Drochbhail ar bheirt iascairí tar éis timpiste gáis i nDún na nGall

Tugadh beirt iascairí óna mbád i nDún na nGall go hOtharlann Leitir Ceanainn inniu nuair a shúigh siad gás agus iad ag glanadh báid

Drochbhail ar bheirt iascairí tar éis timpiste gáis i nDún na nGall
Oileán an Óir. Pictiúr: Ray O'Donohoe Marine Traffic
Oileán an Óir. Pictiúr: Ray O’Donohoe Marine Traffic

Tá fíor-dhrochbhail ar bheirt iascairí in Otharlann Leitir Ceannainn inniu tar éis dóibh gás a ion-análú agus iad ag glanadh báid sna Cealla Beaga inniu.

Bhí an bád iascaigh, Oileán an Óir, atá cláraithe i Ros a’ Mhíl i gContae na Gaillimhe, feistithe leis an gcéibh sna Cealla Beaga nuair a tháinig an gás sa mullach ar an mbeirt iascairí. Thug An Garda Síochána le fios do Tuairisc.ie gur tháinig na seirbhísí éigeandála ar an láthair agus aistríodh na hiascairí go hOtharlann Leitir Ceannainn.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur Gaillimheach duine den bheirt agus gur Albánach an fear eile.