Feachtas litreacha ar bun maidir le heaspa Gaeilge Ard-Rúnaí na Roinne Gaeltachta

Dheimhnigh an Roinn do Tuairisc.ie an tseachtain seo caite nach bhfuil líofacht sa Ghaeilge ag Katherine Licken, Ard-Rúnaí nuacheaptha na Roinne

Feachtas litreacha ar bun maidir le heaspa Gaeilge Ard-Rúnaí na Roinne Gaeltachta

Tá ‘feachtas litreacha’ á eagrú ag an ngrúpa MISNEACH le himpí ar  Katherine Licken, Ard-Rúnaí sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, beart de réir a briathair a dhéanamh agus an Ghaeilge a fhoghlaim “a luaithe agus is féidir”.

Dheimhnigh an Roinn do Tuairisc.ie an tseachtain seo caite nach bhfuil líofacht sa Ghaeilge ag Licken ach go bhfuil sé “i gceist aici líofacht a bhaint amach chomh luath agus is féidir”. Is é post an Ard-Rúnaí an post is sinsearaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta sa státseirbhís.

Tá teimpléad litreach scaipthe ag an eagraíocht MISNEACH ar na cuntais éagsúla atá acu ar na meáin shóisialta agus é iarrtha acu ar lucht labhartha na Gaeilge litreacha agus ríomhphoist i nGaeilge a scríobh chuig an rúnaí nua-cheaptha.

Deir MISNEACH gur sampla é ceapachán Licken “den drochmheas atá á léiriú ag lucht na cumhachta ar phobal na Gaeilge”.

“Seo tuilleadh den chur i gcéill i leith na Gaeilge a spreag an t-iarChoimisinéir Teanga [Seán Ó Cuirreáin] le héirí as a phost in 2013, agus is léir do chách nach bhfuil rudaí ach imithe in olcas ó shin.

“Cé go bhfuil easpa riachtanas Gaeilge sa chóras earcaíochta cáinte arís agus arís ag an gCoimisinéir Teanga reatha, ag grúpaí teanga, agus ag an Uachtarán féin, chreid an Rialtas nach raibh aon ghá le Gaeilge a bheith ar a toil ag an státseirbhíseach is sinsearaí a bhfuil freagracht uirthi as cúrsaí Gaeilge,” a dúradh i ráiteas a d’eisigh an eagraíocht.

Dúradh gur “tús maith” a bheadh san fheachtas litreacha seo “chun a léiriú do lucht na cumhachta nach bhfuil [pobal na Gaeilge] sásta luí siar go ciúin”. Ba í seo “am na cinniúna” don Ghaeilge, a dúirt an brúghrúpa.

“Tá sé léirithe arís is arís go bhfuil an teanga i mbaol sna Gaeltachtaí, agus go bhfuil gá le tacaíocht shuntasach a thabhairt di lena todhchaí a chinntiú.

“Tá an rialtas ag cur iachall ar phobail Ghaeltachta pleananna teanga a scríobh chun a stádas Gaeltachta a choinneáil. Ní hamháin nach bhfuil siad sásta a dheimhniú go mbeidh maoiniú ar fáil do chur i bhfeidhm na bpleananna seo, ach níl siad féin sásta na céimeanna is bunúsaí a thógáil le ceannaireacht a léiriú,” a dúradh.

Moltar geallúint Katherine Licken an Ghaeilge a fhoghlaim sa litir shamplach a scaip MISNEACH agus iarrtar uirthi feabhas a chur ar a scileanna teanga “chomh luath agus is féidir” agus tabhairt faoina cuid oibre, obair a bhaineann leis an nGaeltacht “in am seo na práinne”.

Fág freagra ar 'Feachtas litreacha ar bun maidir le heaspa Gaeilge Ard-Rúnaí na Roinne Gaeltachta'

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne , An Astráil

    Tá an rialtas ag déanamh ceap magaidh den tír ar fad leis an drochmheas a léirítear i leith na Gaeilge.