Tá sé fógartha go bhfuil duine de na peileadóirí óga is fearr sa tír le tabhairt faoin Astráil agus conradh sínithe ag an gConallach Finnbarr Roarty le Collingwood san AFL.
Tuairiscítear san Irish News go rachaidh Roarty, a bhuaigh an gradam do Pheileadóir Óg na Bliana anuraidh, chun na hAstráile ag deireadh na míosa seo agus conradh dhá bhliain sínithe aige.
Beidh cluiche mór ag an ógánach sula bhfágann sé áfach agus a chumann féin, Naomh Conaill, agus Naomh Adhamhnáin le haghaidh a thabhairt ar a chéile i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall Dé Domhnaigh beag seo.
Cé go bhfuil an caidreamh idir Cumann Lúthchleas Gael agus an AFL i mbéal an phobail le tamall agus leithéidí Kobe McDonald agus Mark O’Connor roimhe ag dul leis an gcluiche gairmiúil, tá imeacht Roarty tar éis teacht aniar aduaidh ar go leor agus gan aon chaint ann roimhe seo go raibh sé ag smaoineamh ar thabhairt faoin AFL.
Cé nach bhfuil ach dhá bhliain caite ag Roarty ag imirt i gceart le foireann shinsir Dhún na nGall, tá sé aitheanta cheana féin ar dhuine de na cosantóirí is fearr sa tír. Thug Jim McGuinness isteach ar an bpainéal ar dtús é in 2024 nuair nach raibh Roarty ach 17 bliain d’aois. D’imir sé cluiche i gCorn Mhic Cionnaith ag tús an tséasúir sin ach deimhníodh ina dhiaidh sin nach raibh cead ag Roarty imirt go dtí an bhliain dár gcionn mar go raibh sé ró óg.
Bhi Roarty mar chuid d’fhoireann Dhún na nGall a bhuaigh Craobh Uladh in 2025 agus a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann. Ainmníodh é mar Pheileadóir Óg na Bliana ag deireadh an tséasúir agus thug sé leis gradam All-Star chomh maith.
Bhuaigh sé Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall le Naomh Conaill anuraidh chomh maith agus thug sé leis Gradam Shéamuis Mhic Géidigh ó RTÉ Raidió na Gaeltachta don imreoir ab fhearr sa gcomórtas.
Tá Kobe McDonald, atá ainmnithe do ghradam Pheileadóir Óg na Bliana 2026, ar dhuine de na réalta óga eile a bheidh ag fágáil na hÉireann i mbliana chun tabhairt faoin AFL. Tá conradh sínithe ag an Maigh Eoch le St Kilda.
Meastar go bhféadfadh beirt ó fhoireann Chiarraí a bhuaigh Craobh Faoi 20 na hÉireann i mbliana, Evan Boyle agus Daniel Kirby, dul chun na hAstráile chomh maith. Tá Oisín Mullin Mhaigh Eo, Conor McKenna Thír Eoghain agus fear an Daingin, Mark O’Connor i measc na n-imreoirí mór le rá a shínigh conarthaí le foirne AFL le roinnt blianta anuas.
Dúirt Uachtarán CLG Jarlath Burns an mhí seo caite go raibh súil aige cruinniú a eagrú leis an AFL chun earcú imreoirí óga CLG a phlé.
Fág freagra ar 'Conradh sínithe ag réalta óg Dhún na nGall le foireann AFL san Astráil'