Níl aon seans go n-éireoidh le Trump iachall a chur ar Zelensky crios cosanta na hÚcráine a ghéilleadh

Beidh ar Vladimir Putin glacadh leis luath nó mall nach bhfíorófar a aisling Impireacht na Rúise a athchruthú

Níl aon seans go n-éireoidh le Trump iachall a chur ar Zelensky crios cosanta na hÚcráine a ghéilleadh

Is léir anois go bhfuil teipthe ar straitéis Donald Trump chun deireadh a chur le cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine trí iachall a chur ar an Úcráin a crios cosanta sa Donbas a ghéilleadh don Rúis agus trí shocrú síochána claonta i bhfabhar na Rúise a bhrú ar an Úcráin.

Bhí an straitéis seo bunaithe ar an réamhthuiscint go raibh an cogadh á chailliúint ag an Úcráin agus go raibh sé thar a bheith spleách ar thacaíocht Mheiriceá agus mar sin nach mbeadh aon rogha ag Volodymyr Zelensky ach géilleadh do Trump agus do Putin. Dúirt Trump níos mó ná uair amháin go raibh ‘na cártaí ar fad ag an Rúis’.

An Samhradh seo caite foilsíodh alt sna meáin Ghaeilge inar maíodh go raibh margadh déanta ag Vladimir Putin agus Donald Trump ag a gcruinniú in Alasca chun deireadh a chur leis an gcogadh ar théarmaí a bhí fabhrach don Rúis agus raibh aon rogha ag na hÚcránaigh agus na hEorpaigh ach glacadh leis. Thart ar an am céanna mhaígh aoichainteoir ar chlár ar RTE Raidió na Gaeltachta go raibh an cogadh ‘caillte’ ag an Úcráin.

Ach d’imigh sin agus tháinig seo. Bhí thart ar 20% de thailte na hÚcráine faoi smacht na Rúise aimsir an chruinnithe sin in Alasca an samhradh seo caite agus tar éis ocht mí cogaíochta níl fós ach thart ar 20% de thailte na hÚcráine ag an Rúis. Agus ní hé go raibh an Rúis ag ligean a maidí le sruth. Dar leis an meitheal machnaimh Meiriceánach CSIS tá an Rúis ag cailliúint tuairim is 26,000 saighdiúir in aghaidh na míosa idir bhásanna, ghortuithe agus saighdiúirí ar iarraidh agus iad ag iarraidh briseadh trí línte na hÚcránach.

Tá an Rúis ag baint leas as an ardú ar phraghas na hola mar gheall ar an gcogadh sa mheánoirthear. Ach tá ionsaithe dróin na hÚcráine ar chríochphoirt agus scaglanna ola na Rúise le déanaí ag cur roinnt den bhuntáiste sin ar ceal. Ag amanna bíonn suas le 40% de chumas easpórtála ola na Rúise as feidhm mar gheall ar na hionsaithe, de réir tuairisciú ó Al Jazeera.

Gach lá a leanann an cogadh ar aghaidh tá an dochar fadtéarmach do gheilleagar agus cumhacht na Rúise ag dul i méid. Is féidir glacadh leis go raibh seo á rá ar chúla téarmaí le tamall anuas ag eilít na Rúise ach anois tá cuid acu tosaithe á rá os ard. Ag labhairt dó ag Fóram Eacnamaíochta Mhoscó ar an 7 Aibreán thug eolaí mór le rá as an Rúis, Robert Nigmatulin, foláireamh go bhfuil an Rúis ag ‘dul i dtreo na tubaiste’ agus go bhfuil cliseadh eacnamúil mór ar na bacáin.

Tá blagairí agus tráchtairí Rúiseacha atá ar son an chogaidh tosaithe ag rá os ard nach bhfuil ar chumas na Rúise a n-aidhmeanna a bhaint amach san Úcráin. Dúirt blagaire amháin le déanaí go dtógfadh sé 100 bliain ar an Rúis an chuid eile den Úcráin a ghabháil agus chuir blagaire náisiúnach eile i leith Vladimir Putin go raibh sé ag iarraidh ‘cogaí gan chríoch’ agus go raibh sé ag déanamh dochar don tír. Is náisiúntóirí Rúiseacha iad seo a thacaigh leis an gcogadh roimhe seo.

Níl aon fhadhb acu i bprionsabal le haidhmeanna an chogaidh agus is mór an náire, dar leo, nach bhfuil ar chumas na Rúise iad a bhaint amach. Dúirt Anton Krasovskym craoltóir teilifíse Rúiseach le déanaí gur mian leis i gcónaí go mbeadh Cív mar chuid d’impireacht na Rúise arís ach go gcaillfí an iomraca daoine ag iarraidh an aidhm sin a bhaint amach agus nach bhfuil sé ‘chun tarlú anois’.

Forbairt thábhachtach eile ná go bhfuil an chumhacht a bhí ag Meiriceá chun brú a chur ar an Úcráin ag dul i laghad de réir a chéile. Níl aon airgead caite ag Meiriceá ar chúnamh míleata don Úcráin ó 2024. Laghdaíonn sé seo tionchar Mheiriceá ar an Úcráin. Tá méadú mór tagtha ar tháirgeadh míleata na hÚcráine féin go háirithe i réimse riachtanach na ndrón.

Ní hamháin sin ach tá an Úcráin anois ag easpórtáil a saineolais mhíleata, go háirithe i réimse na ndrón, rud atá ag cruthú comhghuaillíochtaí tábhachtacha nua don tír. Agus níl an fheidhm chéanna ag bagairtí Trump go bhfuil na ‘cártaí ar fad’ ag an Rúis mar gur cruthaíodh le himeacht aimsire go raibh sé mícheart mar gheall air sin. Níl barántas slándála iarchogaidh ó Mheiriceá chomh tábhachtach anois don Úcráin mar níl aon luach céanna ag baint le haon bharántas, geallúint nó conradh ó rialtas Mheiriceá. Ní chreideann éinne gur féidir brath orthu.

Ní hé nach bhfuil na Meiriceánaigh fós an-tábhachtach agus ní bheadh sé ciallmhar ag Zelensky titim amach leo más féidir leis é sin a sheachaint. Ach ní hé plámás a dhéanamh le Trump an chloch is mó ar a phaidrín ag Zelensky a thuilleadh. Agus níl aon seans anois gur féidir le Trump iachall a chur ar Zelensky crios cosanta na hÚcráine sa Donbas a ghéilleadh don Rúis.

I mí Márta 2025 ghlac Volodymyr Zelensky le moladh Mheiriceá faoi shos cogaidh 30 lá ach dhiúltaigh an Rúis dó sin agus is ansin thosaigh Meiriceá ag iarraidh brú a chur ar an Úcráin géilleadh don Rúis. Má tá an cogadh seo le teacht chun deiridh beidh ar na Meiriceánaigh filleadh ar mholadh éigin neamhchlaonta idir an dá thaobh ar nós sos cogaidh ar na línte tosaigh mar atá siad faoi láthair.

Agus beidh ar Vladimir Putin glacadh leis luath nó mall nach bhfíorófar a aisling Impireacht na Rúise a athchruthú. Is i Moscó a rinneadh an cinneadh tús a chur leis an gcogadh seo agus is i Moscó a chaithfear an cinneadh a dhéanamh deireadh a chur leis.

Fág freagra ar 'Níl aon seans go n-éireoidh le Trump iachall a chur ar Zelensky crios cosanta na hÚcráine a ghéilleadh'