Níl ‘barúil ar bith’ ag an Stát faoi riachtanais teanga leanaí óga na Gaeltachta

Rinneadh éileamh i dTithe an Oireachtais tráthnóna ar pholasaí náisiúnta nua a thabharfadh aitheantas do na dúshláin ar leith a bhíonn roimh chóras réamhscolaíochta na Gaeltachta

Níl ‘barúil ar bith’ ag an Stát faoi riachtanais teanga leanaí óga na Gaeltachta

Caithfear “stádas speisialta” a thabhairt do chóras réamhscolaíochta na Gaeltachta a d’aithneodh nach “gnáththeanga ar bith í” an Ghaeilge ach “mionteanga atá faoi bhrú”.

B’in an teachtaireacht a bhí ag toscaireacht Ghaeltachta a bhí os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dtithe an Oireachtais tráthnóna.

Thug na baill de Choiste Stiúrtha an Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabhán i gConamara le fios do na Teachtaí Dála agus Seanadóirí a bhí i láthair ag an gcruinniú tráthnóna gur gá polasaí nua a fhorbairt a thabharfadh “aitheantas” do na riachtanais shainiúla éagsúla a bhíonn ag naíonraí agus naíolanna Gaeltachta.

Dúirt Lochlainn Ó Tuairisg ó Choiste Stiúrtha an Ionaid, an Crann Taca, nárbh léir cén ról atá ag an stát sa chóras réamhscolaíochta Gaeltachta in ainneoin a bhfuil de “fuinneamh agus ama ídithe” le Polasaí nua Oideachais na Gaeltachta agus le bunú an chórais pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt Ó Tuairisg gur chóir aitheantas stáit a thabhairt do pholasaí a aithníonn na riachtanais éagsúla teanga a bhíonn ag leanaí óga sa chóras réamhscolaíochta Gaeltachta.

Dúirt baill na toscaireachta gur gá polasaí náisiúnta a thabhairt isteach maidir le córas a ligeann do leanaí óga na Gaeltachta, idir chainteoirí dúchais agus fhoghlaimeoirí, an Ghaeilge a shealbhú “ag an luas cuí”, seachas é a fhágáil “faoi choistí deonacha” polasaí teanga a leagan síos.

Dúradh chomh maith gur gá feabhas a chur ar choinníollacha pá agus oibre na ndaoine a bhíonn ag obair in ionaid tacaíochta teaghlaigh na Gaeltachta chun aitheantas a thabhairt do na dúshláin bhreise a bhíonn orthu ag plé le leanaí le riachtanais teanga éagsúla.

D’éiligh baill na toscaireachta go gcuirfí maoiniú ar fáil don Ionad Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabhán chun na fiacha atá orthu a ghlanadh. Tugadh le fios gur cuireadh a leithéid d’éileamh faoi bhráid Roinn na Gaeltachta mí Mheithimh seo caite ach go rabhthas fós ag fanacht ar eolas faoin iarratas sin.

Tugadh le fios gur “ligeadh na maidí le sruth” maidir le polasaí teanga seanbhunaithe an Ionaid i gConamara le cúpla bliain anuas agus gurb é an toradh a bhí air sin ná gur tugadh faoi deara go raibh “meath tagtha ar chaighdeán na Gaeilge” i measc na ndaltaí a bhí ag tosú amach sa scoil náisiúnta sa cheantar.

Dúradh go raibh sé in am don Stát a bheannacht a thabhairt do pholasaí a dhéanann idirdhealú idir páistí atá á dtógáil le Gaeilge agus páistí nach bhfuil, agus a aithint gur “dea-chleachtas” é sin.

Dúirt Áine Nic Niallais gur léir ó pholasaithe réamhscolaíochta an Stáit – Síolta agus Aistear – nach bhfuil “barúil ar bith” acu faoi chás “sainiúil” na Gaeltachta.

Dúirt Bróna Ní Uallacháin ó Choiste Stiúrtha an Ionaid gur rud “iontach” é go bhfuil polasaí ar leith tugtha isteach do chóras oideachais na Gaeltachta ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal, ach go gcaithfí a leithéid a thabhairt isteach anois do chóras réamhscolaíochta na Gaeltachta.

“Mura bhfuil an bhunchloch láidir ní fiú na tithe eile a thógáil ar thalamh nach bhfuil slán,” a dúirt Bróna Ní Uallacháin.

Thacaigh Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, an Teachta Dála Catherine Connolly, agus na baill den choiste a bhí i láthair ag cruinniú an lae inniu le héileamh na toscaireachta ar pholasaí náisiúnta nua don chóras réamhscolaíochta Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Níl ‘barúil ar bith’ ag an Stát faoi riachtanais teanga leanaí óga na Gaeltachta'

  • leitheoir

    Is léir domsa le fada go bhfuil súil in airde ag Bruton lena phinsean breá flaithiúil. Ní facthas riamh Aire a bhí chomh mór ar a bhogstróc mar é. É chomh sásta le diúc agus praiseach déanta den chóras oideachais timpeall air.

  • Ruairí

    Leis an buaileam sciath go léir faoin “pholasaí oideachas don Ghaeltacht” agus an “pleanáil teanga” bheadh sé ag luí le réasún go mbeadh an bhéim is mó sa bpolasaí ar na naíscoileanna Gaeltachta. Is léir gur ligeadh na páistí is óige i ndearmad sa bpolsasaí, rud atá thar a bheith amaideach.
    Bheadh trua agat dos na choistí deonacha atá freagrach as na naíscoileanna Gaeltachta nuair nach bhfuil aon sainmhíniú oifigiúil ar céard is naíscoil Gaeltachta ann.