Stailc faoi lán seoil, an rialtas agus na ceardchumainn in adharca a chéile i gcónaí

Tá na mílte oibrí ina seasamh taobh amuigh dá n-ionaid oibre ó mhaidin agus scoileanna, seirbhísí ospidéil agus na céadta foirgneamh poiblí eile dúnta de bharr na stailce

Stailc faoi lán seoil, an rialtas agus na ceardchumainn in adharca a chéile i gcónaí

Tá an caidreamh idir an Rialtas agus na ceardchumainn faoi chomhaontú nua pá na seirbhíse poiblí fós i sáinn agus stailc náisiúnta ar siúl ó mhaidin.

Tá na mílte oibrí ina seasamh taobh amuigh dá n-ionaid oibre ó mhaidin agus scoileanna, seirbhísí ospidéil agus na céadta foirgneamh poiblí eile dúnta de bharr na stailce.

Tá breis is 300,000 oibrí sa tseirbhís phoiblí ar stailc aon lae inniu siocair an mhoill ar chomhaontú nua pá a aontú leo, stailc a fhágann múinteoirí, altraí, dochtúirí, státseirbhísigh agus oibrithe poiblí eile as láthair óna gcuid dualgas.

Tá an rialtas agus na ceardchumainn in adharca a chéile i gcónaí faoi mhargadh nua pá d’oibrithe na seirbhíse poiblí, in ainneoin achainí an rialtais go rachfaí i mbun cainteanna.

Is í gníomhaíocht thionsclaíoch an lae inniu an stailc is mó dá leithéid sa tír ó bhí an ghéarchéim airgeadais againn beagnach 20 bliain agus tá stailc aon lae eile beartaithe don Chéadaoin seo chugainn, an 21 Deireadh Fómhair.

Tháinig an margadh deiridh pá chun deiridh i mí an Mheithimh agus éilíonn na ceardchumainn go gcaithfidh aon idirbheartaíocht faoin gcéad mhargadh eile tús áite a thabhairt do chúrsaí pá agus an costas maireachtála.

Dúirt Ard-Rúnaí Fórsa, Kevin Callinan, gur ‘dea-thuar’ a raibh le rá aréir ag an Aire Caiteachais Phoiblí, Jack Chambers, go bhféadfaí cúrsaí pá a phlé ar thosú d’aon idirbheartaíocht.

Nuair a fiafraíodh den Aire Chambers ar chlár Primetime RTÉ aréir an bhféadfaí cúrsaí pá a phlé ar dtús in aon chainteanna, dúirt sé “cinnte glan”.

Dúirt Callinan áfach nach leor an ráiteas sin as féin le stailc na Céadaoin seo chugainn a stopadh.

Chuir Leas-Ardrúnaí SIPTU, Adrian Kane, i leith an Rialtais go raibh siad ag plé “le caidreamh tionsclaíoch amhail is gur teilifís réaltachta a bhí ann”.

Tá €1.2 billiún curtha i leataobh sa Bhuiséad do chomhaontú pá.

Tá ceardchumainn na n-oibrithe san earnáil phoiblí cáinteach faoin Rialtas ag áitiú gur theip air aon ghealltanais dháiríre a dhéanamh faoi chúrsaí pá ó tháinig deireadh leis an socrú deireanach ag deireadh mhí an Mheithimh.

Ag caint dó ar chlár RTÉ Morning Ireland, ar maidin inniu dúirt an tAire Ardoideachais agus Breisoideachais, James Lawless gur “údar aiféala” a bhí i stailc an lae inniu.

“Sílim nár cheapadar chor ar bith roimh ré go dtarlódh sé go mbeadh an doras oscailte ag an Rialtas le haghaidh cainteanna agus an Rialtas ag rá tagaigí isteach, pléimis cúrsaí.”

D’fhág gníomhaíocht thionsclaíoch ag foireann Met Éireann gur cuireadh isteach ar an eolas is déanaí ar met.ie.

Sular cuireadh tús leis an stailc ag meán oíche aréir, bhí dhá fhógra buí aimsire eisithe ag lucht na haimsire ansin don lá inniu, an Céadaoin.

Tá rabhadh buí gaoithe i bhfeidhm i dtrí chontae leis an gcósta thiar go dtí a sé a chlog tráthnóna – Dún na nGall, Maigh Eo agus Gaillimh. Tá rabhadh buí báistí i bhfeidhm sna trí chontae sin agus i bpéire eile go dtí a sé a chlog maidin amárach, Déardaoin – Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Liatroim agus Sligeach.

Ó tharla ceithre cheardchumann an lucht teagaisc, INTO, ASTI, TUI agus IFUT, páirteach sa stailc seo, tá formhór scoileanna, coláistí agus ollscoileanna dúnta an lá ar fad.

Tá cúntóirí riachtanas speisialta atá i gceardchumann Fórsa ar stailc chomh maith.

Tá na mílte coinne leighis curtha ar ceal de bharr na stailce agus stop curtha le gach seirbhís sláinte nach bhfuil práinneach.

Den chéad uair riamh tá Cumann Fiaclóireachta na hÉireann páirteach i stailc dá leithéid.

Níl an chuid is mó de na cúirteanna ina suí agus tá láithreacha oidhreachta agus páirceanna náisiúnta dúnta, seachas Páirc an Fhionnuisce.

Tá na seisiúin Dála agus Seanaid ar fad curtha ar fionraí chomh maith le cruinnithe na gcoistí Oireachtais.

Bhí sé á áitiú ag an Taoiseach Micheál Martin gur cheart foireann an Oireachtais a fhágáil amach as an stailc.

Is beag leabharlann phoiblí a bheidh ar oscailt agus beidh srianta go leor ar sheirbhísí na n-údarás áitiúil. Níl aon scrúduithe tiomána ar siúl inniu.

Státseirbhísigh a oibríonn i ranna Rialtais agus i bhforais stáit, tá siadsan freisin ar stailc.

Fág freagra ar 'Stailc faoi lán seoil, an rialtas agus na ceardchumainn in adharca a chéile i gcónaí'