Níl aon chinneadh déanta ag an Aire Gaeltachta i dtaobh logainm atá ag cothú conspóide i mbaile beag i gcontae na Mí, in ainneoin ceithre bliana a bheith caite ó tarraingíodh an cheist aníos le Roinn na Gaeltachta.
Chuir an Teachta Dála don Mhí Thoir Darren O’Rourke ceist sa Dáil an tseachtain seo caite ar an Aire Gaeltachta Dara Calleary faoi cén uair a dhéanfadh an tAire cinneadh faoin iarratas atá curtha isteach ag muintir Dhún Seachlainn go n-athrófaí an t-ainm oifigiúil Gaeilge ar an mbaile sin go ‘Domhnach Seachnaill’.
Dúirt an tAire Calleary go bhfuil sé i gceist aige cinneadh a dhéanamh i dtaobh na ceiste “in am trátha” agus go bhfuil a mhachnamh á dhéanamh aige faoin tuarascáil chuimsitheach a fuair sé ón gCoiste Logainmneacha faoi na “ceisteanna a bhaineann leis an gcás”. Tá nach mór bliain caite ó thug an tAire an freagra céanna ar an gceist i mí an Mheithimh na bliana seo caite.
Tá feachtas ar siúl a i nDún Seachlainn ó bhí 2022 ann an t-ainm oifigiúil a athrú go ‘Domhnach Seachnaill’. Tá nóta fada mínithe ar an suíomh Logainm.ie faoi stair an logainm agus an “claochlú nach beag” a d’imigh air ó rinneadh tagairt den chéad uair don áit sa bhliain 801.
Mínítear sa nóta gur ‘Domhnach Seachnaill’ a tugadh ar an áit an chéad uair nuair ba láthair luath-Chríostaí a bhí ann. Bhí Seachnall ar dhuine de na heaspaig Chríostaí a bhí in Éirinn sa chúigiú haois, ach bhí ‘Seachlann’ déanta de ‘Sheachnall’ tríd an bpróiseas teangeolaíoch ar a dtugtar ‘meititéisithe’ (nuair a mhalartaítear litreacha i bhfocal) faoi dheireadh an 12ú haois.
De réir na bhfoinsí atá ceadaithe ag lucht Logainm.ie, bhí ‘Domhnach Seachnaill’ ina ‘Douenheghsachlin’ faoin mbliain 1187. Bhí an ‘Domhnach’ féin iompaithe ina ‘Dhún’ sa ghnáthchaint dhá chéad bliain ina dhiaidh sin agus ‘Dunshaglyn’ déanta den logainm faoin mbliain 1374.
Faoin am a raibh sapair na Suirbhéireachta Ordanáis i mbun a gcuid oibre sa chéad leath den 18ú haois, ba é an t-ainm ‘Dún Seachlainn’ a bhí in úsáid ag cainteoirí Gaeilge na háite.
Dunshaughlin is always in Irish called Dún Seachlain (pron. Shoghlin) (or (Duin S.—) for which they can assign no meaning – never Domhnach S,” a scríobhadh i Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis in 1836.
Mhol Seosamh Ó Laoide, ó Chonradh na Gaeilge, Domhnach Seachlainn agus Domhnach Seachnaill araon mar leaganacha Gaeilge i leabhrán de chuid an Chonartha a foilsíodh i 1905. Ba é Domhnach Seachlainn a roghnaíodh do Eolaí an Phoist a foilsíodh i 1925, agus bhí an leagan sin in úsáid ar feadh cuid mhaith den 20ú haois agus é luaite i leabhair de chuid Risteáird Uí Fhoghludha faoi logainmneacha.
Ach faoin mbliain 1969, bhí an cinneadh déanta ag na húdaráis cloí le ‘Dún Seachlainn’, mar a bhí i mbéal na gcainteoirí Gaeilge san áit in 1836, agus is é an leagan sin atá in úsáid sa leabhrán Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist.
Fág freagra ar 'Níl cinneadh déanta fós faoi achainí ‘Domhnach Seachnaill’ a dhéanamh de ‘Dún Seachlainn’'