Dhá bhliain is an t-am seo a ceapadh Ursula Von der Leyen mar Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach. Díol suntais ab ea a ceapachán ar chúpla cúis. An chéad bhean ina hUachtarán ar an institiúid agus an chéad Ghearmánach le fada an lá. Comhghleacaí de chuid Angela Merkel, iar-aire cosanta i rialtas na Gearmáine agus Eorpach go smior. Iarrthóir comhréitigh.
Rugadh Ursula Von der Leyen sa Bhruiséil, iníon le Ernst Albrecht, oifigeach sinsearach de chuid mhaorlathas na hEorpa. D’fhág sin gur tógadh í agus aisling na hEorpa lárnach ina saol. An lá ar ceapadh í mar Uachtarán ar an gCoimisiún i mí Iúil 2019 dhearbhaigh sí go raibh aontas níos dlúithe idir ballstáit an Aontais Eorpaigh mar thosaíocht aici, chomh maith le polasaí cosanta níos láidre agus aontas airgeadais níos fearr.
Sa dá bhliain ó shin is beag a d’éirigh léi a dhéanamh leis na prionsabail a luaigh sí an lá sin a chur chun cinn. Más tada é, tuairiscítear as an mBruiséil gur easaontas agus botúin is mó atá luaite lena hUachtaránacht go dtí seo. Níl amhras ar bith ach go raibh an mí-ádh uirthi, idir an Breatimeacht agus an Covid-19. Mar sin féin, léirigh an láimhseáil a rinne sí ar an dá scéal sin easpa tuisceana ar an bpolaitíocht agus an taidhleoireacht a bhaineann leis an Aontas.
Nuair a bhagair sí féin agus a Coimisiún Airteagal 16 den chonradh aistarraingthe Breatimeachta a thionscnamh mar chuid d’fheachtas an Aontais chun an soláthar vacsaíní a chosaint, chuir sí fearg agus alltacht ar go leor, go háirithe Michel Barnier a raibh na blianta caite aige ag iarraidh an comhréiteach lochtach sin a aontú.
Tharraing an chaoi ar caitheadh léi sa Tuirc roinnt míonna ó shin clampar nuair nár cuireadh cathaoir ar fáil di le linn cruinniú idir í féin, uachtarán na Comhairle Charles Michel agus Uachtarán Erdogan na Tuirce. Shuigh sí ar deireadh ar an tolg a bhí in aice láimhe. Labhair sí ina dhiaidh sin ar chomh mór agus a ghoill an scéal ar fad uirthi.
An léargas is fearr ar dhearcadh a cuid comhghleacaithe san Eoraip faoinar tharla, an rud a dúirt duine amháin – “Ní shuífeadh Angela Merkel ar an tolg!”
Le tamall de sheachtainí agus an tseachtain seo arís tá deacrachtaí an Aontais ar an gcolbha thoir tagtha chun cinn agus amhras á léiriú an mbeidh sé ar chumas an Uachtaráin Von der Leyen an t-easaontas sin a chiúnú. Ag cruinniú mullaigh na Comhairle le gairid rinne Príomh-Aire na hÍsiltíre Mark Rutte ionsaí fíochmhar ar rialtas na hUngáire mar gheall ar dhlíthe nua a bhaineann le cearta do homaighnéasaigh a chosc.
Mhol sé do Viktor Orbán, Príomh-Aire na hUngáire, leas a bhaint as Airteagal 50 de Chonradh Liospóin agus imeacht ar fad as an Aontas mura bhfuil siad sásta cloí leis na prionsabail atá ag an AE. Ghlac an tSlóivéin an tseachtain seo le huachtaránacht Chomhairle na hEorpa ar feadh tréimhse sé mhí. Tá amhras léirithe faoi dhílseacht rialtas na tíre sin do na “acquis communautaire” freisin.
Ina hóráid sa bParlaimint an tseachtain seo mar chuid de thús oifigiúil uachtaránacht na Slóivéine, luaigh Ursula Von der Leyen na deacrachtaí a fheictear le réimeas na Slóivéine – riar na córa, saoirse na meán agus cearta mionlaigh. Fágadh faoi fheisirí aonair ionsaithe níos láidre a dhéanamh ar réimeas na Slóivéine. Dúshlán eile atá roimh an Uachtarán von der Leyen sna sé mhí seo romhainn dlúthpháirtíocht na mball lena chéile a chosaint.
Níl an Breatimeacht ná an Covid réitithe. Is léir fearg a bheith ar bhallstáit in iarthar an Aontais le rialtais ar an teorainn thoir. Beidh deireadh le Angela Merkel mar cheannaire Eorpach sa bhfómhar agus tá Emmanuel Macron faoi bhrú roimh thoghchán uachtaránachta na Fraince an samhradh seo chugainn. Cá bhfágann sin mianta Ursula von der Leyen aontas níos dlúithe a chothú idir tíortha na hEorpa? Ar an méar fhada, dhealródh sé, faoi láthair.
AN Teanga Bheo
Nach cupla bliaina a thug siad do Theresa May ar ndóigh.
Fearn
Ní beag teacht na Plá agus searbhas phoilitíocht na hUngáire lena misneach a laghdú rud beag.
Tiocfaidh sí!