Láithreoir aimsire agus nuachta nua ag TG4 – ceannasaí ambasáid Mheiriceá in Éirinn!

Tá an té atá i gceannas ar Ambasáid Stáit Aontaithe Mheiriceá in Éirinn, Reece Smyth, ar cuairt faoi láthair ar Ghaeltacht Chonamara

Láithreoir aimsire agus nuachta nua ag TG4 – ceannasaí ambasáid Mheiriceá in Éirinn!

Tá an té atá ina cheann feadhna ar Ambasáid Stáit Aontaithe Mheiriceá in Éirinn, Reece Smyth, ar cuairt faoi láthair ar Ghaeltacht Chonamara.

Tá an Chargé d’Affaires in ambasáid Mheiriceá i mBaile Átha Cliath ar cuairt ar Chonamara le cúpla lá anuas agus thug sé cuairt inniu ar Pháirc na Mara, an pháirc eolaíochta mara nua atá á forbairt ag Údarás na Gaeltachta i gCill Chiaráin, agus ar thigh an Phiarsaigh i Ros Muc. Bhuail sé chomh maith le scoláirí ó Scoil Bhriocáin nuair a bhí sé i Ros Muc inniu.

Fuair Smyth deis tráthnóna inné ligean air féin go raibh sé ag tuar na haimsire agus ag léamh na nuachta ar TG4 nuair a thug sé cuairt ar an stáisiún Gaeilge i mBaile na hAbhann.

Níl aon ambasadóir chun na hÉireann ag Stáit Aontaithe Mheiriceá ó d’éirigh Kevin O’Malley as ag deireadh thréimhse Barack Obama mar uachtarán.

Tá cáineadh géar déanta ar an Uachtarán Donald Trump toisc nár cheap sé comharba O’Malley go fóill.

Is é Reece Smyth, an Chargé d’Affaires in ambasáid Mheiriceá, a bheidh i mbun chúraimí an ambasadóra i mBaile Átha Cliath go dtí go gceapfar ambasadóir.

Fág freagra ar 'Láithreoir aimsire agus nuachta nua ag TG4 – ceannasaí ambasáid Mheiriceá in Éirinn!'