Ag déanamh dochar dá bhaill féin atá cuspóirí NATO

Ní hamháin go bhfuil géarchéim eacnamaíochta san Eoraip, ach tá géarchéim pholaitiúil ann freisin

Ag déanamh dochar dá bhaill féin atá cuspóirí NATO

Tuairiscítear nach bhfuil arm na Rúise gar do Kramatorsk agus Sloviansk, dhá dhaingean mhóra sa Donbas atá fós i seilbh réimeas Chív.

Is cosúil nach fada go dtitfidh na daingin sin.

De réir phríomhshruth na meán cumarsáide san Iarthar agus a seomraí macalla ar na meáin shóisialta tá an Rúis tuirseach, tá an Úcráin i ndiaidh teacht chuici féin, agus tá an tIarthar ag seasamh go diongbháilte taobh thiar den Úcráin.

Cuireann an léamh sin ar chúrsaí daoine ar eidreoir d’aon ghnó agus an fheidhm atá leis ná scéal bréagach a chur chun cinn. Tá an scéal á úsáid chun dearcadh an phobail a mhúnlú ionas gur féidir cogadh na Rúise ar an Úcráin a choinneáil ar siúl go dtí an chríoch inmhianaithe—cliseadh straitéiseach na Rúise (mar dhea).

Sin cuspóir oifigiúil Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh [NATO]. Tá an coincheap bunaithe ar thrí argóint bhunúsach, titim eacnamaíoch na Rúise de bharr smachtbhannaí eacnamaíocha, traochadh míleata na Rúise de bharr cogadh gan deireadh in aghaidh freasúra atá á mhaoiniú ag an Iarthar le chéile, agus díscaoileadh struchtúr sochaíoch na Rúise arb é deireadh le rialtas na Rúise faoi cheannas an Uachtaráin Vladimir Putin an toradh a bheidh air.

Tá fadhb mhór amháin leis an gcoincheap seo: tá sé ag teip. Tá geilleagar na Rúise ag fás seachas ag crapadh, agus tá cothromaíocht á fáil idir riachtanais eacnamaíocha na sochaí agus leathnú na dtionscal cosanta go dtí an pointe go bhfuil an Rúis ag táirgeadh níos mó d’airm ríthábhachtacha an chogaidh ná tíortha an iarthair.

Tá arm na Rúise ag éirí níos láidre, seachas níos laige, in ainneoin iarrachtaí an Iarthair le chéile a chinntiú go leanfaidh an cogadh ar aghaidh. Thairis sin, tá tacaíocht ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin ní hamháin ó fhormhór mhuintir na Rúise, rud a chuireann fearg orthu siúd a bhíonn ag taibhreamh faoi Maidan i Moscó a spreagadh, ach tacaíocht freisin ón domhan lasmuigh de theorainneacha cúnga an phobail thrasatlantaigh.

Go fírinneach ní hí an Rúis ach tíortha NATO atá ag titim as a chéile. Tá sé seo á léiriú ag an ngéarchéim fuinnimh a bhfuil an gearradh siar a rinne an Eoraip ar fhuinneamh na Rúise ar cheann de na cúiseann léi.

Admhaítear go hoscailte san Eoraip go bhfuil neart míleata NATO laghdaithe go mór sna blianta ó thit an tAontas Sóivéadach, sa mhéid is nach bhfuil aon náisiún de chuid NATO in ann comhrac talún ar scála mór san Eoraip, den chineál atá ar siúl idir an Rúis agus an Úcráin, a chur i gcrích go rathúil as féin.

Agus tá an costas a bhaineann le fórsaí míleata NATO a thabhairt suas go dtí na leibhéil is gá le bheith in ann dul i ngleic le fórsaí míleata na Rúise agus an ceann is fearr a fháil orthu, chomh hard sin go bhfuil sé geall le dodhéanta iad a iompar.

Ní hamháin go bhfuil géarchéim eacnamaíochta san Eoraip, ach tá géarchéim pholaitiúil ann freisin. Bhí ceithre Phríomh-Aire ag an Ríocht Aontaithe le ceithre bliana. Tá rialtas na Gearmáine ar tí titim, mar atá rialtas na Fraince. Go hachomair, tá na cuspóirí bhí ag NATO féin i leith na Rúise á mbaint amach acu ach is i gcás a chomhaltaí Eorpacha féin é.

Thug an chéad Ard-Rúnaí ar NATO, an Tiarna Ismay, faoi deara gurbh é misean na heagraíochta ‘na Rúisigh a choinneáil amach, na Meiriceánaigh istigh, agus na Gearmánaigh síos’.

Inniu feicimid NATO ina bhfuil na Meiriceánaigh ag fágáil, na Gearmánaigh ag dul chun chun cinn agus na Rúisigh á spreagadh le dul i ngleic go díreach leis an eagraíocht trí chogadh a d’fhéadfadh tarlú taobh istigh de dheich mbliana.  Tá ceannairí na hEorpa ag caint go hoscailte faoi seo, agus caiteachas ar ‘chosaint’ le dul i méad agus caiteachas ar leas sóisialta le laghdú.

San idirlinn, in ainneoin na n-ionsaithe drón ar an Rúis, tá an Rúis ag gluaiseacht ar aghaidh ar an láthair chogaidh, go mall ach go cinnte.

Fág freagra ar 'Ag déanamh dochar dá bhaill féin atá cuspóirí NATO'