Tá Cumann Lúthchleas Gael Bhaile Átha Cliath ag obair ar phlean Gaeilge a fhorbairt san am i láthair le cur i bhfeidhm don tréimhse 2027–2030 agus súil acu úsáid na Gaeilge a mhéadú san eagraíocht, sa phobal, ina gcluichí agus ina gclubanna.
Mar chuid den phlean Gaeilge tá suirbhé ar fáil ar líne san am i láthair do bhaill de chlubanna i mBaile Átha Cliath chun a gcuid tuairimí faoin Ghaeilge a roinnt. Go dtí seo tá an suirbhé líonta ag níos mó ná 600 duine.
Dúirt Séamie Ó Néill, Oifigeach Gaeilge agus Cultúir le CLG Átha Cliath agus é ag labhairt le Tuairisc, go bhfuil fóram á eagrú acu i bPáirc an Chrócaigh don 12 Meán Fómhair chun torthaí an tsuirbhé a phlé agus chun plean a chur le chéile.
“Tá súil agam go dtiocfaidh an plean as an suirbhé, as na freagraí agus as an phlé ag an fhóram ar an lá sin. Tá muid chun cúpla mí a chaitheamh ansin chun an plean a chur le chéile,” a dúirt sé.
Dúirt sé go mbeidh seans acu “na féidearthachtaí” agus cad go díreach gur féidir leo “a bhaint amach taobh istigh de thrí bliana” a phlé an lá sin chomh maith.
Dúirt Ó Néill go bhfuil “dul chun cinn an-mhaith déanta” ag clubanna áirithe ó thaobh na Gaeilge de i mBaile Átha Cliath le blianta beaga anuas agus go bhfuil CLG Bhaile Átha Cliath ag iarraidh a gcuid féin a dhéanamh anois agus tógáil ar an obair sin.
“Tá muid ag iarraidh í [an Ghaeilge] a leathnú anois amach ar leibhéal an chontae, go mbeidh bord an chontae é féin páirteach agus bainteach ann agus go mbeidh muid saghas ag cabhrú lena chéile agus ag tabhairt tacaíochta dá chéile.”
Dúirt Ó Néill, gurb é seo “an chéad chéim eile” tar éis an dul chun cinn atá déanta i gclubanna áirithe sa chontae agus mhol sé go mór an tionchar dearfach a bhí ag Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar an dul chun cinn sin.
“Tá fiche a seacht club cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, [sa chontae], tá Oifigeach Gaeilge ag thart ar chaoga fán gcéad de chlubanna Átha Cliath agus tá dul chun cinn an-mhaith déanta mar gheall ar an Fhondúireacht sa chontae,” a dúirt sé.
Tá súil ag CLG Bhaile Átha Cliath an plean a chur le chéile sna míonna amach romhainn agus é a chur os comhair an choiste ag an chruinniú cinn bhliana i mí na Nollag.
Fág freagra ar '‘Is é seo an chéad chéim eile’ – Plean Gaeilge á fhorbairt ag CLG Bhaile Átha Cliath le cur i bhfeidhm don tréimhse 2027–2030'