CORN AN DOMHAIN: Beidh na hAirgintínigh ar mire agus na Sasanaigh rompu ach beidh le feiceáil an rachaidh sé chun tairbhe dóibh

Níl aon chluiche eile i stair Chorn an Domhain atá chomh conspóideach ná chomh tarraingteach leis an gceann idir Sasana agus an Airgintín

CORN AN DOMHAIN: Beidh na hAirgintínigh ar mire agus na Sasanaigh rompu ach beidh le feiceáil an rachaidh sé chun tairbhe dóibh

Dé Céadaoin, 15 Iúil
Sasana v An Airgintín – 20:00

“Por Malvinas, por el Diego, por la última de Leo.”

“Do na Malvinas, do Diego, don cheann deireanach ag Leo.”

B’in an gháir a bhí á canadh ag imreoirí na hAirgintíne sa seomra feistis tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an Eilvéis i mbabhtaí ceathrú ceannais Chorn an Domhain agus léargas inti ar na trí chloch is mó ar an bpaidrín ag lucht sacair na hAirgintíne – Messi, Maradona agus na Malvinas.

Thuigfeadh aon duine an t-ómós do Messi agus Maradona. Thóg sé tamaillín ach tá lucht tacaíochta na hAirgintíne meallta ag Lionel ‘Leo’ Messi faoi dheireadh agus súil ann go dtabharfaidh sé leis Corn an Domhain den dara huair agus é ag imirt sa gcomórtas den uair dheireanach. Fiú má dhéanann sé é sin, beifear ann a deir go bhfuil sé fós faoi scáth ‘El Diego’, dia beag na nAirgintíneach le breis is dhá scór bliain.

Tá sé beagáinín níos deacra againn an taobh seo den domhan an tagairt eile, chun tosaigh ar an mbeirt laochra, sa gháir thuas a thuiscint. Ní luaitear sa gcuid seo den domhan Las Malvinas, nó Oileáin Fháclainne mar a thugann ár gcomharsana orthu, ach amháin nuair a bhíonn cluiche sacair ann idir Sasana agus an Airgintín ach tá scéal na n-oileán agus an cogadh i 1982 mar chuid d’fhéiniúlacht náisiúnta na nAirgintíneach. Níl sé ach cúpla mí ó tugadh iarshaighdiúirí a throid sa gcogadh amach ar an bpáirc roimh chluiche dúshláin de chuid na hAirgintíne i gcoinne na Saimbia i mBuenos Aires chun an t-amhrán náisiúnta a chanadh agus is minic do lucht tacaíochta na foirne bratacha a mbíonn na hoileáin sin orthu a thaispeáint ag cluichí.

Gach seans go mbeadh an t-amhrán á chanadh fiú mura mbeadh Sasana anois idir iad agus áit i gcluiche ceannais Chorn an Domhain ach nuair is iad na sean-naimhde atá rompu, is cinnte go ngríosóidh sé cuid d’imreoirí na hAirgintíne tuilleadh. Cibé an rud maith nó drochrud é sin, bhuel, sin scéal eile.

Cé go raibh bainisteoir Shasana Thomas Tuchel ag tabhairt amach nár chloígh a chuid imreoirí leis an bplean in aghaidh na hIorua ina gcluiche ceathrú ceannais, bíonn an Airgintín ag brath ar an bhfiántas agus ar dhraíocht Messi chun cluichí a bhuachan. Ní raibh aon chaill ar a bplean ceithre bliana ó shin ná sna babhtaí luatha ach is cinnte go dteastaíonn aon duine dhéag ar an bpáirc chun an plean a chur i bhfeidhm.

Ina gcluiche féin sna babhtaí ceathrú ceannais in aghaidh na hEilvéise, bhí na hAirgintínigh i dtrioblóid nuair a fágadh an draoi beag plúchta ag cosantóirí agus tuirse agus an chuid is fearr den imirt ag na hEilvéisigh go dtí gur cuireadh Breel Embolo den pháirc sa dara leath. Julián Alvarez a tháinig i gcabhair ar na curaidh agus cúl dochreidte scóráilte aige in am breise. Ní raibh Alvarez go hiomlán istigh leis féin go dtí seo sa gcomórtas ach más léiriú é an cúl sin go bhfuil sé ag teacht chuige féin, d’fhéadfadh sé tionchar mór a imirt ar an gcluiche seo.

Chomh maith leis na hocht gcúl atá scóráilte ag Messi go dtí seo, tá cúil thábhachtacha aimsithe ag an Airgintín ó chiceanna cúinne agus ó chiceanna saora, mar a chonacthas in aghaidh Rinn Verde, in aghaidh na hÉigipte agus in aghaidh na hEilvéise. Shamhlófá nach mbainfidís an tairbhe chéanna as sin in aghaidh Shasana áfach agus an ceathrar sa gcosaint os cionn sé troithe ar airde, gan trácht ar an bhfathach Dan Burns nuair a thabharfar isteach é.

Tá ceist ann an mbeidh Declan Rice ar fáil do Shasana ós rud é gur baineadh amach é ag leath ama in aghaidh na hIorua. Dúirt Tuchel go raibh tinneas boilg ag cur as d’fhear Arsenal ach ní hé an t-aon fhear a raibh cuma thraochta air sa gcluiche sin agus Harry Kane ar an imeall den chuid is mó chomh maith.

Ba é Jude Bellingham a shábháil Sasana agus an dá chúl aimsithe aige. Léirigh sé a chumas peile leis an gcéad cheann agus a thuiscint ar an gcluiche leis an dara ceann, nuair a chuaigh sé sa seans ar bhotún ón gcúl báire.

Is ag déanamh gaisce a bhí Gianni Infantino nuair a mhaíodh sé go mbeadh Corn an Domhain 2026 ar an gceann is mó riamh ach seans go bhfuil toradh na gcluichí sin uile á fheiceáil againn anois agus muid ag teacht níos gaire don sprioc.

Tá ceann de na coimhlintí is mó i stair an tsacair romhainn agus súil againn le conspóid mhór a chuirfidh ag caint muid, mar a bhí againn i 1966, i 1986 agus i 1998. An uair seo, áfach, seans gurb iad an dream is fearr a mbeidh acmhainn acu ar an tuirse a thiocfadh slán.

Fág freagra ar 'CORN AN DOMHAIN: Beidh na hAirgintínigh ar mire agus na Sasanaigh rompu ach beidh le feiceáil an rachaidh sé chun tairbhe dóibh'