Glactha sa Dáil le Bille a chinnteodh go mbeadh Gaeilge líofa ag Uachtaráin OÉ, Gaillimh

Tá Bille nua á chur chun cinn ag Éamon Ó Cuív a dhéanfadh leasú ar Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh 2006 lena chinntiú go mbeadh uachtaráin na hollscoile ina gcainteoirí Gaeilge feasta

Glactha sa Dáil le Bille a chinnteodh go mbeadh Gaeilge líofa ag Uachtaráin OÉ, Gaillimh

D’éirigh le Bille a chinnteodh riachtanas Gaeilge a bheith ann do phost an Uachtaráin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, dul tríd an gcéad chéim den chóras reachtaíochta i dTithe an Oireachtais inniu nuair a glacadh leis sa Dáil gan aon chur ina choinne.

Tá an t-iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, ar Teachta Dála do Ghaillimh Thiar é, ag brú an bhille nua chun cinn in iarracht a chinntiú go mbeidh Gaeilge líofa ag an té a cheapfar mar Uachtarán ar OÉ, Gaillimh, feasta.

Is mion-athrú ar an reachtaíocht a bhí ann cheana atá i gceist le Bille an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú) 2017 a tugadh os comhair na Dála inniu. Sa gcás go n-achtófaí an Bille nua, chuirfí abairt amháin bhreise leis an Acht a tugadh isteach in 2006:

“The governing authority shall ensure that the President of the college is competent to carry out all his/her daily responsibilities as President in both Irish and English,” an abairt a chuirfí leis an Acht.

Tháinig sé chun solais an mhí seo caite go gcuirfear deireadh leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post Uachtarán na hOllscoile. Vótáil tromlach Údarás na hollscoile ar son moladh go gcuirfí deireadh leis an riachtanas Gaeilge don phost is sinsearaí san ollscoil.

Mheas siadsan a bhí ar son an athraithe gur bac a bhí sa riachtanas teanga ar dhaoine cur isteach ar an bpost, go háirithe iarrthóirí ó chríocha thar lear.

Rinne mic léinn agus baill foirne na hollscoile agóid an mhí seo ag cur i gcoinne an chinnidh. Pléadh an cheist sa Dáil cúpla uair le mí anuas freisin, agus dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton go nglacann sé le cinneadh Údarás na hOllscoile.

Rachaidh Bille Uí Chuív os comhair an Choiste Oireachtais don Ghaeilge, Gaeltacht agus Oileáin anois agus pléifidh an Coiste sin, a bhfuil an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Catherine Connolly ina cathaoirleach air, an Bille nua. Rachaidh sé chuig an dara céim sa Dáil ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'Glactha sa Dáil le Bille a chinnteodh go mbeadh Gaeilge líofa ag Uachtaráin OÉ, Gaillimh'

  • Seán Mag Leannáin

    Frithionsaí maith anseo ar an ionsaí sleamhain suarach a rinne seoiníní an Choláiste ar an nGaeilge – maith thú, a Theachta Ó Cuív. Tá súil agam go n-éireoidh leis.

  • Gerry

    Maith thú,a Éamó,
    Agus cad faoi iarrthóirí d’Úachtaranacht na tíre seo sa todhchaí. Sílim go bhfuil roinnt daoine gan focal ag smaoineamh ar seo cheana féin.
    Le meas Gerry

  • Brian Patterson

    Bille eile ag teastáil “Go mbéidh gaeilge ag Ministéir agus Fó-Mhinistéir na Gaeltachta.”