Ábhair ón bplanda cannabais a n-úsáid do tháirgí áilleachta

Ach geallann ár gcomhfhreagraí nach ndéanfaidh do chuid táirgí cúram cnis andúileach drugaí asat

Ábhair ón bplanda cannabais a n-úsáid do tháirgí áilleachta

Tá roinnt cainte le tamall anuas go bhfuil sé ar chlár oibre an Taoisigh Leo Varadkar go gcuirfí deireadh leis an stádas mídhleathach atá ag cannabas sa tír seo agus nach gníomh coiriúil a bheadh ann feasta an druga seo a bheith i seilbh duine dá úsáid phearsanta féin.           

Tá cásanna feicthe againn freisin ó thuaidh agus ó dheas sa tír seo le gairid inar tugadh ceadúnais do dhaoine úsáid a bhaint as táirgí cannabais le faoiseamh a fháil ó phianta agus drochthinneas.

Ach tá leas á bhaint anois as cuid den phlanda cannabais ag déantóirí ábhair cúram cnis agus é ag fáil níos coitianta agus níos faiseanta le tamall anuas.

Ní gá duit imní a bheith ort, áfach, go ndéanfaidh do chuid olaí nó uachtair aghaidhe andúileach drugaí asat!

Ní as an chuid sin den phlanda cannabais a bhfuil tionchar sícighníomhach (THC) aige a thagann na comhábhair atá in úsáid sa tionscal cúram cnis agus áilleachta. Baineann siad leis an taobh CBD (nó cannaibidé-ól mar a thugann téarma.ie mar aistriúchán air) den phlanda.

Is minic freisin gur ó shíolta seachas ón phlanda féin a dhéantar cuid de na táirgí cúram cnis, sampla amháin de sin ola cnáibe. Tá an ola seo le fáil go rialta i gcuid mhór siopaí sláinte anois ar fud na tíre.

Is cosúil go bhfuil craiceann an duine in ann déileáil an-éasca leis na táirgí cannabais.  Súnn an craiceann isteach táirgí cannaibidé-ól ar an bpointe agus oibríonn siad an-sciobtha go deo. Tá léirmheasanna an-mholtach á dtabhairt ar na táirgí sin le tamaillín anuas dá bharr sin.

Deirtear go dtugann na táirgí seo cúnamh don chraiceann maidir le fáil réidh le deirge nó le craiceann athlasta a shuaimhniú. Tá siad thar cionn freisin le dul i ngleic le mothálacht chraicinn nó fadhbanna sláinte ar nós an eachma.

Seo a leanas roinnt táirgí gurbh fhiú triail a bhaint astu:

 

MGC Derma CBD Hyaluronic & Peptides Day Cream ar £80.00 ó Cult Beauty

Tá na comhábhair sa mhaothóir daor seo thar a bheith éifeachtach. Má tá do chraiceann an-tirim b’fhiú duit infheistíocht a dhéanamh sa cheann seo. Tuigim go maith chomh daor agus atá sé ach tá ábhar peiptídeach agus aigéad hialúrónach ann nach bhfuil a sárú le fáil. Ní úsáidtear ach ruainne beag bídeach agus tosóidh an craiceann á chneasú féin agus á mhaothú féin ar an bpointe. Tá an branda MGC Derma ar fad bunaithe ar tháirgí CBD agus rogha leathan táirgí acu.

 

Josh Rosebrook Herbal Infusion Oil ar £44 ó abeautifulworld.co.uk

Seo ola iontach gur féidir a úsáid ar thrí bhealach difriúil – mar ghlantóir, chun smideadh a bhaint díot agus mar mhaothóir. Bheadh sé thar a bheith úsáideach dá mbeadh duine ag dul ag taisteal – ghearrfadh sé siar ar an méid táirgí a bheadh le tabhairt leat agat.  Tá an ceann seo ar fheabhas dóibh siúd a fhaigheann goiríní nó spotaí – cuireann sé smacht ar tháirgeadh ola sa chraiceann agus tugann sé an-fhaoiseamh i gcás craiceann atá te, tirim nó dearg.

 

Malin + Goetz Cannabis Hand and Body Wash ar €24 ó Space NK

Tá an comhlacht seo ag úsáid cannabais i dtrí cinn dá dtáirgí – i nglóthach chithfholctha, in ola chumhráin agus i gcoinneal chumhráin. Deir daoine áirithe go bhfágann gallúnach a gcuid lámh an-tirim go deo. Tá an ghlóthach seo ar fheabhas mar mhalairt ar ghallúnach agus thar cionn sa chith.  Cinnteoidh na comhábhair atá ann nach mbeidh do chraiceann róthirim, rud atá an-fheiliúnach do na maidineacha sin nach mbíonn am agat do mhaothóir coirp a chur ort.

 

Optiat Nourishing Organic Hemp Face Mask ar £17.99 ó Cult Beauty

Más masc aghaidhe atá uait, is fiú go mór an ceann seo a thriail. Glanann sé an craiceann agus déanann sé é a scamhadh go maith. Cabhraíonn na comhábhair iontacha ann leis an salachar ar fad a tharraingt amach agus maolaíonn siad aon athlasadh ar an chraiceann freisin. Leis an masc seo a réiteach meascann tú lán spúnóige den phúdar le huisce te le taos a dhéanamh agus cuireann tú ar d’aghaidh é ar feadh 10 nóiméad. Nuair atá sin déanta agat beidh luisne na sláinte ar d’aghaidh go cinnte!

Fág freagra ar 'Ábhair ón bplanda cannabais a n-úsáid do tháirgí áilleachta'