I ndiaidh na n-agóidí breosla, agus drochláimhseáil na ceiste ag an rialtas, agus ag Fianna Fáil go háirithe, tá deis ag an eite dheis agus Independent Ireland leas a bhaint as an díomá atá ar go leor daoine a thacaigh le Fianna Fáil roimhe seo faoin tuath. D’fhéadfadh Independent Ireland áit a bhaint amach mar chuid lárnach de pholaitíocht na tíre.
Lucht tacaíochta Fhianna Fáil ab ea cuid mhaith de lucht na hagóide, agus tá siad ar buile leis an bpáirtí – rud a thuigeann an triúr Teachtaí Dála óga a tháinig amach in aghaidh lucht ceannais an pháirtí go maith.
Is féidir le Micheál Martin a dhearbhú go muiníneach go dtreoróidh sé Fianna Fáil isteach sa chéad olltoghchán eile, ach is í an fhírinne ná go bhfuil a cheannaireacht anois i mbaol a báis. Is dócha go gceadófar dó leanúint ar aghaidh go dtí deireadh thréimhse uachtaránachta na hÉireann ar an Aontas Eorpach, ach beidh deireadh ansin leis.
Ní hí an cheannaireacht, áfach, an fhíorcheist, ach cén cineál Fianna Fáil a bheidh ann sa todhchaí, agus, mura féidir leis an bpáirtí athrú, cén rogha eile is dócha a thiocfaidh chun cinn.
Meabhraíonn caint James O’Connor, duine den triúr óg, fréamhacha Fhianna Fáil dúinn. Athrú meoin, ní athrú ceannaire atá uaidh. Ach an fhadhb ná go bhfuil an páirtí lagtha go mór ag a ngéilleadh don Eora-antoisceachas. Tá ceist mhór ann an féidir an páirtí a athchruthú ar shlí atá ag teacht lena pholaitíocht bhunaidh.
Ní hiad Éire Neamhspleách amháin atá ag súil le leas a bhaint as deacracht Fhianna Fáil. Tá Sinn Féin agus Aontú freisin ar thóir na vótaí sin. Ach ceapaim go bhfuil buntáistí ag Éire Neamhspleách nach bhfuil ag na páirtithe eile, toisc gur as broinn Fhianna Fail a tháinig siad.
Táthar ag súil go mór leis an gcéad phobalbhreith eile le deimhniú, nó a mhalairt, a fháil faoi cé chomh láidir a bheidh an treocht seo.
Tá 24 comhairleoir tofa ag Éire Neamhspleách ar fud na tíre faoi láthair. Tá sciar suntasach den ionadaíocht seo faoin tuath agus in iarthar na hÉireann. Mar shampla, tá sé shuíochán ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe acu, rud a fhágann gurb é an tríú páirtí is mó ar an gcomhairle sin iad. Tá ceithre shuíochán acu ar Chomhairle Contae Chorcaí, agus iad ar an tríú páirtí is mó ansin freisin.
Tá an páirtí ag díriú go háirithe ar an bhfothoghchán i nGaillimh Thiar. Meastar go bhfuil seans sa rás ag a n-iomaitheoir Noel Thomas.
Iarbhall d’Fhianna Fáil é Thomas, a d’fhág an páirtí i ndiaidh conspóid faoi agóid faoi óstán a raibh sé beartaithe tearmannaithe a chur ann. Mhaígh sé féin nár chóir glacadh le tuilleadh dídeanaithe, toisc, dar leis, go raibh ‘an teach ósta lán’.
Thacaigh sé go láidir leis an agóid bhreosla i nGaillimh, ach mhaígh sé gur ruaigeadh an eite dheis i bhfad amach as an agóid ar na duganna ansin. Tá sé sásta seasamh a ghlacadh in aghaidh polasaí tearmainn, ach tá sé ag iarraidh a chruthú gur gnáthdhuine é agus nach antoisceach ar bhealach ar bith é. An teachtaireacht ná gur féidir vótáil dó, gan glacadh le hantoisceachas.
Spéisiúil go leor, cé nach as an nGaeltacht é is nach bhfuil Gaeilge aige, fuair sé lear mór vótaí i mboscaí na Gaeltachta. Ar ndóigh is ionadaí thar ceann Chonamara Theas é. Seans maith go mbeidh an buntáiste aigesean sa nGaeltacht thar Sheán Kyne, iarrthóir Fhine Gael.
Beidh toradh an fhothoghcháin ina thástáil thábhachtach, mar sin, ar chumas an pháirtí tógáil ar an rath a bhí orthu i dtoghcháin áitiúla chun cur lena dtacaíocht agus ionadaíocht náisiúnta.
Sna pobalbhreitheanna náisiúnta, is minic anois nach mbíonn an oiread difir idir an eite chlé le chéile (SF, DS, LO, PsB is Glasaigh) agus FF/FG/Neamhspleáigh. Bheadh cothromaíocht na cumhachta ag Independent Ireland agus Aontú de réir phobalbhreith an Sunday Independent ag tús na míosa. Thacaigh 46% le páirtithe is neamhspleáigh an rialtais, 42% leis an eite chlé aontaithe agus 12% a bhí ag Independent Ireland agus Aontú le chéile.
Cabhair bheag do chomhoibriú an dá pháirtí bheaga i gcruthú rialtais ná go bhfuil grúpa teicniúil cruthaithe acu sa Dáil a thugann cearta cainte dóibh.
Má threisíonn Independent Ireland a dtacaíocht beidh tionchar láidir acu ar aon rialtas – le socrú le Sinn Féin seachas le Fianna Fáil.
I bhfad na haimsire, braithim go mbeidh cuid mhaith de dhul chun cinn Independent Ireland ag brath ar céard a tharlóidh i bhFianna Fáil, agus ar cén cineál páirtí a bheidh ann i ndiaidh dóibh fáil réidh le Martin.
Ach faoi láthair féin, ina seolta atá an ghaoth.
Fág freagra ar 'Deis do Independent Ireland iad deacrachtaí Fhianna Fáil faoin tuath'