Próiseas tairisceana do sheirbhísí profála agus comhairleoireachta teanga do sheirbhís nua nuachta TG4 fógartha

Luach €400,000 agus tréimhse cúig bliana atá luaite leis an gconradh do phrofléitheoirí don tseirbhís nua atá le seoladh ag deireadh na bliana

Próiseas tairisceana do sheirbhísí profála agus comhairleoireachta teanga do sheirbhís nua nuachta TG4 fógartha

Tá próiseas tairisceana fógartha ag TG4 le seirbhísí profála agus comhairleoireacht teanga a chur ar fáil don tseirbhís nua nuachta atá le seoladh roimh dheireadh na bliana.

Tá TG4 ag lorg tairiscintí ó chomhlachtaí a bheidh in ann profáil agus comhairleoireacht teanga a chur ar fáil seacht lá sa tseachtain d’fhoireann na seirbhíse nua.

Ní bheidh aon bhaint ag na profléitheoirí agus comhairleoirí teanga leis an gclár Nuacht TG4, a chuireann RTÉ ar fáil don stáisiún Gaeilge agus a mbíonn an comhlacht Europus, atá lonnaithe ar an gCeathrú Rua, ag cur comhairle teanga ar fáil lena aghaidh. Is ar shuíomh idirlín nua agus ar na hardáin mheán sóisialta a bheidh an tseirbhís úr nuachta ar fáil.

Luach €400,000 atá luaite leis an gconradh profála agus comhairleoireachta agus tá tréimhse cúig bliana luaite leis. Is é an 12 Deireadh Fómhair an dáta sprice atá luaite leis an tairiscint.

Tá súil ag TG4 an tseirbhís nuachta ar líne a sheoladh “i dtreo dheireadh na bliana”. Faoi láthair, RTÉ a chuireann nuacht ar fáil do TG4 mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil don stáisiún gach bliain.

In 2022, ghlac an rialtas le moladh ó Choimisiún na Meán go mbeadh soláthar nuachta TG4 neamhspleách ó RTÉ. Fuair TG4 breis is €2 milliún sa bhuiséad deireanach chun seirbhís nuachta ar líne a bhunú agus táthar ag bogadh ar aghaidh le bunú na seirbhíse in ainneoin go bhfuil an plean do neamhspleáchas ó RTÉ i sáinn i gcónaí.

Dúradh cheana go mbeadh an tseirbhís ar líne ar fáil an fómhar seo, ach ní raibh TG4 sásta aon dáta seolta a thabhairt do Tuairisc. Bhíothas dóchasach go mbeidh sí ann roimh cheiliúradh 30 bliain TG4 ar an 31 Deireadh Fómhair.

In aighneacht réamhbhuiséid atá ullmhaithe ag TG4, deirtear gur údar mór díomá é go bhfuil dul chun cinn “an-mhall” a dhéanamh maidir le neamhspleáchas eagarthóireachta ó RTÉ a bhaint amach don nuacht.

Ach in ainneoin na míshástachta sin le RTÉ, tá TG4 ag súil go mbeidh nuacht TG4/RTÉ toilteanach comhoibriú leis an tseirbhís nua ar líne agus acmhainní agus iriseoirí a roinnt. I ráiteas a cuireadh ar fáil don Irish Times, dúirt TG4 go rabhthas ag súil go háirithe le comhoibriú ó cheannasaí nua Nuacht TG4/RTÉ, Joe Mag Raoghailligh, a ceapadh ina cheann feadhna ar nuacht na Gaeilge in RTÉ an mhí seo caite.

Tá cuid den fhoireann iriseoirí a bheidh ag obair ar an tseirbhís nua ar líne fostaithe ag TG4 cheana féin agus iad ag obair le cúpla seachtain anuas as ceannáras an stáisiúin i mBaile na hAbhann. Ceapadh an craoltóir Dáithí de Mórdha, as Dún Chaoin i nGaeltacht Chorca Dhuibne, ina cheannaire nuachta agus cúrsaí reatha i TG4 níos túisce i mbliana.

Tuigtear do Tuairisc nach bhfuil an dá phost d’eagarthóirí a fógraíodh don tseirbhís nua líonta go fóill.

Fág freagra ar 'Próiseas tairisceana do sheirbhísí profála agus comhairleoireachta teanga do sheirbhís nua nuachta TG4 fógartha'