Is leochailí an daonlathas nuair a thréigeann a chosantóirí é

90 bliain i ndiaidh Chogadh Cathartha na Spáinne an ndéanfaidh ceannairí Eorpacha feall ar luachanna an daonlathais arís?

Is leochailí an daonlathas nuair a thréigeann a chosantóirí é

Agus círéibeacha agus cur faoi chois agóidí san Eoraip tá toghcháin mhóra ar na bacáin freisin agus tá imní ag méadú faoin eite fhíordheis. Léiríonn an stair, áfach, gurb é an baol is mó don daonlathas ná nuair a theipeann ar cheannairí daonlathacha cloí lena bprionsabail.

Nócha bliain ó shin, tháinig na Faisistigh san Iodáil agus na Naitsithe sa Ghearmáin i gcumhacht, cé nár ghnóthaigh siad tromlach na vótaí riamh. Bhí sé sin indéanta toisc gur thacaigh daoine cumhachtacha i saol na polaitíochta agus an gheilleagair leo, nó gur chreid siad go mbeidís in ann iad a stiúradh ar bhealach a bheadh ar a leas féin. Léiríodh ina dhiaidh sin cé chomh tubaisteach is a bhí an meon sin.

Sa lá atá inniu ann, tá imní mhór ann faoin eite fhíordheis. Fuair páirtithe ar an eite dheis agus an eite fhíordheis thart ar aon cheathrú de na vótaí eatarthu i dtoghcháin san Eoraip le déanaí. Cé gur méadú suntasach é sin i gcomparáid leis na 1990idí, tá na páirtithe i gcónaí i bhfad ó thacaíocht thromlach an phobail a bheith acu.

Mar sin féin, in ionad dúshlán a thabhairt don teachtaireacht atá á cur chun cinn acu, tá go leor rialtas tar éis gnéithe dá gclár oibre a ghlacadh chucu féin, go háirithe maidir leis an inimirce agus le ceisteanna dlí agus an t-ord poiblí. Dá bharr sin, tá dlisteanacht áirithe tugtha acu do na smaointe sin.

Sna míonna amach romhainn, beidh toghcháin thábhachtacha ar siúl i dtíortha éagsúla sa Eoraip, an Spáinn san áireamh. Ní léir aon iarracht mhór a bheith á déanamh ar fud na mór-roinne chun seasamh in aghaidh na heite fíordheise ná chun aghaidh a thabhairt ar na cúinsí sóisialta agus eacnamaíocha a chuidigh lena fás.

Fiú in Éirinn féin, áit nach bhfuil mórán dul chun cinn polaitiúil déanta acu, cuireann tAire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan béim go minic ar dhíbirt inimirceach ón tír. Dar le go leor daoine, is ag géilleadh atá páirtithe an rialtais do mheon frithinimirceach agus do bhrú polaitiúil na heite deise.

Agus léiríonn an phobalbhreith is déanaí, a rinne Ireland Thinks don Sunday Independent, go bhfuil 16% den vóta ag Aontú agus Independent Ireland eatarthu, an leibhéal céanna tacaíochta atá ag Fianna Fáil. Dá dtiocfadh na trí pháirtí sin le chéile agus dá rachadh Fine Gael isteach leo, bheadh leath den vóta acu. D’fhéadfadh sé sin an bealach a réiteach do rialtas ina mbeadh béim ar pholasaithe na heite deise nó ina mbeadh tús áite ag na polasaithe sin.

Mar sin féin, cé go bhfuil scéal mór déanta den rath atá ar an bpáirtí fíordheis Alternative für Deutschland sa Ghearmáin, is lú i bhfad an trácht a rinneadh ar dhul chun cinn atá déanta maidir le cur i gcoinne lucht na heite deise san Ungáir, sa tSualainn agus san Ísiltír.

Is fiú mar sin ceachtanna na 1930idí a mheabhrú. Ní le mandáid dhaonlathach a tháinig Adolf Hitler, Benito Mussolini ná Francisco Franco i gcumhacht. Ba é 37.3% de na vótaí an toradh ab fhearr a bhí ag Páirtí na Naitsithe i saorthoghchán, i 1932. Ina ainneoin sin, cheap polaiteoirí coimeádacha, faoi cheannaireacht Paul von Hindenburg, Hitler ina Sheansailéir mar gur chreid siad go bhféadfaidís é a úsáid chun a gcuspóirí féin a bhaint amach. Laistigh de thréimhse ghearr, bhí institiúidí daonlathacha na tíre scriosta aige, bhí páirtithe freasúra toirmiscthe aige, bhí deireadh curtha aige le ceardchumainn neamhspleácha agus bhí deachtóireacht bunaithe aige.

Lean Mussolini cosán cosúil leis sin. I 1922, tugadh cuireadh dó rialtas a bhunú i ndiaidh Mhórshiúl na Róimhe cé nach raibh tromlach aige sa pharlaimint. Chreid an mhonarcacht, lucht gnó agus an bhunaíocht choimeádach go mbeidís in ann é a choinneáil faoi smacht. Laistigh de chúpla bliain, bhí páirtithe an fhreasúra curtha faoi chois aige, bhí cearta curtha ar ceal aige bhí agus an Iodáil iompaithe ina stát aon-pháirtí.

Ceacht eile ar fad atá le foghlaim ón Spáinn. I mí Feabhra 1936 bhuaigh an Frente Popular, comhaontas de pháirtithe poblachtacha agus páirtithe ar an eite chlé, toghchán daonlathach. Cúpla mí ina dhiaidh sin, d’éirigh oifigigh mhíleata náisiúnacha amach in aghaidh an rialtais tofa. Fuair siad tacaíocht shuntasach ón Iodáil Fhaisisteach agus ón nGearmáin Naitsíoch, agus spreag neart eagraíochtaí coimeádacha agus figiúirí eaglaise tacaíocht don éirí amach.

