Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Ciarán Feiritéar: ‘Cheannaíos ‘Tomás’ ag auction i Sasana, agus níor dhein sé faic riamh dom!’

An feirmeoir caorach Ciarán Feiritéar atá linn ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ agus Helen ar cuairt air ar an bhfeirm chun éachtaint ar shaol an fheirmeora sa lá atá inniu ann

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Ciarán Feiritéar: ‘Cheannaíos ‘Tomás’ ag auction i Sasana, agus níor dhein sé faic riamh dom!’

 

Paiste cainte agus paiste cuileachtain atá againn an tseachtain seo ar ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ agus Helen ar cuairt ar Chiarán Feiritéar ar an bhfeirm agus é i mbun oibre. Is mó scréip a bheireann ar an bhfeirmeoir agus ní taise do Chiarán é, feirmeoir caorach. Tá paiste talún aige i gCathair Coinn i bParóiste an Fheirtéaraigh, agus paiste eile thiar i mBaile na hAbha i nDún Chaoin, áit dúchais a athar. Tá cuid dá chuid talún ar barra Chruach Mhárthain agus a thuilleadh fós ar imeall Chuan Ard na Caithne.

Bíonn tinte sléibhe agus creimeadh cósta ag bagairt air ach i ndeireadh thiar thall is é an cion agus an grá atá aige dá chuid ainmhithe a choimeádann sa tsiúl é.

Fág freagra ar 'Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Ciarán Feiritéar: ‘Cheannaíos ‘Tomás’ ag auction i Sasana, agus níor dhein sé faic riamh dom!’'