Ceann de na buntáistí a bhaineann le bheith i do chónaí i gceantar Gaeltachta go mbíonn uaireanta ann a gcloiseann tú leagan Gaeilge á rá go nádúrtha nuair is sa litríocht nó sna hamhráin is mó a bheadh súil agat leis.
Thug mé marcaíocht sa gcarr d’fhear aitheantais lá agus nuair a tháinig muid chomh fada le teach tábhairne d’iarr sé orm stopadh .
“Ólfaidh mé cúpla crúiscín anseo a thógfas mo chroí,” a dúirt sé.
Chuimhnigh mé láithreach ar an amhrán ar mhinic le Seán Ó Liatháin as Gaeltacht Chorcaí a bheith á chasadh:
‘Grá mo chroí mo chrúiscín, sláinte geal mo mhúirnín,
Is cuma liom a cúilín dubh nó bán,
Agus gheobham aríst an crúiscín is bíodh sé lán.’
Dá mba in Albain a bheinn agus go n-iarrfadh fear orm é a ligean isteach i dteach tábhairne seans gur dram fuisce a bheadh ar intinn aige a ól.
Tá gaol ag an bhfocal sin dram leis an bhfocal drachma, dála an scéil. Tomhas a bhí sa nGréig fadó ba ea an drachma.
Ar ndóigh bhí drachma de chineál eile acu freisin go dtí gur dhíol siad a n-anam le hAontas na hEorpa.
Tá an focal dram i nGaeilge na hÉireann fós, go mór mór sa Tuaisceart. Féach ar an rann seo:
‘Is maith an t-ól,’ arsa an pótaire,
Beireann sé spóirt d’fhear gan croí,
Oineach don fhear atá crua,
Ciall agus stuaim don mhnaoi,
Misneach don fhear atá fann,
Lena fhocal in am a rá;
Ní miste dom stad de mo rann,
Cuir chugam an dram sin anall.’
‘Cúpla crúiscín a thógfas mo chroí,’ a dúirt mo chara liom. Ar ndóigh is iomaí leas eile is féidir a bhaint as crúiscín.
D’fhéadfadh crúiscín meala a bheith agat nó crúiscín uachtair.
Taobh amuigh de sin ar fad baintear leas as an bhfocal crúiscín ar bhealach eile fós. Scríobadh an chrúiscín a thugtar ar dheireadh an áil, an duine deireanach den teaghlach a thagann ar an saol.
Tá rud eile le rá freisin; tá bealaí go leor ann le do chroí a thógáil seachas donán a dhéanamh díot féin ag ól fuisce as crúiscín.
Cailín deas óg le bréagadh is fearr a dhéanadh an beart do na filí fadó.
Maidir liom féin tá mé ar an gcaoi anois gur leor liom mar thógáil croí leagan maith Gaeilge a chloisteáil á rá go nádúrtha agus eagarthóir Tuairisc.ie a bheith sásta a admháil gur deas é.
Cúpla crúiscín a thógfas mo chroí… Nach deas é?
padraig
‘Cailín deas óg le bréagadh ‘ is suimiúil an nath e sin ann fein maidir le cluain a chur ar mhnaoi, agus ni folair no bhi na Muimhnigh (maoinigh?) go maith oilte chun an churaim óir deirtear ‘an chluain Mhuimhneach’ a chur ar bhean. Agus ‘bréagadh’ a bhionn i gceist leis sin chomh maith, an bhfuil baint aige le ‘bréag’? Ma ta, nach saonta simpli iad na baineannaigh a rá gur feidir dallamullog no dallaphuicin mar sin a chur orthu? Agus stail eigint a bhóín á cur thar abhainn orthu? Ach deirtear i Leith leanaí leis é …d’fhonn iad a chur a chodladh. Déanann lucht na polaitíochta sinn a bhréagadh aimsir toghcháin leis! Is fuirist cuid again a bhréagadh is léir. ‘Dram’ atá ar siúl ag Seosamh, tá ‘scíobas’ nó ‘braon’ nó ‘bolgam’ ann chomh maith agus ‘deoichín’ mar ainm ceana ag lucht na póite ar an tsuthaíocht a bhíonn ar siúl acu. Is sláintiúla go mór dúil a bheith agat i bhfocail na dúil a bheith sa ndigh agat!