Cuma níos buaine agus níos seasmhaí ar Chiarraí

Is féidir cás láidir a dhéanamh do cheachtar de na foirne atá á fhéachaint le chéile i gcluiche ceannais na hÉireann tráthnóna, ach beidh an bua ar éigean ag Ciarraí

Donnchadh Walsh agus Jack McCaffrey i 2013. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Donnchadh Walsh agus Jack McCaffrey i 2013. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Baile Átha Cliath v Ciarraí, Páirc an Chrócaigh, 3.30i.n.

Seo linn arís, an dá fhoireann is mó a bhfuil rath orthu i gCraobh Peile na hÉireann ag dul i mbun coimhlinte arís chun a bheith aitheanta mar an fhoireann is fearr sa tír.

Is mó coimhlintí stairiúla a bhí eatarthu agus cé go bhfuil an bua faighte ag Ciarraí i bhfad níos minice ná a mhalairt, is é an rud is tábhachtaí do lucht leanúna Bhaile Átha Cliath ná gurb iad foireann na príomhchathrach a bhuaigh an dá chluiche is déanaí idir na foirne, cluiche ceannais 2011 agus cluiche leathcheannais 2013.

Níl aon dabht ach gurb iad seo an dá fhoireann is fearr sa tír ach, mar gheall go bhfuil scóranna móra aimsithe acu i gcúpla chluiche i mbliana, ceaptar gur sárchluiche oscailte a bheidh anseo. Ón méid atá feicthe againn ón mbeirt bhainisteoirí go dtí seo, níl an scéal leath chomh simplí leis sin. Meastar gurb iad Éamonn Fitzmuarice agus Jim Gavin an bheirt is stuama atá i bhfeighil ar foirne idirchontae faoi láthair agus is cinnte go bhfuil laethanta fada caite acu ag déanamh machnaimh ar cén chaoi an ceann is fearr a fháil ar a chéile.

I 2013, ba léir gur chreid Fitzmaurice gurb é an bealach is fearr le Baile Átha Cliath a bhualadh ná dul ar an ionsaí gan stad. D’oibrigh sé go pointe ach fós tháinig foireann Jim Gavin slán, a bhuíochas do chúl Kevin McManamon. Chonaic muid sa chluiche ceannais anuraidh nach bhfuil faitíos ar bhainisteoir Chiarraí traidisiún peile an chontae a fhágáil ar leataobh má cheapann sé gur gá.

Is é an scéal céanna é le Jim Gavin. Don chéad dá bhliain a bhí sa phost, níor thug sé mórán airde ar an gcosaint ach, i ndiaidh dóibh cailliúnt i gcoinne Dhún na nGall anuraidh, tá plean i bhfad níos pragmataí feicthe againn ó fhoireann na príomhchathrach, go háirithe i gcoinne Mhaigh Eo sna cluichí leathcheannais. Ba léir go raibh siad ag iarraidh rudaí a choinneáil ní ba theinne sna cúlaithe sna cluichí sin, go háirithe agus Cian O’Sullivan ag imirt mar chosantóir le cois.

Ag trácht dúinn ar O’Sullivan, ba í an cheist mhór i mBaile Átha Cliath le coicís anuas ná an mbeadh fear Chill Mochuda ar fáil. Bhí air an pháirc a fhágáil i gcoinne Maigh Eo agus é gortaithe agus tá coicís tugtha aige ag iarraidh teacht chuige féín. I ndáiríre, níor chóir mórán ceann a thógáil don fhoireann atá ainmnithe ag Jim Gavin mar ní minic a thosaíonn aon chluiche gan, ar a laghad, cúpla athrú déanta aige. Mura mbeidh O’Sullivan ar fáil ón tús, is fadhb an-mhór a bheidh ann don bhainisteoir.

Is é John Small a chaith geansaí uimhir 6 den chéad chuid den bhliain ach níl cluiche tosaithe aige ón gcluiche i gcoinne Chill Dara i lár an tsamhraidh agus bheifí ag dul sa seans é a thosú i gcluiche ceannais na hÉireann.

Tháinig Michael Fitzsimmons isteach sa líne lánchúil sa dá chluiche i gcoinne Mhaigh Eo agus ní chuirfeadh sé iontas ar aon duine dá dtiocfadh sé isteach arís agus dá mbogfaí Jonny Cooper nó Philly McMahon amach go dtí an líne 45m, cé nach í sin an áit is dual dóibh a bheith.

Ba é an t-ábhar cainte is mó a bhain le foireann Chiarraí an dtosódh Kieran Donaghy nó Paul Geaney sa líne lántosach. Is é fear an Daingin a roghnaigh Éamonn Fitzmaurice sa deireadh ach ba é an rud is suntasaí faoi scéal na foirne nach bhfuil aon áit uirthi do Mharc Ó Sé, an t-imreoir is mó taithí atá ag Ciarraí, nó Paul Murphy, laoch na himeartha sa chluiche ceannais anuraidh.

Níl sé de nós ag Fitzmaurice imreoir a ainmniú ar fhoireann ar mhaithe leis an dallamullóg a chur ar dhaoine agus mura bhfuil Ó Murphy ar fáil, b’ionann mar bhuille é do Chiarraí agus O’Sullivan a bheith in easnamh ar Bhaile Átha Cliath.

Pé rud a tharlóidh leis na ciceanna amach, beidh an cath i lár na páirce fós tábhachtach. Is iad Anthony Maher agus David Moran an bheirt is fearr san ionad sin le breis agus bliain anuas. San am céanna, is áit é a bhfuil Baile Átha Cliath ag streachailt leis ar feadh an tsamhraidh.

Nuair atá Michael Darragh MacAuley ag imirt i mbarr a mhaitheasa, is imreoir thar a bheith tábhachtach é do Bhaile Átha Cliath ach ní raibh sé ach cuíosach go dtí seo i mbliana.

Mar sin féin, tá seans ann go mbeidh Jim Gavin ag súil le leas a bhaint as an aclaíocht dhochreidte atá ag MacAuley. I gcluiche ceannais 2013, bhí ar Aidan O’Shea McAuley a leanacht ó cheann ceann na páirce, rud a thraoch fear Mhaigh Eo sa deireadh agus a chiallaigh nach raibh tionchar ar bith aige ar an imirt. Seans maith go dtriailfidh Gavin an rud céanna a dhéanamh le Moran nó Maher inniu.

Is féidir cás láidir a dhéanamh do cheachtar de na foirne seo. Bhí na cluichí i 2011 agus 2013 idir dhá cheann na meá go dtí an cúpla nóiméad deireanach agus seans maith gurb é an scéal céanna arís a bheidh anseo agus go mbeidh tionchar mór ag na fir ionaid ar chúrsaí dá bharr. Níl aon easpa tallainne ar na foirne ar an mbínse ach an oiread.

Fadhb amháin atá ag Jim Gavin ná nach bhfuil sé cinnte fós céard í an fhoireann is fearr atá aige. Níor shroich Baile Átha Cliath an leibhéal is airde ar fad ina gcuid imeartha ach ar feadh 30 nóiméad idir an dá chluiche i gcoinne Mhaigh Eo. Cúis amháin a bhí leis sin ná na hathruithe uile atá á ndéanamh acu ó chluiche go cluiche.

Níl an fhadhb chéanna ag Ciarraí agus is mar gheall air sin atá an buntáiste acu tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Fág freagra ar 'Cuma níos buaine agus níos seasmhaí ar Chiarraí'