Ba láthair thástála é Cogadh Cathartha na Spáinne do na hidé-eolaíochtaí a mhúnlódh an Eoraip sna blianta ina dhiaidh sin. Chuir an Ghearmáin agus an Iodáil trúpaí, aerárthaí agus airm ar fáil do lucht Franco. D’fhan an Bhreatain agus an Fhrainc neodrach, go hoifigiúil. Mar thoradh air sin, bhí rialtas tofa na Spáinne ag brath ar an Aontas Sóivéadach agus ar na Briogáidí Idirnáisiúnta.

Bhí ceann de na cúlchistí óir ba mhó ar domhan i seilbh na Spáinne ag tús an chogaidh. Rinne an rialtas Poblachtach iarracht airm a cheannach ó thíortha daonlathacha ach fuair sé amach go raibh go leor nach raibh sásta tacú leo.

Chuir an Bhreatain agus an Fhrainc an Comhaontú Neamh-Idirghabhála chun cinn i 1936 ar mhaithe le cogadh Eorpach níos mó a sheachaint ach rinne an Ghearmáin agus an Iodáil neamhaird den chuid ba mhó de na srianta. Dá thoradh sin, fuair Hitler agus Mussolini deis a gcomhar míleata a neartú agus modhanna cogaíochta nua a thástáil sa Spáinn.

I ndeireadh na dála, ba trí chumhacht neamhdhaonlathacha a ghlac páirt sa troid faoi dhaonlathas na Spáinne. Thacaigh an Ghearmáin agus an Iodáil le Franco, agus sheas an tAontas Sóivéadach leis an bPoblacht. Mar a thug George Orwell faoi deara ina dhiaidh sin, ba i Londain, i bPáras, sa Róimh agus i mBeirlín a socraíodh toradh an chogaidh, agus ní sa Spáinn féin.

Níor cheart, áfach, an iomarca comparáide a dhéanamh leis an lá atá inniu ann. Tá páirtithe na heite deise ag iarraidh teacht i gcumhacht trí thoghcháin seachas trí fhórsa armtha.

Mar sin féin, tá cuid de na tosca polaitiúla céanna le sonrú. Tá an neamhchinnteacht eacnamaíoch, an ghéarchéim thithíochta agus míshástacht leis na páirtithe traidisiúnta tar éis deighilt pholaitiúil a dhéanamh níos doimhne. Seachas dul i ngleic leis na fadhbanna sin, is minic a roghnaítear sprioc níos éasca.

Is í an inimirce atá anois i gcroílár na conspóide polaitiúla. Ar fud na hEorpa, tá páirtithe tar éis caint níos géire agus beartais níos déine a ghlacadh chucu féin le súil vótálaithe a mhealladh ar ais ón eite dheis. Ach is beag fianaise atá ann go n-éiríonn leis an gcur chuige sin. Go minic, ní dhéanann sé ach tuilleadh dlisteanachta a thabhairt d’argóintí na heite deise.

Tá coimhlint ar siúl idir físeanna éagsúla don Eoraip arís. Agus toghcháin na Spáinne ag druidim linn, tá an tír sin arís i gcroílár na díospóireachta.

Le blianta beaga anuas, tá rialtas Pedro Sánchez ag éirí níos scoite amach ó cheannairí eile na hEorpa de bharr a neamhspleáiche is atá sé. Bhí sé chun tosaigh sa fhreasúra in aghaidh ionradh mídhleathach Donald Trump ar an Iaráin agus an chinedhíothaithe in Gaza. Ní haon iontas é mar sin go bhfuil Trump agus Elon Musk go tréan in aghaidh rialtas Sánchez. Is suntasaí fós, áfach, an naimhdeas atá léirithe ag cuid de cheannairí polaitiúla eile na hEorpa ina leith.

Nuair a bhuail géarchéim imirce Ceuta na Spáinen, cháin 22 ballstát den Aontas Eorpach, le tacaíocht ón Iodáil agus ón nGearmáin, an cur chuige a bhí glactha ag an rialtas in Madrid. Toisc go raibh imní orthu faoin tionchar polaitiúil a d’fhéadfadh feachtais frithinimirceacha a imirt ina dtíortha féin, rinne siad cáineadh ar an mbeartas a thug stádas dlíthiúil do líon mór imirceach a bhí ina gcónaí agus ag obair sa Spáinn cheana féin. Dúirt Sánchez gur eascair cuid mhór den cháineadh sin as claontacht, mífhaisnéis agus deisíocht pholaitiúil.

Ní raibh an oiread sin teannais idir ceannairí na hEorpa le sonrú ó aimsir an Bhreatimeachta. Mar sin féin, léiríonn na hagóidí atá le feiceáil ar fud na hEorpa fadhb níos leithne. Tá an teip maidir le cúrsaí tithíochta, seirbhísí poiblí agus an caighdeáin mhaireachtála le sonrú i mórán tíortha. Ach in ionad na na ndúshlán sin a réiteach, is minic a roghnaíonn rialtais díriú ar an inimirce.

Tugann an stair le fios dúínn, áfach, go bhfásann gluaiseachtaí antoisceacha nuair a chailleann polaiteoirí an láir muinín sna prionsabail a mhaíonn siad atá á gcosaint acu. Ní hé príomhcheacht na 1930idí gur féidir le mionlaigh cumhacht a ghabháil go tobann. Is é an ceacht is mó gur leochailí an daonlathas nuair a thréigeann a chosantóirí na prionsabail ar a bhfuil sé bunaithe.

Fág freagra ar 'Is leochailí an daonlathas nuair a thréigeann a chosantóirí é'