Bac ar pháistí ó thuaidh féachaint ar an leagan Gaeilge de ‘Bluey’ pléite sa Dáil

Dúradh sé Dáil inné go bhfuil sé ‘scannalach’ 30 bliain ó Chomhaontú Aoine an Chéasta nach mbíonn fáil sa Tuaisceart ar chláir áirithe ar sheinnteoirí TG4 agus RTÉ

Bac ar pháistí ó thuaidh féachaint ar an leagan Gaeilge de ‘Bluey’ pléite sa Dáil

Níor chóir aon bhac a bheith ar pháistí an Tuaiscirt féachaint ar an leagan Gaeilge den chlár Bluey, a dúradh i nDáil Éirinn inné.

Pléadh cás ‘Bluey’ agus an Ghaeilge le linn tráth na gceisteanna an Aire Cumarsáide Patrick O’Donovan inné.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh go raibh sé “scannalach” 30 bliain ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, go mbíonn socruithe á ndéanamh ag RTÉ maidir le cláir theilifíse a cheannach agus a chur ar fáil i nGaeilge “agus ansin bac á chur…[ar na cláir sin] do phobal na Gaeilge atá lonnaithe sna sé chontae”.

“Baineann sé le cláir do leanaí ar nós BlueyDora. Bíonn an clár Dora ar TG4 agus bíonn Bluey ar RTÉ. Tá geo-bhlocáil á déanamh,” arsa Ó Snodaigh.

 

Dúirt an tAire Cumarsáide Patrick O’Donovan nach mbíonn aon réiteach uaireanta ag RTÉ ná TG4 ar an gcosc a bhíonn ar fhéachaint ar ábhar áirithe ar a seinnteoirí sa Tuaisceart.

“I gcásanna áirithe, cé go bhféadfadh cearta uile-oileáin a bheith ag RTÉ nó TG4 maidir le craoladh líneach, tá cosc orthu ábhar a chraoladh ar sheirbhísí sruthaithe, mar a bhíonn acu ar na seinnteoirí, lasmuigh den Stát,” a dúirt an tAire.

Dúirt O’Donovan, áfach, gur thuig sé tábhacht na ceiste agus an bhaint a bhí ag an ngeo-bhlocáil le stádas na teanga ó thuaidh.

“Tuigim cé chomh tábhachtach is atá an clár Bluey, an leaid gorm sin as an Astráil, don lucht féachana Béarla agus Gaeilge araon. Tá an clár tábhachtach do na gasúir óga agus iad sa bhaile. Ní hamháin go bhfuil sé tábhachtach do na gasúir, ach tá sé tábhachtach do na tuismitheoirí freisin. Is ceist thábhachtach í.

“Ní hamháin go mbaineann an cheist seo leis an gclár Bluey agus na cláir eile a chraoltar do na gasúir óga, ach baineann sí le stádas na teanga i dTuaisceart Éireann. Leagadh amach i gComhaontú Aoine an Chéasta a thábhachtaí is atá an Ghaeilge.”

Dúirt Aengus Ó Snodaigh nach mbíonn sé féin ag féachaint puinn ar Bluey ach gur cheart do TG4 agus RTÉ a chinntiú nuair a bhíonn cláir á gceannach acu go mbíonn na cearta acu d’Éirinn go léir.

“Ní bhím ag féachaint ar Bluey mórán ach nuair atá na garpháistí linn, bíonn siad á lorg i mBéarla, i nGaeilge nó i pé teanga ina gcraoltar é. Is breá leo Bluey. Nuair a bhí m’iníon óg, is ar an chlár Dora a bhíodh sí ag féachaint.

“Nuair atá RTÉ agus TG4 ag ceannach clár mar seo agus ag déanamh aistriúcháin orthu, má dhéanann siad iad féin é, tá sé tábhachtach go bhfuil na ceadúnais acu chun na cláir a chraoladh fud fad na hÉireann ina hiomláine.”

Dúirt an tAire Patrick O’Donovan go mb’fhéidir gur ceist a bhí ann don Roinn Gnóthaí Eachtracha nó do Roinn an Taoisigh mar gur ceist “an-tábhachtach” í.

“Mar atá leagtha amach i gComhaontú Aoine an Chéasta, comhaontaíodh go mbeadh TG4 ar fáil chomh forleathan agus ab fhéidir ar fud Thuaisceart Éireann. Tá stádas TG4 agus stádas tábhachtach na Gaeilge leagtha amach cheana féin.”

Chuir O’Donovan clabhsúr ar an díospóireacht trí cheangal a dhéanamh idir dath éadaí Uí Shnodaigh, agus leasainm a thugtar uaireanta ar pháirtí an aire féin.

“Le críoch a chur leis an ábhar seo, tá an Teachta ar nós Bluey ar maidin agus é ag caitheamh léine ghorm, chomh maith le seaicéad gorm. Tá sé go hálainn an léine ghorm a fheiceáil ar maidin.”

Fág freagra ar 'Bac ar pháistí ó thuaidh féachaint ar an leagan Gaeilge de ‘Bluey’ pléite sa Dáil'