A stádas mar rogha na coitiantachta tuillte ag foireann na hAlban

Má chailleann na hÉireannaigh a gcluiche deireanach inniu, beidh Albain chun cinn orthu, rud nach tharla ach uair amháin ó thús chomórtas na Sé Náisiún

A stádas mar rogha na coitiantachta tuillte ag foireann na hAlban

Cé gur chuir an bua a bhí ag na hÉireannaigh ar na hIodálaigh coicís ó shin deireadh leis an gcaint faoin spúnóg adhmaid, ní chiallaíonn sin nach bhfuil foireann idirnáisiúnta na tíre seo fós i mbaol.

Beidh foireann Andy Farrell in aghaidh na hAlban in Murrayfield inniu agus má chailleann siad an choimhlint seo seans go mbeidh siad sa gcúigiú háit ar an tábla. Sách dona a déarfá.  Sa gcás sin bheadh Albain chun cinn orainn, rud nach tharla ach uair amháin ó thús chomórtas na Sé Náisiún.

Ní bheidh foireann Gregor Townsend gan údar misnigh acu agus iad ag imirt sa mbaile.  Cuimhnigh ar an mbua cuimsitheach as baile a bhí acu i gcoinne na gcuradh, Sasana, i mBabhta 1 agus murach an cárta dearg úd i gcoinne na Breataine Bige seans go mbeadh dhá bhua sa mála acu. Is léir gur míbhuntáiste dóibh nach raibh an dara rogha ann ach cluiche Bhabhta 3 a chur ar athlá de bharr Covid. Mar sin féin, is iad rogha na coitiantachta don choimhlint seo agus an stádas sin tuillte go maith acu.

I gcás na hÉireann, is cinnte gur cúis lúcháir agus dóchais gur éirigh linn cluiche a bhuachan faoi dheireadh i mBabhta 3 ach tá ceisteanna fós maidir le lagiarracht agus droch-chaighdeán na hIodáile.  Léireoidh an cluiche seo  cén dul chun cinn atá déanta againn ó Bhabhtaí 1 agus 2, cluichí ina raibh muid dona go leor agus ísle brí orainn ina ndiaidh.

Fiú roimh an gcluiche seo, níl cluas éisteachta á fáil d’aon leithscéal ó fhoireann na hÉireann. Ceart nó mícheart, creideann muid sa tír seo go bhfuil muid ag imirt rugbaí atá ar leibhéal i bhfad níos airde ná leibhéal na hAlban. Bhuel seans go raibh sin fíor tráth, ach tá go leor ann a déarfadh gurb í seo an fhoireann is fearr a chuir Albain chun páirce le scór bliain. 

Caithfidh muid a bheith thar a bheith cúramach go háirithe agus leithéidí Stuart Hogg, Finn Russell agus Jonny Gray i mbarr a réime. Caithfidh muid a bheith iomaíoch agus trodach ó thús an chluiche agus, thar rud ar bith eile. caithfidh muid calaoisí a sheachaint. Má tharlaíonn a mhalairt beidh sé an-deacair againn an cúigiú háit sin agus an náire a bhaineann leis a sheachaint.

Bhí cluiche maith in Twickenham inné idir na Sasanaigh agus na Francaigh agus bua drámatach sa deireadh ag Sasana chun stop a chur le seans na Fraince an Chaithréim Mhór a bhuachan. Bhí bua bog ag an mBreatain Bheag ar an Iodáil inné agus beidh na Breatnaigh ag triall anois ar an Stade de France agus seans acu féin ar an gCaithréim Mhór.

Fág freagra ar 'A stádas mar rogha na coitiantachta tuillte ag foireann na hAlban'