Bhuel tá an séasúr iomána ag druidim chuig ceann scríbe.
An deireadh seachtaine seo, tá an dá chluiche ceathrú ceannais againn agus Uíbh Fhailí ag imirt i gcoinne Chorcaí agus An Clár ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Átha Cliath. Sula dtosaímid, áfach, caithfimid a admháil gur beag duine, más aon duine é, a thuar go mbeadh Uíbh Fhailí ar na trí chontae is fearr i gCraobh Laighean. Ar an gcaoi chéanna, is beag duine a shamhlaigh nach mbeadh Cill Chainnigh ar cheann de na trí fhoireann. Ach sin mar atá cúrsaí anois. Bhain Uíbh Fhailí áit amach sna trí chontae is fearr agus tá siad anois i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann amárach.
Conas a tharla sé sin ar fad? Chuir siad tús iontach leis an bhfeachtas ina gcéad chluiche in aghaidh Bhaile Átha Cliath. Chríochnaigh siad ar comhscór le fir na hardchathrach tar éis cluiche dian, lán scórála, inar éirigh leo ceithre chúl a fháil. Bhí an t-ádh ar Bhaile Átha Cliath an comhscór a fháil sa deireadh le cúilín iontach ó Dhónal Burke ag deireadh am breise.
Sa chéad chluiche eile, bhí Gaillimh róláidir dóibh agus léiríodh an bhearna atá fós idir an dá chontae. Ina dhiaidh sin, áfach, bhí comhscór iontach eile acu in aghaidh Chill Chainnigh. Bua sé phointe a bhí acu ar Loch Garman agus ansin rinneadar scrios iomlán ar Chill Dara sa chluiche deireanach.
Bhí sé ina fheachtas den scoth ag Uíbh Fhailí, dhá chomhscór, dhá bhua agus aon chluiche amháin caillte acu. Chinntigh sé sin áit dóibh sna trí fhoireann is fearr sa chúige. Ach ar ndóigh, téann an freasúra, Corcaigh isteach sa chluiche seo mar rogha láidir na ngeallghlacadóirí agus an ceart sin acu. Is iad na Corcaígh tánaistí chraobh na Mumhan i mbliana, tánaistí chluiche ceannais na sraithe, agus bhí siad i gcluiche ceannais na hÉireann an dá bhliain deiridh. Ina theannta sin, ba iadsan seaimpíní na Mumhan agus na sraithe anuraidh.
Ní fheicim féin aon bhealach réadúil ina bhféadfadh Uíbh Fhailí an cluiche seo a bhuachan. Ach sa spórt, mar atá feicthe go mion minic thar na blianta, tarlaíonn an toradh nach raibh súil ar bith leis, anois is arís. Tharla ceann i mBealach Féich an Satharn seo caite ach bunaithe ar an bhfianaise atá againn le cúpla bliain anuas is deacair a rá nach mbuafaidh Corcaigh.
Sa chluiche ceathrú ceannais eile tráthnóna, casfaidh An Clár agus Baile Átha Cliath ar a chéile den tríú huair i mbliana i gcluiche iomaíoch. Ina gcéad chluiche sraithe i Roinn 1B, scóráil An Clár trí chúl ach níor bhuaigh siad ach le dhá phointe tar éis cluiche teann den chéad scoth. Ba iad na cúil ó David Reidy, Peter Duggan agus Tony Kelly a rinne an difríocht sa deireadh.
Sa chluiche ceannais sraithe, d’aimsigh An Clár bealach chun críochnú níos láidre. Leag siad bonn teann leis an gcéad leath údarásach a bhí acu agus ansin sheas siad an fód in aghaidh iarracht láidir teacht ar ais ó Bhaile Átha Cliath. Scóráil fir na hardchathrach trí chúl agus bhagair siad an cluiche a iompú ina bhfabhar sna nóiméid dheireanacha, ach ba é An Clár a tháinig amach ar barr sa deireadh.
Seo iad anois ag tabhairt aghaidh ar a chéile den tríú huair i mbliana. Má táimid chun na foirne a mheas bunaithe ar a gcluichí deireanacha, déarfainn nach bhfuil mórán eatarthu. Bhí An Clár go hainnis ina gcluiche deireanach i gCorcaigh, agus níor éirigh le Baile Átha Cliath a ngnáthleibhéal a bhaint amach, nó b’fhéidir nár ligeadh dóibh é a bhaint amach, in aghaidh na Gaillimhe i gcluiche ceannais Laighean.
Mar sin, is cluiche é seo atá thar a bheith deacair a thuar.
Tá an t-aos óg i lár an aonaigh an deireadh seachtaine seo freisin. Beidh os cionn 200 club, agus na mílte imreoir iontu, páirteach i gCraobhacha Náisiúnta Fhéile na nGael John West san Iomáint agus sa Chamógaíocht Faoi 15, 2026, agus na cluichí sin ar siúl in ionaid éagsúla ar fud na tíre.
Tá an comórtas seo tar éis fás in imeacht na mblianta agus tá sé anois ar cheann de na himeachtaí spóirt faoi aois is mó san Eoraip. Beidh foirne den chéad scoth ag triall ar Pháirc Uí Mhórdha agus ar Ionad Barr Feabhais LOETB, Port Laoise, chomh maith le hionaid eile i gcontaetha Laoise agus Cheatharlach, do na cluichí ceannais náisiúnta.
Fág freagra ar 'Corcaigh le cáiliú ach is léir nach bhfuil mórán idir contae an Chláir agus Áth Cliath'