Ról atá ag na healaíona i gcaomhnú na teanga le plé i gConamara

Déanfar cíoradh ar an gceangal idir na healaíona agus caomhnú na teanga ag comhdháil a bheidh ar siúl in Óstán Chois Fharraige

image008 2
Muireann Ní Dhroighneáin, Ealaín na Gaeltachta, Siúbhán Nic Grianna, Cathaoirleach Ealaín na Gaeltachta, agus Darach Ó Tuairisc, Fíbín

Beidh comhdháil idirnáisiúnta ar siúl Déardaoin, an 17 Meán Fómhair, mar a mbeifear ag díriú ar ról na n-ealaíon sa Phleanáil Teanga.

In Óstán Chois Fharraige (Connamara Coast) sna Forbacha i gContae na Gaillimhe a bheidh an Chomhdháil agus pléifidh idir ealaíontóirí agus saineolaithe teanga an ról atá ag na healaíona i gcaomhnú na teanga.

Caithfear súil ar chásanna mionteangacha éagsúla agus beidh cainteoirí as Albain, an Bhreatain Bheag, an Ísiltír agus Tír na mBascach i láthair chun labhairt ar na cleachtais atá i bhfeidhm ina dtíortha siadsan. Pléifear na cleachtais sin i gcomhthéacs na Gaeilge agus cíorfar na bealaí is fearr le cúrsaí ealaíne agus pleanáil teanga a shnaidhmeadh le chéile.

Is é Cathal Goan, Iar-Phríomhstiúrthóir RTÉ agus agus Iar-Cheannasaí TG4, a thabharfaidh aitheasc oscailte na comdhála.

I measc na ndaoine eile a bheidh i láthair ag an gcomhdháil, tá an tAire Stáit, Joe McHugh, an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíona, Orlaith McBride, agus Príomhfheidhmeannach Údarás an GaeltachtaStiofán Ó Cúláin, mar aon le scata ealaíontóirí atá ag cur fúthu sa Ghaeltacht.

Tar éis chaint Chathail Goan, cuirfidh an ceoltóir agus láithreoir IMEALL, Tristan Rosenstock, painéal d’ealaíontóirí faoi agallamh. Is iad na healaíontóirí a bheidh i gceist ansin ná Peadar Ó Riada, Ríonach Ní Néill, Noel Ó Gallchóir agus Mairéad Ní Mhaonaigh.

Cathal Goan 2
Cathal Goan

Maidin Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair, pléifidh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill ‘Comhthéacs na pleanála teanga in Éirinn’ tar éis do Stiofán Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, agus Órlaith McBride, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Ealaíon, fáilte a chur roimh an bpobal agus aitheasc oscailte a thabhairt uathu.

Déanfaidh an Dr. Lilis Ó Laoire scagadh ar ‘Na hEalaíona agus an Ghaeltacht: Neartú na ngréasán cultúrtha’ agus ina dhiaidh sin, fiafrófar ‘Cén ról atá ag na hEalaíona sa phleanáil teanga?’, seisiún a mbeidh an craoltóir agus an t-iarchomhairleoir ealaíne, Doireann Ní Bhriain, ina cathaoirleach air.

Ina teannta siúd, beidh Áine Moynihan (Stiúrthóir Ealaíona, An Lab/AnnÓg), Nuala Ní Fhlathúin (ealaíontóir físe), Séamus Mac Giolla Chomhaill (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta), agus Malcolm MacLean (Comhairleoir Ealaíon thall in Albain).   

Pléifidh Darach Ó Tuairisc, Fíbín, agus cúpla duine eile a bhfuil i gceist leis an téarma ‘dea-chleachtas’ agus conas a leithéid a chothú agus a fheabhsú i gcaitheamh an ama. Is faoi stiúir Aodh Uí Choileáin, Eagarthóir Stiúrtha Nuachta, RTÉ Raidó na Gaeltachta, a phléifear an téarma áirithe seo.

Ag Anna Ní Ghallchóir, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, a bheidh an focal scoir ar an méid a pléadh agus ina dhiaidh sin, seolfaidh an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh, tuairisc ar chomhoibriú cultúrtha i measc pobal ina labhraítear teanga mionlaigh.

Cuirfear clabhsúr ar an gcomhdháil le cur i láthair ealaíonta ó bhaill den Ghaelacadamh.

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar na himeachtaí thuas, beidh oíche mhór cheoil ann i Seanscoil Sailearna in Indreabhán agus beidh saorchead isteach agus fáilte roimh chách.

Fág freagra ar 'Ról atá ag na healaíona i gcaomhnú na teanga le plé i gConamara'

  • Seirbhíseach an Údaráis

    Tá níos mó ócáidí mar seo ag teastáil de réir mar atá an teanga ag dul in éag.