Comhaontú Aoine an Chéasta tar éis 28 bliain – aisling nár fíoraíodh in ainneoin bheannacht na síochána

Ba í an aisling a bhí ann go mbeadh pobal rathúil ag teacht le chéile agus ag glacadh go fonnmhar leis an iolrachas. Níltear ach ina tús…

Comhaontú Aoine an Chéasta tar éis 28 bliain – aisling nár fíoraíodh in ainneoin bheannacht na síochána

Cluas éisteachta tugtha ar dhá chomhrá le laethanta beaga anuas.

Bhí ceann acu simplí, fear aosta ag rá lena chompánach gur ghabh sé buíochas gach lá as an tsíocháin, fiú má tá an pholitíocht ina ciseach.

Bhí an ceann eile níos duairce. Bean ag fiafraí dá hathair céard a bhí i gceist aige nuair a dúirt sé gur thug eachtra ar An Lorgain ag tús na seachtaine an iomarca drochlaethanta chun cuimhne. Bhí sise sna luathfhichidí de réir cosúlachta, eisean gar don trí scór.

Is mór an gar é nár thuig an duine a rugadh tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta an tromluí a raibh an fear ag tagairt dó. Chuir beirt fhear, púicíní orthu agus duine acu armtha, iachall ar thiománaí gaireas pléascach a iompar ina charr go dtí stáisiún an PSNI. Fear oibre a bhí ag seachadadh mearbhia ab ea an tiománaí; easaontóirí poblachtánacha ab ea an bheirt a bhagair go marófaí é mura ndéanfadh sé rud orthu.

Thiomáin sé an buama isteach sa stáisiún. Bhí sé in ann rabhadh a thabhairt don fhoireann. D’éalaigh gach duine slán agus cuireadh an gaireas ó mhaith. Bhí an t-ádh ar an tiománaí, ar dhaoine a bhí ar shráideanna an bhaile agus ar na póilíní nár phléasc an buama le linn an aistir ná ag a cheann scríbe. Fágadh an tiománaí suaite agus gan feithicil le haghaidh a chuid oibre – ar íosphá, gan dabht. Níor chás leis na heasaontóirí poblachtánacha a leas siúd.

Ní raibh an t-ádh céanna ar thiománaithe eile sna heachtraí a tugadh chun cuimhne, ionsaithe de chuid an IRA nuair a rinne siad ‘buama daonna’ den tiománaí. Ar an 24 Deireadh Fómhair 1990 tharla trí eachtra ag an am céanna, ceann ar an Iúr inar maraíodh saighdiúr, ceann ar an Ómaigh inar theip ar an mbuama agus an ceann ba mheasa a tharraing drochcháil agus déistin ar an IRA agus déistin leo.

Fad is a bhí a chlann á coinneáil mar ghialla thiomáin cócaire, Patsy Gillespie, pléascán a bhí ceangailte air féin agus ar an suíochán isteach i mbunáit de chuid Arm na Breataine. Maraíodh é féin agus cúigear saighdiúirí. Cothaíodh an scéin fhorleathan faitíos in an-chuid daoine go gcinnfeadh na paraimíleataigh go mba ‘thargaidí dlisteanacha’ iad féin agus go mbeadh cinniúint uafásach i ndán dóibh.

D’éirigh an tIRA as an teaictic ina dhiaidh sin de bharr na raice agus fiú a lucht tacaíochta á gcáineadh as an mbrúidiúlacht as cuimse.

Dúirt eagraíocht na n-íobartach Wave gur bhain an eachtra ar An Lorgain croitheadh as go leor idir ghaolta na dtiománaithe agus a gcomhghleacaithe.

Cé a chreidfeadh go mbainfeadh aon dream leas as an modh barbartha sin in 2026? Deir an tAire Cirt in Stormont, Naomi Long gur dream an-bheag iad na heasaontóirí poblachtánacha ach go bhfuil siad tiomanta don bhforéigean. Is léir, áfach, go dtig le grúpa beag dochar a dhéanamh.Taispeántas le haghaidh na Cásca, is dócha. Ag an am céanna tá paraimíleataigh dhílseacha fós i mbun earcaíochta, ag sracadh airgid ó ghnólachtaí beaga agus ag mangaireacht drugaí.

Níorbh í seo an fhís 28 bliain ó shin nuair a rinneadh Comhaontú Aoine an Chéasta. D’imeodh na paraimíleataigh den stáitse agus bhláthódh athmhuintearas i measc mhuintir an Tuaiscirt. Bhí freasúra ann don Chomhaontú agus an DUP dubh dóite ina aghaidh, mar a bhí eite Jeffrey Donaldson den UUP ( níor bhog sé chuig an DUP go ceann cúig bliana eile) agus miondream a bhí san IRA Sealadach nach raibh aon ghlacadh acu le próiséas na síochána. Bhí na paraimíleataigh dhílseacha go mór i bhfabhar an Chomhaontaithe, ach ní hamhlaidh atá anois.

Tá na heasaontóírí idir phoblachtánaithe agus dílseoirí i bhfad rófhada ar an bhfód agus scéimeanna ag cur airgid amú acu ar fheachtais de chuid an dá rialtais chun iad a chlaochló. Ní chuirfidh peataireacht stop leo. Is mian le cuid de na heasaontóirí poblachtanacha éirí as, a deirtear. Tá sé an-simplí: déanaidis é. Dóibh sin a leanann ar aghaidh leis an bhforéigean agus an choiriúlacht eile, ar an dá thaobh, ta sé in am acmhainní a chur ar fáil do phóilíní chun stop a chur leo.

Is iomaí duine a dhéanann clamhsán nár airigh siad díbhinn na síochána le 28 bliain. I measc liosta fada na ndúshlán nár sáraíodh, níl tada déanta ag Stormont maidir le feachtas nua in aghaidh an bhochtanais. Is scanrúil líon na ndaoine atá ag triall ar bhainc bia agus an baol ann i bhfianaise cúrsaí idirnáisiúnta gur in olcas a ghabhfaidh an scéal.

Ba é athmhuintearas an phobail an díbhinn mhór eile a rabhthas ag dréim leis. Ba í an aisling go mbeadh pobal rathúil ag teacht le chéile agus ag glacadh go fonnmhar leis an iolrachas. Tá aistear fada le déanamh agus gan na bunchéimeanna tugtha go fóill.

Fág freagra ar 'Comhaontú Aoine an Chéasta tar éis 28 bliain – aisling nár fíoraíodh in ainneoin bheannacht na síochána'