‘Is minic a chodail mé le duine d’fhonn brú a chur orm féin peann a chur ar pháipéar.’
Ní mise atá á rá (is beag a scríobhfainn dá mbeadh orm brath ar an gcleas sin) ach Annie Ernaux, an scríbhneoir ón bhFrainc a bhuaigh Duais Nobel na Litríochta in 2022.
Is mar sin a thosaíonn sí an nóibhille dhírbheathaisnéiseach Le jeune homme (‘An fear óg’), a foilsíodh sa bhliain chéanna sin, 2022, agus a mbreathnaítear uirthi mar ‘eochairshaothar’ a chabhródh leis an léitheoir an chuid eile de shaothar Ernaux a thuiscint agus a chur i gcomhthéacs.
Scéal dar teideal Retours a chuala mé á léamh agus á phlé (i mBéarla) ar phodchraoladh ficsin The New Yorker bliain nó dhó ó shin a mheall i dtreo shaothar Ernaux ar dtús mé. Ní hamháin go raibh dáimh agam le hábhar an scéil sin (caidreamh Ernaux lena máthair, ar tháinig galar Alzheimer uirthi) ach bhí mé faoi dhraíocht ag soiléire ghlinn a cuid scríbhneoireachta, a mbíonn cuma fhíorshimplí uirthi ar an gcéad radharc nó éisteacht, ach a gcaithfidh sé go bhfuil an dúrud scríobadh agus sciúradh taobh thiar di.
Nuair a chonaic mé Le jeune homme sa leabharlann (tá rannóg na leabhar Fraincise in aice le leithreas na bhfear) rith sé liom go bhféadfainn triail a bhaint as an nóibhille sin a léamh sa bhunteanga. Rinne mé Fraincis ar an meánscoil agus níl sa leabhairín ar fad ach 37 leathanach. Ní teist ar mo chuid Fraincise é ach ar fheabhas scríbhneoireacht Ernaux gur éirigh liom.
Bhí Annie Ernaux 82 bliain d’aois nuair a cuireadh i gcló Le jeune homme agus is léir ón gcéad abairt sin thuas gur cuma sa sioc léi céard a cheapann daoine fúithi. I míreanna gonta gairide, cíorann sí caidreamh grá a bhí aici breis agus scór bliain roimhe sin le fear a bhí tríocha bliain níos óige ná í.
Níl sí ar chor ar bith éasca uirthi féin san obair sin. Admhaíonn sí gurbh ábhar sásaimh agus faoisimh di é nuair a bhris an fear óg suas le bean ar comhaois leis ionas go bhféadfadh sé a bheith le Ernaux amháin. Admhaíonn sí, leis, gur tháinig sí i dtír uaireanta ar an éagothromaíocht shocheacnamaíoch idir í féin agus an fear óg. Agus go mbaineadh sí sult as féachaintí lán alltachta na ndaoine a bhí ag dul an bealach agus ise agus an fear óg amuigh ag siúl lena chéile cois trá: ‘ba lú an glacadh a bhí linn ná mar a bheadh le lánúin aerach’.
Ficsean dírbheathaisnéiseach (autofiction, i mBéarla) a thugtar ar an seánra a chleachtann Ernaux agus breathnaítear uirthi mar dhuine de bhunaitheoirí an tseánra sin. Go deimhin breathnaítear ar an Duais Nobel a bronnadh uirthi mar fhianaise go bhfuil glacadh, faoi dheireadh, leis an bhficsean dírbheathaisnéiseach mar litríocht dháiríre.
Luíonn sé le réasún, faraor, go gcuirtear i leith scríbhneoirí an fhicsin dhírbheathaisnéisigh go minic nach mbíonn ar siúl acu ach aird a tharraingt orthu féin agus a bheith ag stánadh ar a n-imleacán féin. Ritheann ceisteanna den chineál sin liom féin ó am go chéile agus mé i mbun pinn agus b’fhéidir gurb é sin an fáth go mothaím dáimh chomh láidir sin le Ernaux agus a saothar. Bíonn líne thanaí idir an féin-nochtadh gáifeach agus an litríocht, ach léiríonn Ernaux, fad saoil di, gur féidir tabhairt faoin bhféinscrúdú liteartha gan staicín áiféise a dhéanamh díot féin.
Fág freagra ar 'Is minic a chodail mé le duine d’fhonn brú a chur orm féin peann a chur ar pháipéar'