A raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Diongbháilteacht Mhaigh Eo, teip Uíbh Fhailí agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ó chluichí sraithe agus craoibhe an deireadh seachtaine

INPHO/Donall Farmer
INPHO/Donall Farmer

Ní raibh baol ar fhoireann seo Mhaigh Eo

Nuair a chaith Maigh Eo uathu an bhearna cúig phointe a bhí idir iad féin agus Corcaigh roimh dheireadh chluiche ceannais na craoibhe faoi 21 an Satharn seo caite, thosaigh an chaint ar na meáin shóisialta faoi na huaireanta sin ar theip cheana ar fhoirne peile ón gcontae. Ag an bpointe sin, is beag duine a bhí ag breathnú ar an gcluiche a cheap go dtiocfadh Maigh Eo ar ais.

Ach is léir nach raibh na tráchtairí uile sin ag coinneáil súil róghéar ar fheachtas Mhaigh Eo i mbliana mar ba í an diongbháilteacht an tréith ba mhó a bhí le feiceáil iontu an tearrach seo.

I gcluiche ceannais Chonnacht, bhí orthu pointe a scóráil in am breise chun Ros Comáin a shárú. I gcluiche leathcheannais na hÉireann, i gcoinne Bhaile Átha Cliath, chaith siad uathu an farasbarr seacht bpointe a bhí acu sa chéad leath agus cé go raibh siad ceithre phointe chun deiridh ar Bhaile Átha Cliath agus gan ach ocht nóiméad fágtha, fós d’éirigh leo áit sa chluiche ceannais a bhaint amach.

Nuair a rug Corcaigh orthu in Inis an Domhnach seo caite, níor bhuail aon scaoll na himreoirí áirithe seo. Má tá siad in ann an meon sin a thabhairt leo isteach i bhfoireann na sinsear, is mór an buntáiste a bheadh ann don chontae amach anseo.

INPHO/Ryan Byrne
INPHO/Ryan Byrne

Níl an iomáint saor ón imirt chosantach

I ndiaidh an cháineadh uile atá déanta ar an bpeil le deich mbliana anuas, léiríodh an Domhnach seo caite nach bhfuil an iomáint saor ó locht ach an oiread. Thug Davy Fitzgerald rabhadh nach mbeadh cuma ró-tharraingteach ar an gcluiche agus is cinnte go raibh an ceart aige.

Is é an rud faoi stíl Phort Láirge nó an Chláir gur iontach an rud é a bheith ag breathnú orthu nuair atá siad i mbarr a maitheasa agus an sliotar á aistriú go tapa acu, ach chomh luath agus a thiteann an caighdeán beagáinín, is scéal eile atá ann. Agus an dá fhoireann ag imirt le cosantóirí le cois, bhí slua bailithe timpeall ar an sliotar an t-am uile agus bhí sé deacair ag aon imreoir dul chun cinn a dhéanamh.

Nuair a chuireann tú san áireamh an 39 iarracht a chuaigh ar seachrán sa chluiche céanna, is beag duine a bheadh ag súil le 70 nóiméad den imirt chéanna an Domhnach seo chugainn, go háirithe agus na foirne céanna ag imirt a chéile sa chraobh arís faoi cheann míosa.

INPHO/Ed Mulholland
INPHO/Ed Mulholland

Geit bainte as Ros Comáin

Nuair a bhuaigh Ros Comáin Roinn 2 den tSraith anuraidh, níor thóg sé i bhfad orthu go raibh a lucht leanúna ag caint ar iarracht a thabhairt ar Chraobh na hÉireann. Rinne an bainisteoir ag an am, John Evans, tagairt don chaint chéanna fiú, ach faoin am ar tháinig deireadh lena gcéad chluiche i gCraobh Chonnacht bhí siad díbeartha as comórtas an chúige ag Sligeach i bPáirc Markievicz.

I mbliana, rinne an contae go hiontach i Roinn a 1 chun áit a bhaint amach i gcluiche leathcheannais na sraithe ach is léir nár fhoghlaim siad mórán ón gcailliúint sin in aghaidh Shligigh anuraidh. An Domhnach seo caite, tháinig Nua-Eabhrac i bhfoisceacht pointe amháin de Ros Comáin i bPáirc na nGael, toradh a dhéanann ceap magaidh den tuairim go gcuirfidh Ros Comáin deireadh le ceannas Mhaigh Eo ar Chonnachta i mbliana.

D’admhaigh bainisteoir na foirne, Fergal O’Donnell, i ndiaidh an chluiche go ndéantar áibhéil faoi na himreoirí i Ros Comáin. Is é an chéad dúshlán eile atá ag O’Donnell agus a chomhbhainisteoir, Kevin McStay ná na himreoirí céanna a dhúiseacht agus a rá leo díriú ar a bhfuil rompu ar an lá seachas a bheith ag smaoineamh rófhada chun cinn.

INPHO/Cathal Noonan
INPHO/Cathal Noonan

Teip Uíbh Fhailí

Cé go raibh cluiche ceannais na sraithe agus cluiche ceannais na craoibhe faoi-21 ar siúl ag an deireadh seachtaine, seans gurb é an toradh is mó a bhain geit as daoine ná bua mór na hIarmhí ar Uíbh Fhailí i gCraobh Laighean, 2-22 in aghaidh 1-11. Agus iad ag imirt sa ghrúpa cáilithe, bhí 14 pointe mar fharasbarr ag an Iarmhí ar Uíbh Fhailí ar an Mhuileann gCearr.

Is toradh é a léiríonn cé chomh fada siar atá Uíbh Fhailí tite le tamall anuas. Tá os cionn scór bliain caite ó bhuaigh an contae Craobh Laighean don uair dheireanach agus 12 bliain caite ó shroich siad an cluiche ceannais fiú. Níl craobh buaite acu sa ghrád mionúr nó faoi 21 ó thús na mílaoise ach an oiread agus níl an chuma ar an scéal go bhfuil meath na sinsear th

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine'