A Galway group is crying ‘stop the lights’! 50 bliain is an lá inniu a cuireadh síol Chearta Sibhialta na Gaeltachta…

Ar an 18 Márta 1969 rinneadh agóid i gcoinne thaifeadadh an chláir Béarla Quicksilver i dTeach Furbo i gConamara, ceann de na heachtraí ba chinniúnaí i stair na Gaeltachta

A Galway group is crying ‘stop the lights’! 50 bliain is an lá inniu a cuireadh síol Chearta Sibhialta na Gaeltachta…

Cothrom an lae seo 50 bliain ó shin, ar an 18 Márta 1969, tharla ceann de na heachtraí ba chinniúnaí i stair na Gaeltachta nuair a rinneadh agóid i gcoinne thaifeadadh an chláir Béarla Quicksilver i dTeach Furbo, óstán sna Forbacha i nGaeltacht Chonamara.

Chuir lucht agóide stop le taifeadadh dhá chlár sa tsraith aitheanta, a bhíodh á cur i láthair ag Carr, mar agóid i gcoinne a leithéid a bheith á dhéanamh i mBéarla sa Ghaeltacht agus i gcoinne a laghad Gaeilge a bhíodh ar RTÉ.

Chuir an agóid dlús le bunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus leis na feachtais arbh é a dtoradh ná bunú Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus, lá níos faide anonn fós, Teilifís na Gaeilge. 

D’éirigh le ceathrar den lucht agóide – Seosamh Ó Cuaig, Tadhg Ó Curraidhin, Joe Steve Ó Neachtain agus Tomás Ó Neachtain – ticéad a fháil le bheith sa lucht féachana do thaifeadadh na gclár agus thóg siad clampar istigh fad is a bhí an chuid eile den bhuíon taobh amuigh de Theach Furbo i mbun picéid. Bhí suas le seachtó duine páirteach san agóid tráthnóna fliuch fuar feanntach Máirt agus comharthaí ar iompar acu ar a raibh manaí amhail ‘An Ghaeltacht R.IP. ag R.T.E’.

Bhí 12 Garda ar dualgas lasmuigh den óstán agus iad ag fanacht le lucht na hagóide a mháirseáil an leathmhíle ó shéipéal na bhForbacha go dtí an t-óstán, mar ar bhronn siad ráiteas ar fheidhmeannaigh de chuid RTÉ. Agóid shíochánta a bhí inti nár chuir aon mhairg ar na Gardaí a bhí ar dualgas.

Dúirt Pádraig Ó Concheanainn, nach maireann, ball den chumann nua a bhí faoi anáil na gluaiseachta cearta sibhialta a bhí i mbarr a réime ar fud an domhain i ndeireadh na seascaidí, nach raibh uathu ach go dtabharfadh RTÉ cothrom na Féinne do mhuintir na Gaeltachta. Dúirt sé nach raibh san agóid “ach tús” maidir le cearta a bhaint amach do mhuintir na Gaeltachta.

Ar dhuine den cheathrar a chuir isteach ar thaifeadadh Quicksilver bhí Seosamh Ó Cuaig, duine de bhunaitheoirí Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

Dúirt Ó Cuaig a bhí 20 bliain d’aois tráth na hagóide, go raibh “lámh mhór” ag Quicksilver i mbunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

“Shocraigh ceathrar againn dul isteach sa lucht féachana agus an clár a chur trína chéile. Thosaigh muid ag caint agus ag déanamh óráidí le linn an chláir. Ina dhiaidh sin, tháinig muid amach agus bhí cruinniú faoin aer againn taobh amuigh de Theach Furbo agus dúirt muid gur cheart rud éigin níos mó a chur ar siúl.

“Laethanta ina dhiaidh sin, tháinig muid le chéile i Seanscoil an Chnoic, an áit ar thosaigh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.  An-ghairid ina dhiaidh sin, shocraigh muid duine a chur chun cinn sa toghchán. Chuir muid Peadar Mac an Iomaire chun cinn agus bhí feachtas toghchánaíochta againn. D’éirigh leis níos mó vótaí a fháil ná Micheál D Ó hUigínn, a bhí ag seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre i nGaillimh,” a dúirt Seosamh Ó Cuaig.

Dúirt láithreoir an chláir Bunny Carr, a bhásaigh anuraidh, ag an am gur údar iontais dó an agóid.

“Ba é an plean a bhí againn ó thús ná rogha a thabhairt do na hiomaitheoirí na ceisteanna a bheith i nGaeilge nó i mBéarla. Níl bealach ar bith go mbeadh a fhios agamsa roimh ré an as an nGaeltacht an uile dhuine sa lucht féachana. Tagann iomaitheoirí na mílte fada chun freastal ar an seó.”

Thuill an eachtra go leor poiblíochta do chás na Gaeltachta agus don ghrúpa nua a bhí bunaithe ar éigean, Cumann Cearta Sibhialta na Gaeltachta. 

‘They Tried to Stop the Lights!’ an cheannlíne a bhí ar an tuairisc faoin eachtra ar chéad leathanach an Cork Examiner, tagairt don nath cainte ba mhó a shamhlaítí le Quicksilver agus a láithreoir, ‘Stop the lights!’.

‘Airgead Beo?’ an ceannteideal a bhí ar thuairisc an Evening Press an lá dár gcionn.

‘A Galway group is crying ‘stop the lights’ in protest against RTÉ’s Quicksilver quiz show because an edition of it is being produced in English in the heart of the Gaeltacht,’ a dúradh san Evening Press.

Thacaigh eagraíochtaí teanga eile, ina measc Conradh na Gaeilge, leis an agóid agus eagraíodh agóidí eile i mBaile Átha Cliath, ag ceanncheathrú RTÉ in Montrose agus ag oifigí an chraoltóra ar Shráid Anraí.  

Bhí baint mhór le heagrú na hagóide ag Maolsheachlainn Ó Caollaí, a bhí ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, agus ag an bhfostaí de chuid an Chonradh a phós sé ina dhiaidh sin, Peig Ní Choinceanainn as Sáile Chuanna i gCois Fharraige ó dhúchas.

Chuir Eagras na Gaeltachta ráiteas amach inar dúradh gur mhian leo a bheith luaite le hagóid Quicksilver.

“Go dtí seo, níor éirigh le Eagras na Gaeltachta ná eagraíochtaí eile a chur in iúl don Stát agus do na húdaráis áitiúla an dualgas atá orthu. Is cosúil anois go gcaithfimid ár n-éilimh a dhéanamh ar bhealach níos tréine.”

Ar an 23 Márta bhí cruinniú mór poiblí i scoil an Chnoic in Indreabhán, cruinniú ag ar leagadh síos spriocanna Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

Craolfar eagrán speisialta de 7Lá ar TG4 amárach, Dé Máirt, ag 7.30pm, mar chomóradh 50 bliain ar eachtra Quicksilver agus ar bhunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'A Galway group is crying ‘stop the lights’! 50 bliain is an lá inniu a cuireadh síol Chearta Sibhialta na Gaeltachta…'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Mar atá ráite bhí baint mhór ag Conradh na Gaeilge le eagrú an phicéid agus le eagrú na poiblíochta a bhí sna nuachtáin an chéad lá eile. Ag an am bhí timire fostaithe ag Conradh na Gaeilge, darb ainm dhó Uinsionn Ó hArgadáin, a bhí i láthair ag cruinniú le ceannairí ó Chumann Forbartha Chois Fharraige, cruinniú ag a socraíodh an picéad a eagrú. Mé ag iarraidh tíocht ar Uinsionn agus bheinn buíoch do aon léitheoir a mbeadh eolas aige faoi scéal a chur chugam ag DOHEALLAITHE@GMAIL.COM nó glaoch a chur orm ag 091593185.

    Dála an scéal beidh comóradh ar bhunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ar bun ar an Domhnach seo chugainn, 24 Márta i Seanscoil Sailearna (Scoil an Chnoic, mar a tugadh air ag an am), eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige. Fáilte roimh cách ag an ocáid go speisialta daoine a bhí páirteach i gCearta Sibhialta na Gaeltachta, agus a muintir.

  • John Broderick

    Faraor mórchuid cainte agus gannchuid gnímh na laethanta seo / níl an miotal sna cnámha céanna ag an aos óg

  • Dearfach i gcónaí

    @John Broderick
    An bhfuil tusa ag tacú le daoine óga díograiseacha cróga an lae inniu in aon cheann des na feachtais seo a leanas?
    Stop an Téamh Domhanda, Feachtas Tithíochta Átha Cliath, SOS sábháil ár gcuid Farraigí, Bréan den Phlaisteach, Gluaiseacht frithChogaidh na hÉireann, Coinnigh Éire Oscailte do Shiúlóirí srl.srl.srl.srl.srl.

  • Mustafa Mhicil Sheáin

    Mais plus ca change: fiche bliain ina dhiaidh sin b’éigean do ghlúin eile an fód ceannann céanna a sheasamh aríst nuair a tháinig Bibi Baskin go dtí an teach céanna lena clár lánBhéarla. Dream óg as UCG a sheas an fód an uair sin. Ach féach ar a bhfuaireamar ar a shon: Tee Gee Four (Make sure the gobshites in Mullingar can understand the Bog Latin!)