Abair dá ndéanfainn sa cholún seo bagairt bháis ar chomhalta rialtais…

Ní cheansóidh briathra na meáin sóisialta, mar a thaispeáin Coimisinéir don Taoiseach

Abair dá ndéanfainn sa cholún seo bagairt bháis ar chomhalta rialtais…

Tá sampla úsáideach tugtha ag Thierry Breton den drochthoradh a bhíonn ar lag-ullmhú roimh chaint láidir. Má chuimhníonn Simon Harris air, rachaidh sé chun tairbhe dó agus é ag iarraidh srian a chur ar mhórchomhlachtaí na meán sóisialta.

Thug Breton, atá freagrach mar Choimisinéir Eorpach as an margadh inmheánach, rabhadh d’Elon Musk go raibh dualgas air de réir dlí an AE a dheimhniú nach scaipeann X (nó Twitter mar a tugadh air sular cheannaigh Musk é) ábhar a chuireann fuath, neamhord, foréigean nó bréagaisnéis chun cinn.

Sheol Breton litir chuig Musk Dé Máirt inar chuir sé i gcuimhne don bhilliúnaí Meiriceánach go raibh cás dlí ar bun san Eoraip cheana féin ina bhfuil sárú ar dhlí an Aontais Eorpaigh curtha ina leith.

Dúirt Breton leis nach mbeadh aon leisce air “beartais eatramhacha” a chur i bhfeidhm san idirlinn chun saoránaigh an AE a chosaint.

Níor thóg sé ach cúpla uair an chloig ar uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, a thabhairt le fios nár pléadh seoladh ná ábhar na litreach léi féin ná le Coimisinéirí eile sular seoladh í.

An toradh mar sin a bhí ar iarracht an Choimisinéara – aird a tharraingt air féin gan aon chinneadh nua á fhógairt aige. Níor athraigh a ndúirt sé rud ar bith seachas a cháil. Dhiúltaigh von der Leyen tacú leis agus thug Musk freagra drochmhúinte air gan mhoill.

Is amhlaidh a rinne Breton ceap magaidh de féin sa Bhruiséil agus sna Stáit Aontaithe agus fiúntas an tseanfhocail á léiriú arís eile aige. Is binn béal ina thost uaireanta – ceacht arbh fhiú don Taoiseach é a chur i bhfeidhm uaireanta.

D’fhógair Simon Harris le gairid go raibh deireadh le féinrialúchán na meán sóisialta. Beidh cód i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana, a dúirt sé, faoina mbeifear ábalta pionóis a ghearradh, ní hamháin ar na meáin shóisialta, ach ar a stiúrthóirí agus a n-úinéirí.

Pléifidh sé neartú an chórais ag cruinniú le heagrais stáit éagsúla agus le hionadaithe na gcomhlachtaí an mhí seo chugainn. Éirim bhunúsach chaint ag an Taoisigh: ní bheidh X/Twitter, TikTok, Instagram agus a leithéidí ábalta freagracht a sheachaint feasta mar a sheachain siad í go dtí seo.

Tá go maith. Ní theastaíonn anois ach sonraí an chórais nua. Conas a dhéanfar an mhaoirseacht? Cé mar a chuirfear iachall ar chomhlachtaí ilnáisiúnta cloí le rialacha nó le treoracha a eisítear i mBaile Átha Cliath?

Céard a tharlóidh má dhéanann siad neamhshuim d’ordú go nglanfaí bagairt bháis dá ngréasáin?

Ní féidir, toisc go bhfuil duine cúisithe i mbagairt a maítear a rinneadh ar an Taoiseach agus ar a theaghlach ar ghréasán Instagram le gairid, sonraí na heachtra sin a phlé faoi láthair. Ach is féidir an míshuaimhneas a chuir dearcadh an chomhlachta ar mhórán a léiriú ar bhealach eile.

Abair go ndearna an scríbhneoir seo bagairt bháis ar chomhalta den rialtas sa cholún seo. Abair nár ghearr an fhoireann eagarthóireachta an bhagairt amach sular fhoilsigh Tuairisc.ie mo cholún. Agus abair ina dhiaidh sin, dá n-iarrfadh na Gardaí ar an eagarthóir an bhagairt a bhaint amach, gur thóg sé trí lá air géilleadh dóibh.

Níl sna habairtí thuas ach cuir i gcás ar ndóigh. Níl seans dá laghad ann go bhfoilseodh na daoine atá freagrach as Tuairisc.ie ná seirbhís fhreagrach nuachta ar bith bagairt dá leithéid. Dá bhfoilseodh, bí cinnte go mbeadh daoine as obair agus/nó os comhair cúirte dá bharr.

Ní gá an difríocht idir na gnáthmheáin iriseoireachta agus na meáin shóisialta a áireamh anseo. Is léir faoin am seo áfach, go háirithe tar éis na gcíréibeacha le gairid sa Bhreatain agus i mBéal Feirste, go bhfuil maoirseacht níos déine de dhíth ar leithéidí X, TikTok agus Facebook.

Is ar chur i bhfeidhm Acht Seirbhísí Digiteacha an AE a bheidh ceansú Elon Musk agus úinéirí eile na meán sóisialta ag brath thar aon rud eile. Sin agus an choimhlint idir meon dlíthiúil an AE agus dlíthe na Stát Aontaithe a dheimhníonn saoirse cainte agus neamhfhreagracht na gcomhlachtaí as an ábhar a chuireann daoine ar a ngréasáin.

Neartóidh na rialacha nua atá á ndréachtú faoi láthair údarás Choimisiún na Meán. Ní léireofar a dtionchar áfach

  1. Go dtí go bhfoilseofar na rialacha;
  2. Go dtí go neosfar cé a chuirfidh i bhfeidhm iad;
  3. Go léireofar a dtionchar ar bhréagaisnéis, ar bhagairt, ar fhuathchaint agus ar ghríosú chun foréigin;
  4. Go dtí go gcuirfidh úinéirí na meán sóisialta córais i bhfeidhm chun déileáil dáiríre le hábhar dá leithéid;
  5. Go dtí go léireofar an t-idirdhealú idir ról an Choimisiúin agus ról an AE.

Ní léir fós in aon chor, faraor, aon bheartas éifeachtach chun algartaim rúnda na meán sóisialta, a thugann tosaíocht ar bhonn rúnda d’ábhair éagsúla, a iniúchadh ná a shrianadh.

Bíonn fonn ar gach polaiteoir a thabhairt le fios nach bhfágfaidh sé fadhb gan leigheas, fiú murar léir an leigheas. B’fhiú don Taoiseach ceacht a fhoghlaim ó bhaothchaint Thierry Breton agus athrú atá riachtanach ach casta á ghealladh aige.

Is fearr gníomh mór agus focal beag roimh ré ná a mhalairt.

Fág freagra ar 'Abair dá ndéanfainn sa cholún seo bagairt bháis ar chomhalta rialtais…'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    An-alt a Chathail. Agus céard faoi dá ndéanfainnse bagairt…?