc lucht an pháipéir is iad ag déanamh a marana ar an scéal. Go deimhin déanann siad praiseach de chur i láthair an scéil, rud a thugann deis do mheáin choimeádacha Mheiriceá tabhairt fúthu.

Is ar Knightley a thiteann sé formhór na radharcanna a iompar, cúram a dhéanann sí go hábalta. Cé go raibh rian den tseanmóireacht ag baint lena cuid cainte ar uairibh tugann sí taispeántas breá inchreidte uaithi.

An rud is mó bhain barrthuisle as an scannán ná an chríoch. Bíonn an teannas ag méadú is ag méadú ach ansin de gheit, agus ceisteanna fós againn, tagann críoch obann chiúin le cúrsaí.

Ní raibh aon mhórlocht agam ar an saothar ar an iomlán ach ní rabhas ar cipíní nuair ba cheart dom a bheith. Fágtar sinn le hinsint thomhaiste, atá tur in áiteanna, ar eachtraí tábhachtacha.

Fág freagra ar 'Ábhairín róshollúnta a nochtann ‘Official Secrets’ a rúin'